Fáilte curtha ag an Aire Ryan agus ag an Aire Naughton roimh Phlean Spreagthaigh Post ar fiú €250 milliún é
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tacóidh pacáiste an lae inniu leo siúd is mó a bhfuil a bpoist i mbaol agus soláthróidh sé deiseanna dóibh siúd ar gá dóibh scileanna a fhoghlaim as an nua nó obair eile a aimsiú. Tacóidh sé freisin le gnónna fanacht oscailte. Caithfidh téarnamh geilleagrach na hÉireann bheith inbhuanaithe, fadmharthana, ní hamháin ó thaobh an gheilleagair de, ach ó thaobh an chomhshaoil agus na haeráide de freisin.
Agus sonraí á bhfógairt aige faoi na buntáistí a bheidh le baint ag an earnáil iompair as an bpacáiste spreagthaigh seo, dúirt an tAire um Ghníomhú ar son na hAeráide, Líonraí Cumarsáide agus Iompar, Éamon Ryan T.D.:
“Tá gealltanas sa Chlár don Rialtas cúrsaí iompair in Éirinn a athrú ó bhonn. Níl ach seachtainí beaga ann ó comhaontaíodh an clár sin agus tá lúcháir orm a rá go bhfuil an gealltanas sin á chomhlíonadh anois le spreagthach mhí Iúil.
"Tá pacáiste iomlán ar fiú beagán le cois €100 milliún é á fhógairt agam anois chun tacú le soghluaisteacht inbhuanaithe. Tá beagnach 80% den phacáiste seo le caitheamh ar thaisteal gníomhach i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon, rud atá an-tábhachtach. Tacóidh an maoiniú méadaithe seo le húdaráis áitiúla ar fud na tíre ina bhfreagairt ar na dúshláin a bhaineann le COVID-19. Tá samplaí iontacha feicthe againn le déanaí de na bearta atá déanta ag údaráis áitiúla chun bailte agus sráidbhailte a fheabhsú trí úsáid sráideanna a athrú ionas go dtugtar tús áite do choisithe, do rothaithe agus d’iompar poiblí. Is mian liom go gcuirfear a leithéid de bhearta i bhfeidhm i gceantair na n-údarás áitiúil uile.
"Beidh seirbhísí nua bus i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana i nDroichead Átha agus tabharfar isteach seirbhísí feabhsaithe sna ceantair seo a leanas: Baile Átha Cliath, an Cabhán, Ceatharlach, Ciarraí, an Clár, Corcaigh, Gaillimh, Laois / Uíbh Fhailí, Luimneach agus Maigh Eo. Tuigim go maith go gcaithfimid iompar poiblí níos fearr a chur ar fáil ar fud na tíre chun daoine a chur ar a gcumas an t-athrú a dhéanamh. Is céim sa treo ceart iad bearta den chineál seo.
"Táimid ag cur €21 milliún sa bhreis ar fáil don líonra iarnród idirchathrach. Caithfear an maoiniú go príomha ar oibreacha feadh na líne idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh agus faoi dheireadh na bliana beidh 50% den líne in ann traenacha a ghlacadh ar luas 160 km san uair. Beimid ag tacú freisin le clár leathnaithe feabhsuithe ar stáisiúin, rud a rachaidh chun sochair do phaisinéirí chomh maith.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Ryan:
“Seo tús, tá súil agam, le clár leanúnach infheistíochta thar shaolré an Rialtais seo. Tá deis an-mhaith againn anois bunathrú, a bhfuil géarghá leis, a chur i bhfeidhm i gcúrsaí iompair na hÉireann, agus táimid ag cur tús leis an athrú sin anois.”
Áirítear leis an bpacáiste spreagthaigh iompair:
Dúirt an tAire Stáit, Hildegarde Naughton T.D.:
“Tacóidh an maoiniú a fógraíodh inniu le bonneagar iompair níos fearr ar fud na tíre.
"Beidh sé tábhachtach an líonra bóithre 100,000 km ar fad atá ann cheana féin in Éirinn a chothabháil d’fhonn a chinntiú go bhfuil líonra éifeachtach againn a thacaíonn le hiompar poiblí, rothaithe, siúlóirí, úsáideoirí carranna agus iompar earraí agus seirbhísí. Cuirfear €10 milliún ar fáil chun ár mbóithre áitiúla agus réigiúnacha a chaomhnú agus a leasú chun iad a chosaint ar éifeachtaí an athraithe ar an aeráid agus ar theagmhais adhaimsire.
"Is tábhachtach a lua go gcruthófar mórán post leis na tionscnaimh seo, go gcuirfear i bhfeidhm i mbliana iad agus go mbeidh tionchar láithreach acu ar gach úsáideoir bóithre i sráidbhailte, bailte agus cathracha ar fud na tíre – coisithe, rothaithe, tiománaithe nó paisinéirí ar iompar poiblí. Molaim go láidir do gach údarás áitiúil tosaíocht a dhéanamh de scéimeanna fóirsteanacha agus maoiniú a lorg ó mo Roinn chomh luath agus is féidir.”
