Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys: Tá Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ar fáil do dhaoine atá diagnóisithe le Covid-19 nó a ndeirtear leo féin-aonrú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, ag meabhrú do dhaoine go bhfuil an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe (EIB) – atá íoctha ag ráta €350 – ar fáil do dhuine ar bith a dhiagnóisítear le Covid-19 a deirtear leis/léi féin-aonrú.
Dúirt an tAire Humphreys inniu go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfanann aon duine a dhiagnóisítear le Covid-19, nó atá ainmnithe mar dhlúth-theagmhálaí, sa bhaile agus nach dtéann sé/sí chomh fada leis an áit oibre.
Le seachtain anuas, tá iarratas déanta ag 3,501 duine ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe. Tá iarratas déanta ag 8,237 duine ar fad ar an Sochar anois.
Bhí costas iomlán na n-íocaíochtaí a eisíodh faoi Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime an tseachtain seo cothrom le níos mó ná €9 Billiún. An tseachtain seo, d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla chuig 57,603 duine a bhfuil PUP á fháil acu, arb ionann é agus méadú 2,267 i gcomparáid leis an tseachtain seo caite.
Tagann na figiúirí seo sa bhreis ar an 164,626 duine a bhí ar an mBeochlár ag deireadh mhí na Samhna.
Le déanaí, d’fhógair an tAire Humphreys go bhfuil cead ag iontrálaithe a chailleann a bpost mar gheall ar na srianta reatha iarratas a dhéanamh ar an PUP.
Tá an ráta PUP nasctha leis an ioncam a bhí ag an duine roimhe seo.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys inniu:
“Tuigim go mbeidh dúshláin go leor le sárú ag daoine arís an Nollaig seo – go háirithe daoine a chaill a bpoist mar gheall ar Covid-19.
“Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar oibrithe sa gheilleagar oíche agus fáilteachais, mar aon leo siúd atá ag obair sa tionscal siamsaíochta a raibh tionchar suntasach ag an bpaindéim orthu.
“Sin an chúis ar mheas mé gur bhain tábhacht le hÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a athoscailt, ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag tacú leis na hoibrithe sin a bhí ag fulaingt de dheasca na paindéime.
“Chomh maith leis sin, is mian liom teachtaireacht láidir a roinnt maidir leis an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe inniu.
“Mar thoradh ar athruithe atá fógartha agam inniu, beidh an tacaíocht seo á híoc ón gCéad Lá a mbeidh duine éigin breoite nó ón gcéad lá a mbeidh ar dhuine féin-aonrú mar gheall ar Covid-19.
“Molaim do dhaoine, a fhaigheann toradh dearfach tástála féin-aonrú, iarratas a dhéanamh trí MyWelfare.ie agus go gcuirfear an tacaíocht seo ar fáil dóibh.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys chomh maith:
“Sháraigh luach iomlán na n-íocaíochtaí a eisíodh faoi Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime an tseachtain seo €9 Billiún. Níor cuireadh tacaíocht mar atá curtha ar fáil faoi PUP ar fáil riamh roimhe seo i stair an Stáit. B’éigean dúinn é seo a dhéanamh agus tá sé fós riachtanach é seo a dhéanamh chun tacú lenár saoránaigh.
“Is féidir le hoibrithe a raibh tionchar ag na srianta orthu iarratas a dhéanamh ar PUP, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe, agus is é an bealach is tapa agus is éasca iarratas a dhéanamh ar MyWelfare.ie.”
Ó Dé Máirt, an 7 Nollaig, tá PUP athoscailte le haghaidh oibrithe a raibh tionchar ag na srianta agus bearta is déanaí orthu a raibh sé mar aidhm leo moill a chur ar scaipeadh an Choróinvíris.
Tá cúig ráta sheachtainiúla PUP iníoctha le haghaidh oibrithe a gcailleann a bpost mar thoradh ar na srianta is déanaí ón 7 Nollaig. Braitheann an ráta íocaíochta ar thuilleamh seachtainiúil an duine, eadhon €350, €300, €250, €203 agus €150.
Ar mhaithe le PUP a athlíniú le EWSS agus chun léargas níos fearr a thabhairt ar thuilleamh oibrithe páirtaimseartha, beidh ráta nua de €150 iníoctha leo siúd a thuill níos lú ná €151.50 sa tseachtain roimhe seo.
Tá úsáid á baint ag an Roinn Coimirce Sóisialaí as sonraí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun stádas fostaíochta agus tuilleamh a fhíorú le haghaidh gach iarratas.
Ainneoin gur cheart d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne, d’fhéadfaí go gceanglófaí orthu, mar a tharlaíonn i ndáil le híocaíochtaí oibre eile, dul chomh fada le hIonad Intreo chun fianaise maidir lena stádas fostaíochta a sholáthar.
Cinnteoidh an Roinn go n-íocfar daoine a gcailleann a bpost idir an Aoine, an 17 Nollaig agus an 23 Nollaig, agus atá incháilithe le haghaidh íocaíocht PUP, an tseachtain seo chugainn agus go n-íocfar daoine a gcailleann a bpost idir an 24 Nollaig agus an 30 Nollaig, agus atá incháilithe le haghaidh íocaíochta, ar an Máirt, an 4 Eanáir 2022, i dteannta le faighteoirí PUP eile.
Moltar d’fhostaithe nó do dhaoine féinfhostaithe a tholgann an víreas nó a bhfuil teastas dochtúra faighte acu óna ndochtúir féin-aonrú, iarratas a dhéanamh ar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe. Éagsúil leis an Sochar Breoiteachta caighdeánach, íoctar an Sochar Breoiteachta Feabhsaithe ón gcéad lá den tinneas. Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Feabhsaithe trí www.MyWelfare.ie. .
Inniu, tá Sochar Breoiteachta Feabhsaithe á fháil ag 8,237 duine. Is ionann é seo agus méadú 3,501 i gcomparáid leis an lá seo an tseachtain seo caite, nuair a bhí an figiúr cothrom le 4,736. Athraíonn staitisticí EIB go laethúil.
Tá na táblaí is déanaí a bhaineann le PUP agus EIB le fáil sna hAguisíní thíos.
CRÍOCH