Fógraíonn an tAire McConalogue íocaíochtaí €179 milliún faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (LSN) a eisiúint d’fheirmeoirí.
Dúirt an tAire:
“Táim ar bís a fhógairt go bhfuil réamhíocaíochtaí de €179 milliún san iomlán eisithe chuig breis agus 85,000 feirmeoir faoi scéim LSN. Scríobh mé chuig feirmeoirí i mí an Mhárta agus arís díreach cúpla seachtain ó shin chun a mhíniú go mbeadh roinnt athruithe ar na dátaí íocaíochta in 2023 toisc gurb í seo an chéad bhliain de Phlean Straitéiseach nua an CBT. Tugadh isteach raon iomlán de scéimeanna nua mar aon le hathruithe suntasacha ar scéimeanna atá ann cheana thar thréimhse réasúnta gearr agus is garsprioc shuntasach iad na híocaíochtaí a thosaíonn inniu.”
Anuas air sin dúirt an tAire:
“Tá eisiúint íocaíochtaí faoi scéim LSN ríthábhachtach do theaghlaigh feirme agus tá a fhios agam a thábhachtaí atá sé íocaíochtaí a fháil amach chomh tapa agus is féidir. Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh mo Roinn ar aghaidh ag próiseáil na gcásanna go léir atá fágtha le haghaidh íocaíochta mar ábhar práinne de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime.”
Dheimhnigh an tAire freisin go bhfuil a Roinn ar an mbóthar ceart chun tús a chur le híocaíochtaí an airleacain faoin Scéim um Thacaíocht Ioncaim Bhunúsaigh don Inbhuanaitheacht (STIBI) ón 24 Deireadh Fómhair agus íocaíochtaí Éicea-Scéime ón 31 Deireadh Fómhair 2023.
Tá eisiúint €179 milliún chuig breis agus 85,000 feirmeoir ar aon dul leis na blianta roimhe seo, agus íocadh 85,000 feirmeoir sa chéad rith pá in 2022.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Ag teacht le socrú na bliana seo caite, is réamhíocaíocht 85% ar Scéim LSN iad na híocaíochtaí atá á n-eisiúint faoi láthair. Tá an 15% de na híocaíochtaí comhardaithe le tosú go luath i mí na Nollag.
Ar aon dul le blianta roimhe seo, níl gach iarratas imréitithe faoi láthair le haghaidh íocaíochta faoi Scéim LSN. Leanfar ar aghaidh le rití pá rialta sna seachtainí atá romhainn lena chinntiú go bpróiseálfar cásanna imréitithe le haghaidh íocaíochta chomh tapa agus is féidir. Ba cheart d’fheirmeoirí aon fhianaise gan réiteach mar thaca lena n-iarratas a chur faoi bhráid Oifig Phort Laoise na Roinne a luaithe is féidir chun scaoileadh luath na n-íocaíochtaí a éascú.