Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil Eatramhach an tSainghrúpa Chomhairligh maidir le Mearthástáil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, Tuarascáil Eatramhach an tSainghrúpa Chomhairligh maidir le Mearthástáil (RTEAG) inniu.
Thionóil an tAire Donnelly an Grúpa, faoi chathaoirleacht an Ollaimh Mary Horgan, go luath i mí Iúil chun machnamh iomchuí a dhéanamh ar mhearthástálacha i réimsí atá tábhachtach d’athoscailt shábháilte inbhuanaithe na sochaí.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm tuarascáil eatramhach an EAG ar mhearthástáil a fhoilsiú inniu. Tá mearthástáil in úsáid go forleathan cheana féin ar fud shochaí na hÉireann i réimsí mar shaoráidí cúraim chónaithe fadtéarmacha, monarchana próiseála feola, suíomhanna luath-óige agus sna hearnálacha ardoideachais agus breisoideachais.
“Bhunaigh mé an grúpa seo go luath sa samhradh chun tuilleadh tacaíochta agus deiseanna measúnaithe a sholáthar do Ranna Rialtais ar mian leo úsáid tástála antaiginí a rolladh amach ina n-earnálacha. Is uirlis úsáideach í an tsraith ábhar a foilsíodh leis an tuarascáil inniu d’aon duine ar mian leo mearthástáil a úsáid, lena n-úsáid go pearsanta nó i gclár tástála níos leithne.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Horgan agus le baill uile an ghrúpa as an obair thábhachtach agus úsáideach a dhéanann siad agus táim ag tnúth le leanúint ag obair leo de réir mar a fhorbraíonn freagairt sláinte poiblí na hÉireann don phaindéim."
Dúirt an tOllamh Mary Horgan, Cathaoirleach an tSainghrúpa Chomhairligh maidir le Mearthástáil:
“Is é ról an RTEAG tacú le cur i bhfeidhm Mearthástálacha Braite Antaiginí (RADTanna) mar bheart breise i bhfreagra sláinte poiblí ar an bpaindéim leanúnach.
“Le linn ár gcuid oibre, tháinig trí phríomhthéama chun cinn: cumarsáid le Ranna Rialtais i ndáil lena gcuid riachtanas maidir le húsáid RADT, forbairt uirlisí le haghaidh ullmhacht oibríochta chun tacú le húsáid, agus mearshintéis agus sintéis fíor-ama na fianaise eolaíochta chun úsáid iomchuí tástálacha a threorú. Tugann an tuarascáil eatramhach breac-chuntas ar dhul chun cinn cuimsitheach an Ghrúpa maidir leis na réimsí seo go léir.
"Is réimse é úsáid RADTanna ina bhfuil an fhianaise eolaíoch ag teacht chun cinn go gasta. Dá réir sin, tá sintéis fianaise coimisiúnaithe ag an RTEAG a chuir bonn eolais faoin tuarascáil eatramhach agus a
leanfaidh ag cur lenár n-eolas ar úsáid RADT sna míonna amach romhainn. Leanfaidh an obair seo le bonn eolais a chur faoi obair an ghrúpa agus faoi aon mholtaí a d’fhéadfaimis a dhéanamh amach anseo."
Dúirt an tAire Donnelly:
“D'iarr mé ar Ghrúpa an Ollaimh Horgan imscrúdú breise a dhéanamh ar réimsí breise ina bhfuil sé ciallmhar anois mearthástáil a úsáid, lena n-áirítear aon ionchur a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le tástáil antaiginí a úsáid ag dlúth-theagmhálacha a chuirfear i bhfeidhm go gairid.
“Ailíníonn an cur chuige seo leis an gcomhairle a fuair mé ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí."
Tá an tuarascáil ar fáil anseo