Is é an tAire Roderic O'Gorman TD a bhí mar cheannaire ar thoscaireacht an Stáit agus in éineacht leis bhí oifigigh sinsearacha ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, ón Roinn Sláinte, ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón Roinn Dlí agus Cirt, ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is é an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige a bhí ag comhordú athbhreithniú an Stáit maraon le Tuarascáil Náisiúnta an Stáit ATU agus iad iarrtha trí Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (rún 16/21). Seoladh an tríú Tuarascáil Náisiúnta chuig Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine i Mí Lúnasa 2021.