Fáiltíonn an Roinn roimh fhoilsiú thorthaí na dTreochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta na Matamaitice agus na hEolaíochta (TIMSS) 2023.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáiltíonn an Roinn roimh fhoilsiú thorthaí na dTreochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta na Matamaitice agus na hEolaíochta (TIMSS) 2023.
Leanann scoláirí in Éirinn ar aghaidh ag feidhmiú go maith in TIMSS 2023 - measúnú idirnáisiúnta ar ghnóthachtáil sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht.
• Bhí meánscóir na hÉireann cuid mhaith níos airde ná meáin idirnáisiúnta TIMSS do dhaltaí rang a ceathair agus do scoláirí an dara bliain.
• Is í Éire an tír is fearr feidhmíocht sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht ag an dara bliain.
• Bhí meánghnóthachtáil dhaltaí na hÉireann i rang a ceathair sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht cosúil leis an dá thimthriall roimhe sin (2019 agus 2015) agus cuid mhaith níos airde ná 2011.
• D’fhan meánghnóthachtáil scoláirí na hÉireann sa dara bliain sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht réasúnta seasmhach thar na trí thimthriall is déanaí ar ghlac Éire páirt iontu ag an ngrád seo (2015, 2019 agus 2023).
D’fháiltigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, inniu roimh thorthaí TIMSS 2023, a thaispeánann go bhfuil daltaí rang a ceathair agus scoláirí an dara bliain in Éirinn ag feidhmiú cuid mhaith níos airde ná an meán idirnáisiúnta sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht. Rinne an tAire Foley comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach sna tástálacha, go háirithe na scoláirí iad féin.
Tá TIMSS ar cheann de na staidéir is mó ar domhan ar ghnóthachtáil oideachais sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht. Déanann sé measúnú ar scileanna Matamaitice agus Eolaíochta scoláirí sa cheathrú grád agus san ochtú grád (ag freagairt do rang a ceathair agus don dara bliain in Éirinn). Tá an staidéar á stiúradh go hidirnáisiúnta ag an Ionad Staidéir Idirnáisiúnta TIMSS agus PIRLS ag Boston College, SAM, agus tá sé á bhainistiú ag an gCumann Idirnáisiúnta um Measúnú ar Ghnóthachtáil Oideachais (IEA)
In 2023, rinneadh TIMSS ar riar ar bhreis is 650,000 scoláire i 65 tír. In Éirinn, riaradh na measúnuithe ar shampla randamach de thart ar 6,365 dalta i rang a ceathair i mbunscoileanna agus 6,321 scoláire sa dara bliain in iar-bhunscoileanna.,
Agus í ag labhairt faoi na torthaí inniu, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“Is iontach a chloisteáil gur choinnigh Éire a feidhmíocht láidir sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht thar thimthriallta TIMSS. Táim an-bhródúil go bhfuil scoláirí na hÉireann arís ina measc siúd is fearr a fheidhmíonn ag rang a ceathair sa bhunscoil agus sa dara bliain san iar-bhunscoil. Níl aon tír eile de chuid an AE ag feidhmiú cuid mhaith níos airde ná Éire sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht sa dara bliain.
“Léiríonn an ardfheidhmíocht sin tiomantas agus dianobair ár bpobail scoile, go háirithe agus an cur isteach a rinne Covid-19. Tá iarrachtaí suntasacha déanta againn freisin chun torthaí oideachais a fheabhsú, lena n-áirítear forbairt a dhéanamh ar Straitéis nua maidir le Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Digiteach, athbhreithniú agus athfhorbairt curaclaim ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile, an Ráiteas Beartais um Oideachas STEM agus an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna.
“In ainneoin an hardfheidhmíochta, áfach, is léir go bhféadfaí feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar do chailíní, go háirithe sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht agus cé nár mhéadaigh an bhearna idir scoileanna DEIS agus scoileanna nach scoileanna DEIS iad ón timthriall deiridh de TIMSS ní mór dúinn níos mó a dhéanamh chun an bhearna sin a laghdú.
