Fógraíonn an tAire Foley comhairliúchán ar an dara céim de Phlean Forfheidhmithe Oideachais STEM 2022-2026
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD próiseas comhairliúcháin forleathan mar chuid d’fhorbairt chéim a dó de Phlean Forfheidhmithe Oideachais STEM faoin Ráiteas ar Pholasaí Oideachais STEM 2017-2026.
Dúirt an tAire Foley:
"Tá sé tábhachtach go mbeadh fíor-dheiseanna ag ár leanaí agus ár ndaoine óga eispéiris STEM ar ardchaighdeán a bheith acu ag aois óg. Tá a fhios againn dá mbeadh a leithéid ar fáil go bhféadfadh tionchar buan a bheith aige seo agus go bhféadfaí bunchloch a leagan dá rannpháirtíocht agus dá rath todhchaí sna réimsí seo. Aithnítear i Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM 2017-2026 gur gá foghlaim STEM a fheabhsú d’fhoghlaimeoirí de gach cúlra, cumas agus inscne, ón oideachas luathbhlianta go dtí an iar-bhunscoil.
"Tarlóidh an próiseas comhairliúcháin seo i bhfoirm suirbhéanna agus fócasghrúpaí, agus tugaim cuireadh do gach duine a bhfuil spéis acu in oideachas STEM ‘do thuairim a léiriú’. Tá sé ríthábhachtach go gcloisfear guthanna ár bpáirtithe leasmhara go léir agus go mbeidh ionchur acu i bhforbairt an phlean fhorfheidhmithe nua. Is iad bhur dtuairimí a mhúnlóidh soláthar agus todhchaí oideachas STEM sna ceithre bliana atá le teacht ó 2022 go 2026”.
Cé go bhfuil paindéim Covid tar éis cur isteach go dtí seo ar ghníomhartha a sheachadadh tá go leor dul chun cinn déanta mar sin féin.
Tá dul chun cinn déanta ag an Roinn Oideachais ar athchóiriú curaclaim STEM-ábhartha le foilsiú na tuarascála Cothromaíocht Inscne i STEM.
Tá sé seo tacaithe ag rannán tiomnaithe STEM ar Scoilnet.ie le breis agus 9,000 acmhainn náisiúnta agus idirnáisiúnta agus Creat Tacaíochta um fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) chun eispéiris foghlama gairmiúla STEM feabhsaithe a chinntiú laistigh d’earnálacha agus ar fud earnálacha agus torthaí foghlaimeoirí feabhsaithe a chinntiú d’fhoghlaimeoirí STEM.
Aithníonn an ráiteas polasaí an tábhacht a bhaineann le hoideachas STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) chun cruthaitheacht a chothú san fhoghlaim ó na luathbhlianta go dtí an iar-bhunscoil agus níos faide ar aghaidh agus an gá atá leis na páirtithe leasmhara go léir oibriú le chéile chun ár bhfoghlaimeoirí a chothú agus a fhorbairt.
Beidh na nithe atá foghlamtha ó chur i bhfeidhm an ráitis pholasaí go dtí seo mar aon le dearcthaí agus tuairimí pháirtithe leasmhara an oideachais mar bhonn eolais don phlean forfheidhmithe.
Chomh maith leis an gcomhairliúchán poiblí seo tarlóidh sraith comhairliúchán oideachais STEM le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear daltaí bunscoile agus iar-bhunscoile, scoileanna, suíomhanna luathbhlianta, institiúidí ardoideachais agus breisoideachais, múinteoirí, cleachtóirí luathbhlianta, tuismitheoirí, gnó agus tionscail, comhpháirtithe oideachais, eagraíochtaí/cumainn STEM ábhartha agus soláthraithe STEM lasmuigh den scoil.
Mar bhonn leis freisin beidh moltaí a bhaineann le Cothromaíocht Inscne i STEM agus STEM agus na hEalaíona arna bhforbairt ag grúpaí comhairleacha Oideachas STEM, mar atá bunaithe ag an Roinn Oideachais chun tacú le cur i bhfeidhm an ráitis pholasaí.
Mar aon leis an bhfaisnéis a bhaileofar tríd an gcomhairliúchán seo, cuirfear san áireamh a mbíonn foghlamtha ó fhorfheidhmiú oideachas STEM i suíomhanna luathbhlianta agus i scoileanna agus breithniú ar pholasaithe agus ar thosaíochtaí rialtais.
Tá fáil ar an suirbhé comhairliúcháin anseo go dtí 26 Eanáir 2022 https://www.gov.ie/en/consultation/a9b09-consultation-on-the-stem-education-implementation-plan-20222026/
Soláthraíonn an Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM na Roinne Oideachais 2017–2026 (https://www.gov.ie/en/policy-information/4d40d5-stem-education-policy/), a foilsíodh i mí na Samhna 2017, fócas náisiúnta ar oideachas STEM inár suíomhanna luathbhlianta agus inár scoileanna agus leagtar amach na spriocanna agus na gníomhartha uaillmhianacha atá de dhíth chun eispéireas agus torthaí oideachais STEM a bhaint amach agus a fheabhsú do gach foghlaimeoir.
Rinneadh an ráiteas beartais seo a fhorbairt mar thoradh ar chomhairliúcháin fhairsing le páirtithe leasmhara, taighde agus bhí an Tuarascáil ar Oideachas STEM i gCóras Scolaíochta na hÉireann mar bhonn leis freisin (https://www.gov.ie/en/policy-information/4d40d5-stem-education-policy/).
