Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 17 Samhain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 11 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19. Tharla na básanna go léir a tugadh le fios inniu i Samhain.
Tá 1,995 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Luain, an 16 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 366 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 68,686* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 2pm inniu, tá 272 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 34 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 14 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Táim ag éirí níos buartha i gcónaí nár lean na treochtaí dearfacha a thugamar faoi deara le déanaí.
“Tá méadú tagtha ar mheán gluaisteach 5 lá de chásanna laethúla aníos ó 350 cás, ar an meán, an 11 Samhain go dtí 424 cás inniu.
“Tá dhá sheachtain againn chun leanúint lenár n-iarrachtaí chun tarchur pobail an ghalair seo a laghdú anuas a mhéid agus is féidir. Dá ísle an fhorleithne, is mó solúbthacht a bheith ag an tír chun bearta a laghdú.”
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 16 Samhain 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 16SAM2020) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 03SAM2020 go dtí an 16SAM2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 03SAM2020 go dtí an 16SAM2020) |
Éire | 366 | 121.3 | 5,778 |
Dún na nGall | 34 | 282.0 | 449 |
Luimneach | 44 | 241.7 | 471 |
Ros Comáin | 24 | 167.3 | 108 |
Port Láirge | 17 | 162.7 | 189 |
Lú | 13 | 160.6 | 207 |
An Iarmhí | 12 | 160.0 | 142 |
Uíbh Fhailí | 6 | 143.7 | 112 |
An Mhí | 12 | 128.7 | 251 |
Baile Átha Cliath | 84 | 123.8 | 1,668 |
Ciarraí | 5 | 123.2 | 182 |
Cill Chainnigh | 6 | 181.9 | 118 |
Maigh Eo | 8 | 113.4 | 148 |
An Clár | <5 | 111.9 | 133 |
An Longfort | <5 | 110.1 | 45 |
Muineachán | <5 | 109.1 | 67 |
Tiobraid Árann | 18 | 109.1 | 174 |
Laois | <5 | 103.9 | 88 |
Sligeach | <5 | 91.6 | 60 |
Corcaigh | 34 | 85.7 | 465 |
An Cabhán | <5 | 85.3 | 65 |
Gaillimh | 15 | 84.5 | 218 |
Liatroim | 0 | 84.3 | 27 |
Cill Dara | 8 | 82.7 | 184 |
Ceatharlach | 5 | 82.6 | 47 |
Cill Mhantáin | 5 | 65.3 | 93 |
Loch Garman | <5 | 44.7 | 67 |