“Léiríonn TIMSS dúinn go bhfuil córas oideachais seasmhach agus cothrom againn, in ainneoin cur isteach gan fasach le linn na paindéime. Creidim go bhfuil sé sin amhlaidh, den chuid is mó, mar gheall ar obair chrua ár scoláirí agus ar ghairmiúlacht agus ar dhúthracht ár bhfoireann scoile go léir. Cé go bhfuil níos mó oibre le déanamh, is cinnte gur cheart a bheith an-bhródúil as gnóthachtáil sheasmhach scoláirí in Éirinn i dtástálacha idirnáisiúnta.”
Dúirt Gráinne McHugh, duine d’údair na tuarascála:
“Is ábhar misnigh é an toradh comhsheasmhach maidir le seasmhacht sa ghnóthachtáil fhoriomlán sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht ag rang a ceathair agus sa dara bliain in Éirinn, go háirithe i bhfianaise na gcur isteach ar an scolaíocht de bharr phaindéim COVID-19 sa tréimhse ón timthriall deiridh de TIMSS in 2019”.
Dúirt an Dr Sylvia Denner, údar eile:
“Cé go bhfuil feidhmíocht fhoriomlán sa dara bliain seasmhach ó 2015, tá laghdú suntasach tagtha ar an meánscór a ghnóthaigh cailíní sa dara bliain in TIMSS le himeacht ama, ó 2019 i gcás na Matamaitice agus ó 2015 i gcás na hEolaíochta. Mar sin, feicimid den chéad uair in 2023 difríochtaí suntasacha inscne in TIMSS, agus buachaillí ag feidhmiú cuid mhaith níos fearr ná cailíní sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht araon. Sna míonna seo amach romhainn, déanfaimid anailís níos mionsonraithe ar an difríocht inscne seo lena n-áirítear scrúdú ar dhearcthaí i leith na foghlama sa dá ábhar.”
Dúirt an Dr Aidan Clerkin, údar eile:
“Dúshlán amháin ar tugadh suntas dó i staidéir roimhe seo ná tearcfheidhmíocht na scoláirí is airde gnóthachtáil in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile. Ón dearcadh sin, toradh tábhachtach nua ó TIMSS 2023 is ea go bhfuil níos mó scoláirí le feiceáil anois ag baint amach na tagarmharcanna níos airde don Mhatamaitic agus don Eolaíocht i gcomparáid le staidéir níos luaithe. Cé gur toradh dearfach é sin, tá spás ann fós le haghaidh tuilleadh feabhais i measc ardghnóthachtálaithe. Ag an am céanna, beidh sé tábhachtach a chinntiú go leanfar ar aghaidh, sna blianta seo amach romhainn, ag tabhairt tacaíocht oiriúnach do scoláirí a bhfuil níos mó deacrachtaí acu.”
Is féidir nóta faisnéise ar an tuarascáil agus an tuarascáil féin a fháil ar líne - anseo .
Ba í TIMMS 2023 an chéad bhliain a ndearna scoláirí in Éirinn na tástálacha ar ghléasanna digiteacha. Rinneadh na tástálacha roimhe sin ar pháipéar. In TIMMS 2023, rinne sampla de scoláirí na tástálacha ar pháipéar féachaint an raibh difríocht ar bith idir tástálacha a rinneadh go digiteach agus ar pháipéar. Níor cláraíodh aon difríocht.
Is mar seo a leanas atá na húdair agus teideal na tuarascála:
• Gráinne McHugh, Sylvia Denner, Aidan Clerkin, George Piccio & Vasiliki Pitsia. (2024). TIMSS 2023: Léargas ar Ghnóthachtáil sa mhatamaitic agus san eolaíocht in Éirinn. An Foras Taighde ar Oideachas. https://doi.org/10.70092/2009137.1224
Sonraí teagmhála le haghaidh ceisteanna a bhaineann le beartais oideachais nó déanamh beartais:
Preasoifig na Roinne Oideachais – press@education.gov.ie
Sonraí teagmhála le haghaidh ceisteanna a bhaineann le mionsonraí nó sonraí maidir le staidéar TIMMS:
• Gráinne McHugh 01-8065211 timss.ireland@erc.ie / grainne.mchugh@erc.ie
• Sylvia Denner 01-8065237 timss.ireland@erc.ie / sylvia.denner@erc.ie
• Aidan Clerkin 01-8065218 timss.ireland@erc.ie / aidan.clerkin@erc.ie