Téann an chéad scéim tacaíochta COVID chun tairbhe d’earnáil an cheoil
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., torthaí Scéim Spreagtha Earnáil an Cheoil.
Le ciste de €1.7m, tugadh isteach an spreagadh i mí Mheán Fómhair 2020 chun cabhrú le daoine a oibríonn i dtionscal an cheoil a raibh tionchar mór ag an bpaindéim orthu. Bhí sé ar an gcéad scéim i bpacáiste de bhearta tacaíochta suntasacha a thug an tAire Martin isteach thar an tréimhse inar cuireadh srianta COVID-19 i bhfeidhm.
Agus na torthaí á bhfógairt aici, dúirt an tAire Martin:
“Thug an maoiniú a chuir mo Roinnse ar fáil do Scéim Spreagtha Earnáil an Cheoil tacaíocht d’ealaíontóirí Éireannacha ceol nua a chruthú, a thaifeadadh agus a eisiúint le linn tréimhse an-deacair do na healaíona. Trí thacaíocht faoin scéim seo cuireadh fostaíocht ar fáil do 817 gairmí ó thionscal an cheoil ag tráth a raibh an tionscal ar fad i mbaol. Tréaslaím leo siúd go léir a chruthaigh agus a roinn a gcuid oibre, agus táim sásta gur chothaigh an scéim seo agus scéimeanna tacaíochta eile a ngairmeacha beatha nuair nach raibh an léiriú beo indéanta”.
Thacaigh an Scéim seo, a dearadh chun comhscríobh amhrán, taifeadadh ceoil agus eisiúint albam a éascú, le 318 ealaíontóir ar an iomlán.
Mar thoradh ar 77 dámhachtain campa amhránaíochta cláraíodh 283 ceoltóir agus 280 amhrán nua le hEagraíocht Cearta Ceoil na hÉireann le healaíontóirí scaipthe ar fud 23 contae.
Ina theannta sin, thacaigh an scéim le 226 gairmí ó thionscal an cheoil a bhain úsáid as 60 stiúideo, agus fostaíodh 58 innealtóir agus 56 léiritheoir.
Leithdháileadh €900,000 agus tacaíodh le 185 ealaíontóir éagsúil faoin snáithe taifeadta den Scéim, rud a d’fhág gur taifeadadh meascán de shinglí, ceirníní leathfhada agus albaim, a chlúdaigh raon leathan seánraí ceoil lena n-áirítear rac-cheol, punc, ceol traidisiúnta, ceol tíre agus ceol clasaiceach. Chruthaigh na healaíontóirí sin fostaíocht do 694 ceoltóir agus 713 gairmí sa tionscal ceoil, a bhain úsáid as 149 stiúideo agus a d’oibrigh le 259 gairmí meascaithe agus máistreachta.
Tacaíodh le thart ar 56 ealaíontóir chun albam a eisiúint a chlúdaigh 12 seánra ceoil, lena n-áirítear ceol hip-hop, ceol leictreonach, snagcheol, ceol indie agus popcheol, rud a thug fostaíocht do 104 gairmí sa tionscal ceoil a d’oibrigh in 26 stiúideo agus ar oibrigh 22 grianghrafadóir leo. Comhshaothair neamhghnácha den chéad scoth a bhí ar an albam díolama téama ocht rian Ergodos, “In The Echo”.
Choimeád agus léirigh Ross Turner é agus rinneadh é a thaifeadadh in áiteanna éagsúla sa Cheoláras Náisiúnta le ceoltóirí Éireannacha thar raon leathan de thraidisiúin cheoil.
I measc buaicphointí na scéime bhí ainmniúchán Ye Vagabonds, John Francis Flynn agus Lorcan Mac Mathuna don Traic Cheol Tíre Traidisiúnta is Fearr ag Gradaim Cheol Tíre 2021.
Ainmníodh triúr acu siúd ar tugadh tacaíocht dóibh albam a eisiúint – Saint Sister, Kojaque agus Elaine Mai – don Choice Music Prize in 2022. Bhuaigh Denise Chaila, a d’eisigh a halbam “Go Bravely” i mí Dheireadh Fómhair 2020, Gradam Music Moves Europe ní ba luaithe i mbliana.
Rinne First Music Contact, an comhlacht acmhainní d’earnáil an cheoil mhóréilimh in Éirinn, an Scéim seo a riar thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt, Gaeltachta agus Meán. Beidh oidhreacht láidir na scéime sna taifeadtaí a rinneadh agus a eisíodh agus na hamhráin nua a scríobhadh agus tá éisteoirí ag baint taitneamh astu cheana féin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.