Leagtar amach ann turas uaillmhianach go dtí 2026 a bheidh dinimiciúil agus a thiocfaidh chun cinn chun freastal ar na dúshláin todhchaí. Is í an fhís atá aici “taithí oideachais STEM den chaighdeán is airde a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí a chothaíonn an fhiosracht, fiosrúchán, réiteach fadhbanna, cruthaitheacht, iompar eiticiúil, muinín agus diongbháilteacht, in éineacht leis an spreagadh den nuálaíocht chomhoibríoch”.
Thóg an Plean Forfheidhmithe Oideachais STEM 2017-2019 (https://www.gov.ie/en/policy-information/4d40d5-stem-education-policy/) ar an raon athchóirithe agus tionscnamh atá ag tarlú cheana féin i STEM, i réimsí ar nós athchóiriú curaclaim agus measúnaithe, forbairt ghairmiúil múinteoirí, foghlaim dhigiteach a leabú agus dul chun cinn in oideachas tosaigh múinteoirí. Ba é seo an chéad cheann de thrí chéim ar leith sa bhforfhridhmiú idir 2017 and 2026.
Bhí céim a dó den chur i bhfeidhm le tarlú ó 2020 go deireadh 2022, ach rinneadh an fhorbairt a chur siar mar thoradh ar thionchar COVID-19 ar an gcóras oideachais, nuair nach bhféadfaí tabhairt faoin gcomhairliúchán. Tá sé i gceist anois go dtarlóidh cur i bhfeidhm céimeanna a dó agus a trí go comhuaineach ó 2022–2026.
Áirítear mar chuid de na príomhéachtaí go dtí seo:
• An 14 Samhain 2019, seoladh treoirlínte do chruthú comhpháirtíochtaí Gnó/Tionscail-scoile. Tá foireann uirlisí ar líne ag dul leis na treoirlínte seo agus tá cás-staidéir/samplaí de dhea-chleachtas mar chuid de freisin
• Leanann feachtais feasachta STEM i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann lena n-áirítear #IGetPaidToDoThis agus #ThisIsStem
• Tá Creat um Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) forbartha a thacaíonn le dearadh agus soláthar FGL STEM tras-earnála
• Ó 2017, áiríodh tabhairt isteach Eolaíocht Ríomhaireachta don Ardteistiméireacht, mar aon le sonraíochtaí nua don Ealaín, Eolaíocht Talmhaíochta agus Matamaitic Fheidhmeach, mar chuid den athchóiriú curaclaim a bhaineann le STEM. Tá na sonraíochtaí uile don tSraith Shóisearach, lena n-áirítear Matamaitic, Eolaíocht agus Teicneolaíocht, tugtha isteach. Tugadh isteach roinnt gearrchúrsaí ag an tSraith Shóisearach freisin, lena n-áirítear Códú sa tSraith Shóisearach.
• Tugadh isteach Creat um Eolaíocht Ríomhaireachta don Ardteistiméireacht
• Foilsíodh, i Ráithe 4 2020, athbhreithniú litríochta agus measúnú ar idirghabhálacha reatha maidir le rannpháirtíocht na mban i STEM
• Rinneadh tuarascáil agus moltaí a fhorbairt maidir le Cothromaíocht Inscne i STEM
• Forbraíodh acmhainní STEM do Threoir cleachtais Aistear Síolta chun tacú le cleachtais STEM i suíomhanna luathbhlianta
• Tá an Roinn ag obair i gcomhar le FEÉ ar a nglao ar Clár Fionnachtana chun deiseanna a chruthú do rannpháirtíocht agus gafacht bhreise le STEM.
• Oideachas STEM 2020: Tuairisciú ar Chleachtas i gComhthéacsanna Luathfhoghlama agus Cúraim, Bunscoile agus Iar-Bhunscoile, foilsithe ag an gCigireacht.
• Foghlaim Dhigiteach 2020: Tuairisciú ar Chleachtas i gComhthéacsanna Luathfhoghlama agus Cúraim, Bunscoile agus Iar-Bhunscoile, foilsithe ag an gCigireacht.
Na Chéad Chéimeanna Eile
D’fhonn bonn eolais a chur faoin bplean nua Forfheidhmithe 2022-2026, déanfar roinnt comhairliúcháin oideachais STEM chun dearcthaí agus tuairimí na bpríomhpháirtithe leasmhara a bhailiú lena n-áirítear daltaí/scoláirí, scoileanna, suíomhanna luathbhlianta, institiúidí ardoideachais agus breisoideachais, múinteoirí, cleachtóirí luathbhlianta, tuismitheoirí, gnó agus tionscail, comhpháirtithe oideachais, eagraíochtaí/cumainn a bhaineann le STEM agus soláthraithe STEM lasmuigh den scoil.
Tá sé mar chuspóir ag an gcéim chomhairliúcháin seo faisnéis a bhailiú faoin gcur i bhfeidhm go dtí seo agus gníomhartha a aithint faoi gach ceann de na 4 cholún den Ráiteas Polasaí, mar atá leagtha amach thíos.
• Colún 1 Rannpháirtíocht agus rannpháirteachas an fhoghlaimeora a chothú
• Colún 2 Cur le hinniúlacht an mhúinteora agus an chleachtóra luathbhlianta
• Colún 3 Tacaíocht a thabhairt do chleachtas oideachais STEM
• Colún 4 Fianaise a úsáid chun tacú le hoideachas STEM