Deimhníonn an tAire McConalogue go bhfuil tús curtha le €46.59m in íocaíochtaí faoin gClár um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin gClár um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil (SCEP).
Dúirt an tAire:
“Fáiltím roimh an íocaíocht de bhreis is €46 milliún le thart ar 15,364 feirmeoir a ghlacann páirt sa Chlár um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil an tseachtain seo. Cuireann na híocaíochtaí seo leis an raon scéimeanna tacaíochta atá ar fáil d’fheirmeoirí mairteola”.
Soláthraíonn SCEP tacaíocht d’fheirmeoirí mairteola chun inbhuanaitheacht chomhshaoil an tréada mairteola náisiúnta a fheabhsú. Seo an chéad bhliain de SCEP mar chuid den CBT agus tógann sé ar na gnóthachain a baineadh amach le blianta beaga anuas tríd an gClár Sonraí Mairteola agus Géanómaíochta (BDGP) agus an Clár Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola (BEEP) trí fheabhas a chur ar fhiúntas géiniteach an tréada Diúil in Éirinn. Le tabhairt isteach an chláir seo, léirítear tiomantas leanúnach an rialtais seo d’earnáil na mairteola do na blianta atá le teacht.”
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
“Tuigim tábhacht na n-íocaíochtaí seo don earnáil mairteola agus mar sin spreagaim rannpháirtithe SCEP chun aon doiciméadú atá fós gan réiteach a chur faoi bhráid na Roinne nó an ICBF a luaithe is féidir ionas gur féidir íocaíochtaí gan íoc a phróiseáil.”
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh go dtógfaidh íocaíochtaí suas le cúig lá chun cuntais feirmeoirí a bhaint amach.
CRÍOCH