Meabhraíonn an tAire Butler do dhaoine ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte a meabhairshláinte a chosaint agus cabhair a lorg más gá
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanann an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, ceiliúradh inniu ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte 2022
Agus béim á leagan aici ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte, dúirt an tAire Butler: >“Is í an phríomhtheachtaireacht ba mhaith liom a chur in iúl inniu ná meabhrú do dhaoine, is cuma cén aois iad, a bheith feasach ar an tábhacht a bhaineann le do mheabhairshláinte a chosaint. Tá tacaíochtaí ann má tá gá leo.
“Má tá deacrachtaí meabhairshláinte ag duine ar bith maidir le himní, dúlagar, smaointe féinmharaithe nó eile, áitím orthu cabhair a lorg gan mhoill. Tá raon leathan tacaíochtaí meabhairshláinte ar fáil in Éirinn, tríd an FSS nó tríd an iliomad gníomhaireachtaí a sholáthraíonn cúram ar ardchaighdeán ar a son.''
Is é an bealach is fearr chun a fháil amach cad iad na tacaíochtaí is fearr a d'oirfeadh
do dhuine aonair ná trína ndochtúir teaghlaigh, nó trí chomharthaíocht eolais ar nós:
In ainneoin dúshláin leanúnacha maidir le seachadadh seirbhíse amhail srianta a bhaineann le COVID-19 nó saincheisteanna earcaíochta foirne san earnáil sláinte, tá dul chun cinn maith déanta i mbliana chun cúram meabhairshláinte a fheabhsú. Áirítear leis seo tionscnaimh agus maoiniú nua thar réimsí amhail Meabhairshláinte Imbhreithe, Neamhoird Itheacháin, Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (ADHD), Luath-Idirghabháil i Síocóis, tacaíochtaí maidir le comhlíonadh an Choimisiúin Meabhairshláinte ag ionaid cheadaithe, agus leathnú céimneach teicneolaíochtaí digiteacha chun cur le cúram traidisiúnta.
Ag machnamh di ar thiomantas láidir an Rialtais do Mheabhairshláinte, dúirt an tAire Butler:
“Tá an leithdháileadh iomlán do sheirbhísí meabhairshláinte in 2023 os cionn €1.2 billiún, an buiséad is mó riamh. Déanann an infheistíocht shuntasach seo foráil do chur i bhfeidhm leanúnach beart faoin Comhfhís, Ceangail ar Feadh an tSaoil agus Sláintecare. Is ionann é agus an Buiséad Meabhairshláinte is mó i stair an Stáit, agus é ag méadú bliain i ndiaidh bliana don tríú bliain as a chéile.”
Tá tuilleadh plé mionsonraithe ar siúl anois idir an Roinn Sláinte agus FSS chun an gealltanas seo agus gealltanais níos leithne Bhuiséad 2023 a chur chun cinn i gcomhthéacs Phlean Seirbhíse FSS 2023 a ullmhú.