An tAire Eamon Ryan ceaptha chuig ról tábhachtach ag Uachtaránacht na hAsarbaiseáine ar Chomhdháil na bPáirtithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinneadh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, a cheapadh go hoifigiúil chuig ról tábhachtach ag COP (Comhdháil na bPáirtithe) 29 a bheidh ar siúl san Asarbaiseáin i mí na Samhna, áit a n-oibreoidh sé lena mhacasamhail ó Chósta Ríce mar chuid de ‘Phéire Aireachta’.
Is é seo an chéad uair riamh a roghnaíodh Aire Éireannach chun dul i mbun ról sinsearach Uachtaránachta ag Comhdháil na bPáirtithe. Stiúrfaidh sé an idirbheartaíocht ar an oiriúnú don athrú aeráide i gcomhar le Franz Tattenbach, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh Chósta Ríce. Beidh COP 29 ar siúl in Baku i mbliana idir an 11 agus an 22 Samhain.
Shainaithin Uachtaránacht COP 29 an t-oiriúnú don athrú aeráide agus maoiniú don oiriúnú mar "thosaíocht thábhachtach" don chomhdháil dhomhanda aeráide i mbliana. Is saincheist phráinneach é sin, a phléann leis na gníomhartha agus an maoiniú is gá chun athléimneacht a chothú agus chun daoine, slite beatha agus éiceachórais a chosaint ar thionchair an athraithe aeráide. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, mar shampla, bearta cosanta tuile a fhorbairt in aghaidh an ardaithe ar an taoide, bóithre agus bonneagar a thógáil atá athléimneach in aghaidh patrúin adhaimsire, nó tabhairt faoi chur cliste ar mhaithe le taise farasbairr a ionsú i ndálaí tuile nó ar mhaithe le scáth a sholáthar i limistéir atá neamhchosanta ar rótheas. Chonaic an domhan patrúin aimsire gan fasach arís eile i mbliana, agus an ceann is déanaí díobh ag titim amach in Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Dúirt an tAire Ryan:
"Táim ag tnúth le dul i mbun an róil seo, agus tuigim an fhreagracht a bhaineann leis maidir le cabhrú le teacht ar chomhaontú i measc beagnach 200 tír ar an leibhéal domhanda ar na saincheisteanna is práinní atá romhainn go léir. Deirtear gurb é atá i gceist leis an oiriúnú don athrú aeráide an ghníomhaíocht is féidir linn a dhéanamh chun beathaí a shábháil inniu. Ní hé amháin go laghdaíonn sé ár n-astaíochtaí carbóin, ach cosnóidh sé daoine sa todhchaí, go háirithe nuair a chuirimid réitigh dhúlrabhunaithe i bhfeidhm i leith tionchair aeráide. Tá an t-oiriúnú don athrú aeráide ríthábhachtach dúinne in Éirinn, d’fheirmeoirí, don dóigh a dtógfaimid bonneagar agus don dóigh a mairfimid. Is saincheist an-ghéar é i dtíortha atá i mbéal forbartha, áfach. Ina lán cásanna, is iad sin na tíortha agus na stáit is mó atá thíos leis an athrú aeráide cheana féin agus nach bhfuil an cumas is gá acu chun freagairt don mhéid sin.
"Iarradh orm dul i mbun an róil seo mar gheall go páirteach ar an taithí atá agam mar idirbheartaí ag an dá Chomhdháil roimhe ach mar gheall go príomha ar shárobair ár státseirbhíseach agus ar an gcáil atá ar Éirinn i réimse na forbartha agus na taidhleoireachta thar lear. Is gnách go mbíonn ceangal an-láidir againn le stáit oileánacha bheaga agus le tíortha atá i mbéal forbartha, agus tá oidhreacht láidir againn, agus tá cáil láidir orainn, i réimse an oiriúnaithe, go háirithe tríd an obair a dhéanaimid thar lear agus tríd an gcistiú a sholáthraímid."
Trí phéireálacha Aireachta, oibríonn Aire ó thír fhorbartha i gcomhar le hAire ó thír atá i mbéal forbartha mar chuid de mhórfhoireann Uachtaránachta Chomhdháil na bPáirtithe chun idirbheartú le tíortha agus bloic amhail na Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha nó an tAontas Eorpach chun cabhrú le teacht ar chomhaontú ar théacs deiridh na Comhdhála. Cuirtear de chúram ar na péireálacha sin tuiscint níos doimhne a ghnóthú ar sheasamh na mbloc sin ar thosaíochtaí agus dearcthaí reatha agus ansin sainaithint a dhéanamh ar na deiseanna agus na bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann chun cabhrú le dul chun cinn a éascú ar gach saincheist thábhachtach. Áirítear le foireann Uachtaránachta na Comhdhála an "Triúracht", a chuimsíonn Uachtaránachtaí an ama atá thart, an ama atá i láthair agus an ama atá le teacht, chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn ar bhonn leanúntais.
Rinne Uachtaránacht na hAsarbaiseáine ar an gComhdháil an fhógairt go hoifigiúil le linn an tseisiúin réamh-Chomhdhála atá ar siúl in Baku an tseachtain seo, áit a dtosóidh na péirí ag géarú ar chaidreamh polaitiúil i ndáiríre roimh COP 29. Deimhníodh freisin na péireálacha Aireachta le haghaidh Maolú ar an Athrú Aeráide (an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun go mbeidh aon seans ann téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C) agus le haghaidh Airteagal 6 (an dóigh ar féidir le tíortha comhar deonach a shaothrú ar mhaithe lena spriocanna aeráide a bhaint amach), ar saincheisteanna gaolmhara iad. Fógraíodh na péireálacha Aireachta le haghaidh Maoiniú don Aeráid agus le haghaidh Trédhearcachta roimhe sin.
CRÍOCH
Is é Rialtas na hAsarbaiseáine a óstálfaidh an 29ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, ar a dtugtar COP 29 freisin, d’fhonn cur leis na héachtaí a baineadh amach roimhe seo agus d’fhonn an bealach a réiteach le haghaidh uaillmhian amach anseo chun dul i ngleic go héifeachtach le dúshlán domhanda an athraithe aeráide. Cuimseoidh an cruinniú an naoú seisiún is fiche de chuid Chomhdháil na bPáirtithe (COP 29), lena n-áirítear an 200 náisiún, beagnach, ag a bhfuil críocha a chuir a n-ainm leis an gCreat-Choinbhinsiún.