Agus é ag fógairt sonraí an phacáiste spreagthaigh don earnáil fuinnimh, dúirt an tAire Ryan:
“Leagadh síos spriocanna an-uaillmhianacha sa Chlár don Rialtas maidir le líon agus doimhneacht na n-aisfheistithe atá le cur i gcrích faoi 2030. Caithfimid 500,000 teach a aisfheistiú agus 400,000 pumpa teasa a shuiteáil i dtithe atá ann cheana féin sa tréimhse 10 mbliana atá amach romhainn chun astaíochtaí carbóin a laghdú agus áiteanna ina bhfuil daoine ina gcónaí a dhéanamh níos compordaí.
"Tríd an sprioc sin a bhaint amach, beidh deis againn poist a chruthú agus a choinneáil sa gheilleagar nua, glas. Le plean spreagthaigh mhí Iúil, tá gealltanas á dhéanamh buiséad Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann a mhéadú ar €100 milliún in 2021. Díreofar an t-airgead seo ar scéimeanna aisfheistithe pobail a thacaíonn leo siúd atá bocht ó thaobh fuinnimh de agus ar thionscnaimh eile chun tacú le baint amach ár spriocanna aisfheistithe. Beidh an tÚdarás ag fógairt an chéad bhabhta sonraí faoi na scéimeanna nua agus leathnuithe aisfheistithe an mhí seo chugainn. Tríd an mhaoiniú seo a fhógairt anois, táimid ag cur bonn cinnteachta síos don earnáil ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh le cláir oibre faofa, tairiscintí a dhéanamh maidir le scéimeanna nua leathnaithe, gníomhaíochtaí leanúnacha aisfheistithe a chothabháil agus poist a chothabháil agus a chruthú.
"Beidh leibhéal ard infheistíochta in oiliúint agus i bhforbairt scileanna de dhíth sna blianta atá romhainn chun ár spriocanna aisfheistithe a bhaint amach agus an cháilíocht chuí a bhaint amach. Táim sásta go ndéanfaidh mo chomhghleacaí, an tAire Harris, infheistíocht €500,000 i gclár síolmhaoinithe chun cúrsaí scileanna nua agus gníomhachtaithe a fhorbairt a bheidh ar fáil in 2021. Fáiltím roimh an ngealltanas freisin an Plean Gnímh nua Printíseachtaí a thabhairt chun críche roimh dheireadh na bliana. Beidh clár gníomhaíochtaí leagtha amach sa Phlean chun a chinntiú go méadófar earcaíocht phrintíseachta san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Siocair go bhfuil leathnú mór de dhíth maidir lenár gclár náisiúnta aisfheistithe, táim ag tnúth le go mbeifear ag díriú go láidir ar an earnáil seo sa Phlean Gnímh.
"Tá maoiniú €15 mhilliún sa bhreis á chur ar fáil i mbliana chun tús a chur le clár ilbhliana chun 33,000 heicteár de chuid phortaigh Bhord na Móna a athshlánú. Tacóidh an maoiniú breise le haistriú cóir trí phoist a chothabháil i Lár Tíre agus bunsraith a leagan síos chun cruthú post ar bhealach níos substaintiúla agus níos inbhuanaithe a chinntiú amach anseo. Laghdóidh an scéim mhéadaithe athshlánaithe astaíochtaí de gháis cheaptha teasa trí achar na ngnáthóg i mbogaigh a mhéadú go suntasach i bportaigh iartháirgthe. Ísleoidh sé sin astaíochtaí carbóin ar thuairim is 6 thonna CO2 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana, agus san fhadtéarma cruthófar ionsúirí suntasacha carbóin.
"Tá maoiniú €20m sa bhreis á chur ar fáil faoin bPlean Spreagthaigh Post don Scéim Dearbháin Trádála Ar Líne, rud a fhágfaidh go mbeidh beagnach €40 milliún ar fáil in 2020. Tríd an Scéim, tugtar comhairle agus tacaíocht phiara le piara agus deontas suas le €2,500 chun cuidiú le gnónna beaga agus le micreaghnónna a gcumas ríomhthráchtála a fhorbairt. Leis an maoiniú breise, tacófar le 8,000 gnó beag agus micreaghnó sa bhreis a ngnó a chur ar líne.”
Tá an méid seo a leanas san áireamh sa Phacáiste Spreagthaigh don Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil:
CRÍOCH
Maidir le ceisteanna a bhaineann le hIompar, déan teagmháil le:
An Phreasoifig
An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
Lána Líosain
Baile Átha Cliath
D02 TR60
Guthán: +353 1 604 1090 / 604 1093
Ríomhphost: pressoffice@dttas.gov.ie