Fógraíonn an tAire Sláinte Cathaoirleach an Fhiosrúcháin Neamhreachtúil ar cheadúnú stairiúil agus úsáid valpróáit sóidiam i measc grúpaí áirithe ban
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly go bhfuil Bríd O'Flaherty BL ceaptha ina Cathaoirleach ar an bhFiosrúchán maidir le ceadúnú agus úsáid stairiúil valpróáit sóidiam i measc na mban ag aois na torthúlachta sa Stát.
Cé gur cóireáil éifeachtach agus riachtanach í valpróáit sóidiam do roinnt othar, is féidir le cógais le valpróáit iontu fabhtanna breithe, neamhoird néarafhorbartha agus uathachas a chruthú i leanaí a dtógann a máithreacha cógais den sórt sin le linn toirchis.
Sonróidh an fiosrúchán neamhreachtúil an éabhlóid rialála de valpróáit sóidiam in Éirinn, na cleachtais agus na rialuithe a bhaineann le forordú agus dáileadh, agus amlíne na bhforbairtí maidir le faisnéis, go háirithe faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an druga ar fhorbairt an fhéatais.
Bunaíodh an fiosrúchán seo chun guth a thabhairt do dhaoine ar diagnóisíodh neamhord valpróáit sóidiam féatais (FVSD) orthu agus déanfaidh sé measúnú ar chaighdeán na seirbhísí agus na dtacaíochtaí atá ar fáil faoi láthair d'othair agus dá gcúramóirí. Breathnóidh an fiosrúchán freisin ar chumas na seirbhíse sláinte aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sábháilteachta a bhaineann le húsáid valpróáit sóidiam i ngrúpaí áirithe ban agus déanfaidh sé moltaí faoi de réir mar is gá.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Is céim shuntasach í an lá inniu dóibh siúd a labhair amach le blianta mar ghuth dá ndaoine muinteartha, dóibh siúd nach féidir leo a nguthanna féin a úsáid mar thoradh ar FVSD.
“Bhí sé de phribhléid agam inniu fáilte a chur roimh abhcóidí, othair agus a dteaghlaigh chuig an Roinn Sláinte agus ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leo as a n-iarrachtaí gan staonadh chun a chinntiú go bhfoghlaimítear ceachtanna óna dtaithí saoil, ar mhaithe le hothair agus leis na glúnta atá le teacht.
"Tá an-áthas orm a bheith in ann an gealltanas a thug mé dóibh a chomhlíonadh nuair a bhuaileamar le chéile den chéad uair, ag tosú le ceapadh an chathaoirligh den fhiosrúchán.
"Tá a fhios agam go mbeidh Brid O'Flaherty i gceannas ar phróiseas neamhspleách cothrom a dhéanfaidh dianscrúdú ar úsáid valpróáit sóidiam in Éirinn, a thabharfaidh eolas agus léargais luachmhara dúinn chun bonn eolais a chur faoinár gcéad chéimeanna eile, agus chun othair agus teaghlaigh a chur i gcroílár a machnaimh."
Chuir an tAire Donnelly leis sin, ag rá:
“Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur cógas éifeachtach é valpróáit sóidiam agus go leanann sé de bheith ina chuid riachtanach den phlean cóireála d’othair áirithe. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach nach ndéanfaidh daoine atá ag glacadh valpróáit sóidiam faoi láthair athruithe ar a gcóireáil gan a n-imní a phlé ar dtús lena ndochtúir féin."
Nuair a bhunófar an fiosrúchán, fógróidh an Cathaoirleach conas is féidir le daoine páirt a ghlacadh, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin le bealaí teagmhála soiléire.
Is é cuspóir an fhiosrúcháin seo:
Abhcóide agus Idirghabhálaí cáilithe, tá saineolas suntasach maidir le faillí leighis ag Bríd agus is abhcóide ildánach í i réitigh díospóidí agus idirghabháil thar raon leathan cleachtas, a bhfuil saineolas láidir taighde agus anailíse aici a bhaineann le saincheisteanna casta dlí. Le linn a gairme, d'oibrigh sí le grúpaí imeallaithe agus leochaileacha agus le daoine faoi mhíchumas.