Fógraíonn an tAire McConalogue tacaíocht le haghaidh feirmeoireacht shóisialta faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D go leanfaidh a Roinn ag maoiniú Feirmeoireacht Shóisialta in Éireann le leithdháileadh timpeall €777,000 tugtha chun síneadh a chur le conarthaí le haghaidh na dtionscadal eiseamláireach feirmeoireacht shóisialta seo agus an Líonra Feirmeoireachta Sóisialta:
• Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma CLG – ag leanacht de bheith ag forbairt an Líonra Feirmeoireachta Sóisialta nó Feirmeoireacht Shóisialta Éireann.
• Down Syndrome Ireland (Craobh Chorcaí) chun deiseanna a thabhairt páirt a ghlacadh i bhfeirm shaintógtha, 'Garraí na mBrionglóidí' le gnéithe gairneoireachta agus cúram ainmhithe mar chuid de a thabharfaidh sochair folláine do rannpháirtithe a mhairfidh tamall fada.
• Páirtíocht Forbartha Chiarraí Theas Teo – chun rannpháirtíocht rannpháirtithe agus na bhfeirmeoirí óstacha a mhéadú chun go mbeidh an deis feirmeoireacht shóisialta ar fáil do níos mó daoine i gCiarraí agus chun rogha a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh feirme.
• IRD Dhúiche Ealla Teo – chun athshlánú, ionchuimsiú sóisialta, traenáil agus caighdeán saoil níos fearr a chur chun cinn i dtimpeallacht neamhchliniciúil ag úsáid talmhaíochta, plandaí agus ainmhithe san áireamh. Chun daoine le fadhbanna meabhairshláinte, daoine le míchumais intleachtúla, míchumais fhisiciúla nó míchumais chéadfach, daoine le huathachas agus iad siúd le míchumais atá faoi cheilt a ghlacadh san áireamh.
• Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma CLG – chun múnlú agus forbairt a dhéanamh ar lánchoimisiúnú agus ar phríomhshruthú tacaíochtaí feirmeoireacht shóisialta trasna réimse earnálacha agus seirbhísí in Éirinn.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá mé sásta leanacht de thacaíocht a thabhairt don tionscnamh seo a chuireann seirbhís thábhachtach ar fáil ar fud an phobail tuaithe le haghaidh grúpaí faoi mhíbhuntáiste atá ag baint tairbhe as tacaíochtaí seirbhíse sláinte. Léirigh rannpháirtíocht i bhfeirmeoireacht shóisialta go bhfuil sochair le baint as mar atá caidreamh pobail níos fearr, féinmheas níos airde agus sláinte agus folláin níos fearr chomh maith le deiseanna chun scileanna nua a fhoghlaim. Chonaic mé féin na sochair agus mé ar chuairt chuig feirm shóisialta i mo chontae dúchais áit ar labhair mé le roinnt rannpháirtithe agus chonaic mé go pearsanta na gníomhaíochtaí a bhí ar bun ag na daoine óga seo.”
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Is é atá i gceist le Feirmeoireacht Shóisialta ná an deis, ar bhonn deonach, a ofráil do dhaoine a bhaineann leas as réimse seirbhísí tacaíochta teiripeacha lae chun páirt a ghlacadh i bhfeirmeoireacht agus gairneoireacht i dtimpeallacht feirmeoireachta. Reáchtáiltear na hoibríochtaí seo i roinnt suíomhanna idir feirmeacha teaghlaigh oibre, tionscnaimh phobail áitiúla go creataí institiúideacha níos mó. Léirigh na soláthraithe seirbhíse ar éirigh leo, go bhfuil an fhís agus an acmhainn acu chun tionscadail shuntasacha eiseamláireacha feirmeoireacht shóisialta a fhorbairt.
Léirigh rannpháirtíocht i bhfeirmeoireacht shóisialta go bhfuil sochair le baint as mar atá caidrimh agus naisc phobail níos fearr, féinmheas agus ábaltacht níos airde, sláinte agus folláin níos fearr chomh maith le deiseanna chun scileanna gairme agus saoil nua a fhorbairt trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí feirmbhunaithe.