Cuireann an tAire Míchumais fáilte roimh an ngealltanas chun roghanna tithíochta a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas Faoi Thithíocht do Chách: Plean Tithíochta nua d’Éirinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, T.D., fáilte roimh ghealltanas athnuaite an Rialtais faoi T hithíocht do Chách: Plean Tithíochta Nua d’Éirinn chun feabhas a chur ar roghanna tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh.
Plean é Tithíocht do Chách ar fiú cúpla billiún euro é a chuirfidh feabhas ar chóras tithíochta na hÉireann agus a sholáthróidh níos mó tithe de gach saghas do dhaoine a bhfuil riachtanais tithíochta éagsúla acu.
Dúirt an tAire Rabbitte;
“Aithnítear sa straitéis Tithíocht do Chách go gcaithfidh beartas tithíochta dul i ngleic le riachtanais na mball is leochailí dár sochaí, agus go bhfuil na roghanna srianta atá ar fáil faoi láthair do dhaoine faoi mhíchumas i measc na saincheisteanna is práinní. Cuirim fáilte roimh an ngealltanas a thugtar in Tithíocht do Chách chun tacú lenár mbaill leochaileacha sa tsochaí agus, go háirithe leis an gcaoi go gcaithfear le daoine faoi mhíchumas go cothrom agus go dtacófar leo i dtaobh na roghanna a dhéanann siad maidir le maireachtáil neamhspleách.
“Tá fís ag an Rialtas seo Éire bheoga, ionchuimsitheach agus faoi rath a bheith ann nach bhfágtar aon duine ar lár ann. I gceartlár na físe seo tá a chinntiú go dtacaítear le daoine faoi mhíchumas chun a rogha saoil a mhaireachtáil agus go gcuirtear comhdheiseanna ar fáil dóibh amhlaidh a dhéanamh.”
Faoi Tithíocht do Chách, leagfar síos i bPleananna Gníomhaíochta Soláthair Tithíochta Údaráis Áitiúil conas a sholáthrófar soláthar tithíochta sóisialta tiomnaithe a oireann do riachtanais daoine faoi mhíchumas, a fhreastalóidh ar scála agus méid an riachtanais tithíochta a sainaithníodh do dhaoine faoi mhíchumas agus aird ar thuartha a rinneadh in Athbhreithniú ar Éileamh ar Chúram Sóisialta Míchumais agus Riachtanais Acmhainne go dtí 2032 .
Caithfidh Údaráis Áitiúla breithniú a dhéanamh ar riachtanais daoine faoi mhíchumas sa phróiseas pleanála níos fairsinge freisin. Ina thaobh seo, ceanglaítear go sonrach i gCreat an Mheasúnaithe nua ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta (an MRÉT) go ndéantar breithniú ar riachtanais tithíochta daoine faoi mhíchumas. Is féidir an fhianaise a bhaileofar trí phróiseas an MRÉT um míchumas a úsáid ansin nuair a bhíonn Straitéisí Tithíochta Údaráis Áitiúil á ndéanamh mar chuid de phróiseas an Phlean Forbartha, agus cinnteoidh sin, leis sin, go ndéantar breithniú iomlán sa phróiseas pleanála ar conas soláthar a dhéanamh do riachtanais tithíochta daoine faoi mhíchumas.
Áirítear le gníomhartha breise sa Straitéis athbhreithniú ar an réimse deontais tithíochta atá ar fáil chun cabhrú le freastal ar riachtanais shonracha tithíochta, an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, agus athruithe ábhartha a chur i bhfeidhm; agus Comhairleoirí Teicniúla Tithíochta a Thacaíonn le Daoine faoi Mhíchumas a ainmniú i ngach Údarás Áitiúil san áireamh.
Rinne an tAire Rabbitte trácht breise ar an ngealltanas a dhéantar in Tithíocht do Chách chun freastal ar riachtanais tithíochta daoine faoi mhíchumas:
"Ní foláir dúinn a chinntiú go dtógtar tithíocht phoiblí agus shóisialta agus aird ar phrionsabail dearaidh uilíoch agus go ndéantar breithniú freisin ar mhíchumas i ngach athbhreithniú ar bheartas tithíochta. Cuirim fáilte roimh an ngealltanas chun cistiú caipitil leanúnach a sholáthar do thithíocht do chohóirt leochaileacha ar leith, cosúil le tithíocht do dhaoine faoi mhíchumas, tríd an Scéim Cúnaimh Caipitil agus scéimeanna eile tithíochta sóisialta.
“Tá sé ríthábhachtach go ndéantar soláthar tithíochta a chomhordú le soláthar tacaíochtaí sláinte agus cúraim shóisialta dóibh siúd faoi mhíchumas. Príomhghealltanas in Tithíocht do Chách is ea Straitéis Tithíochta Náisiúnta nua do Dhaoine faoi Mhíchumas (2022-2027) a sholáthar, ina bhfuil réimse gníomhartha ina sonraítear Sonraí comhordú agus ailíniú na tithíochta, na sláinte, agus an phobail. Tá m’oifigigh agus FSS ag oibriú leis an Roinn Tithíochta agus an Ghníomhaireacht Tithíochta maidir leis an Straitéis thábhachtach seo ina leagfar amach treochlár chun freastal ar riachtanais tithíochta daoine a éascú trí úsáid a bhaint as an tacar sonraí a leagtar amach san Athbhreithniú Acmhainne ar Mhíchumas agus ar aon dul le huaillmhianta ‘Tithíocht do Chách’. Táim ag tnúth lena críochnú agus lena fhoilsiú faoi dheireadh na bliana seo."
CRÍOCH