Cúnamh deontais €4m do 274 thionscadal pobail le cósta fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sonraí na ndeontas EMFF ar fiú €4 milliún iad agus a dhámhann 7 nGrúpa Áitiúil Gníomhaíochta Iascaigh (FLAG) ar 274 tionscadal le cósta agus a thacóidh le hinfheistíocht iomlán €6.4 milliún fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Dála Michael Creed inniu. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann có-mhaoiniú ar na deontais faoi Chlár Oibríochta an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh don earnáil bia mara.
Ag fógairt na ndeontas, dúirt an tAire Creed:
"Cuireann na seacht réigiún FLAG in Éirinn foinse infheistíochta den scoth ar fáil do thionscadail áitiúla bia mara agus muirí i measc ár bpobal cois cósta. Bhain níos mó ná 800 tionscadal i seacht réigiún cois cósta tairbhe as maoiniú EMFF ó seoladh an scéim reatha FLAG in 2017. Leantar de thionchar dearfach a imirt ar phobail cois cósta in Éirinn mar gheall ar an scéim. Léirítear tríd an líon ard tionscadal ar éirigh leo i mbliana agus a fuair maoiniú, ardchaighdeán na dtionscadal sin agus an obair chrua atá curtha isteach ag pobail áitiúla trí na seacht mBord FLAG."
Rinneadh beagnach 400 iarratas ar na 7 FLAG i mbliana. Rinne Boird aonair FLAG athbhreithniú ar na hiarratais ar fad a rinneadh i ngach ceann de na seacht réigiún FLAG ar fud na hÉireann. Is oibrithe deonacha ó na pobail áitiúla atá ar na Boird FLAG. Ní mór tionscadail a bheith in ann nasc soiléir a léiriú le hathnuachan pobal le cósta, fiontar, nuálaíocht, cruthú poist agus feabhsú scileanna ar fud na dtionscadal iascaireachta, dobharshaothraithe agus muirí.
Tá sonraí na scéime FLAG agus conas iarratas a dhéanamh uirthi le fáil ag www.bim.ie/schemes.
CRÍOCH
Seoladh Clár Oibríochta EMFF i mí Eanáir 2016. Cuirtear maoiniú €240m ar fáil faoin gClár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. An Státchiste agus an tAontas Eorpach a mhaoiníonn an Clár eatarthu.
Is straitéis forbartha do phobail le cósta í FLAG, an Bhuíon Gníomhaíochta Limistéir Áitiúil Iascaigh (2014 – 2020) a bhfuil ciste €12 milliún ar fáil le dáileadh ar 7 bpobal ainmnithe le cósta na hÉireann. Is iad na 7 réigiún FLAG - Deisceart, (Corcaigh), Iardheisceart (Ciarraí, Luimneach), Oirdheisceart (Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin), Iarthar (Gaillimh, An Clár), Iarthuaisceart (Maigh Eo, Sligeach, Liatroim), Tuaisceart (Dún na nGall) agus Oirthuaisceart (Baile Átha Cliath, Lú, An Mhí).
Cuidíonn Bord Iascaigh Mhara (BIM), an Ghníomhaireacht Forbartha Bia Mara, le grúpaí FLAG an scéim seo a sheachadadh trí thacaíocht a riaradh trí dheontais i gcabhair, oiliúint agus éascú i measc an phobail. Tá comhordaitheoirí FLAG ar fáil i ngach réigiún.
Seo a leanas mar a dámhadh na deontais:
The grant awards were as follows:
FLAG | Líon na dtionscadal | Infheistíocht Iomlán | Deontais a Dámhadh |
Oirthuaisceart | 36 | €1,652,695 | €973,221 |
Iarthuaisceart | 42 | €589,471 | €336,024 |
Deisceart | 29 | €551,236 | €337,270 |
Oirdheisceart | 41 | €1,178,540 | €757,817 |
Iardheisceart | 17 | €238,597 | €183,216 |
Iarthar | 62 | €1,306,294 | €808,764 |
Tuaisceart | 47 | €852,891 | €581,412 |
IOMLÁN | 274 | €6,369,723 | €3,977,723 |