Fógraíonn an tAire McConalogue go bhfuil “Salann Mara Acla” á chlárú ag an AE mar Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu, gur éirigh leis an iarratas ar Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (STC) le haghaidh “Salann Mara Acla”. Inniu, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, foilsíodh Rialachán an Choimisiúin Eorpaigh ina dtugtar comhairle maidir le clárú “Salann Mara Acla” mar Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an bhfichiú lá i ndiaidh lá a fhoilsithe.
Is éard is “Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint” (STC) ann ná ainm a shainaithníonn táirge:
(a) a thagann as áit, réigiún nó, i gcásanna eisceachtúla, tír ar leith; (b) a bhfuil a cháilíocht nó a shaintréithe, go bunúsach nó go heisiach, mar gheall ar thimpeallacht gheografach ar leith a bhfuil fachtóirí dúchasacha nádúrtha agus daonna aici; agus (c) go dtarlaíonn na céimeanna táirgthe go léir sa limistéar geografach sainithe. Agus stádas STC bainte amach acu, féadfaidh táirgeoirí “Salann Mara Acla” lógó an STC a úsáid ar a gcuid táirgí.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá lúcháir orm a fhógairt gur éirigh le Salann Mara Acla ina iarratas ar stádas STC, rud a chuireann go mór le cáil na hÉireann ó thaobh táirgí bia den scoth de. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an iarratasóir, Salann Mara Acla, as an éacht iontach seo. Tugann stádas PDO aitheantas do cháilíocht eisceachtúil agus do shaintréithe uathúla an tsalainn mara seo a bhaintear de láimh ó na huiscí timpeall ar Oileán Acla agus léiríonn sé dúthracht ár dtáirgeoirí áitiúla.”
Threoraigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, mar an tÚdarás Inniúil um Thásca Geografacha, an t-iarratasóir tríd an bpróiseas iarratais. I ndiaidh don Nós Imeachta Freasúra Náisiúnta in 2020, cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena ghrinnscrúdú agus ina dhiaidh sin críochnaíodh nós imeachta freasúra na mBallstát/an Tríú Tír gan cur i gcoinne.
CRÍOCH
Is cineál ceart maoine intleachtúla iad Tásca Geografacha, a chosnaíonn ainmneacha táirgí bia a bhfuil nasc acu le dúiche nó le modh táirgthe ar leith. Téann scéim Tásc Geografach an AE chun leasa na dtáirgeoirí mar go dtugtar cosaint d'ainmneacha táirgí talmhaíochta sonracha a bhfuil saintréithe breisluacha ar leith acu a bhaineann lena dtionscnamh geografach. Cuireann an t-aitheantas TG ar chumas tomhaltóirí muinín a bheith acu as táirgí ardchaighdeáin agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu agus ag an am céanna cabhraíonn sé le táirgeoirí margaíocht a dhéanamh ar a dtáirgí.
Is é an t-idirdhealú idir Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint agus Tásc Geografach faoi Chosaint ná:
Is éard is “Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint” (STC) ann ná ainm a shainaithníonn táirge:
(a) a thagann as áit, réigiún nó, i gcásanna eisceachtúla, tír ar leith; (b) a bhfuil a cháilíocht nó a shaintréithe, go bunúsach nó go heisiach, mar gheall ar thimpeallacht gheografach ar leith a bhfuil fachtóirí dúchasacha nádúrtha agus daonna aici; agus (c) go dtarlaíonn na céimeanna táirgthe go léir sa limistéar geografach sainithe.
“Is éard is Tásc Geografach faoi Chosaint” (TGC) ann ná ainm a shainaithníonn táirge: (a) a thagann as áit, réigiún nó tír ar leith; (b) a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréithe eile ar leith inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus (c) go dtarlaíonn ar a laghad ceann amháin de na céimeanna táirgthe sa limistéar geografach sainithe.
Tá ocht n-ainm cláraithe ar tháirgí bia ATC /TGC ag Éirinn -Bradán Oileán Chliara (TGC), Regato Ó Mic Coille (ATC), Putóg Dhonn Thigh Molaige (TGC), Uaineoil Chnoic Chonamara (TGC), Blaa Phort Láirge (TGC), Salann Sáile Oirialla (ATC), Mianraí Farraige Oirialla (ATC) agus Putóg Dhubh na Snadhma (TGC).
Tá stádas TG ag trí ainm deochanna biotáille, Uisce Beatha na hÉireann, Uachtar Licéir Éireannaigh agus Poitín na hÉireann.