Casann an tAire Martin le Cathaoirleach nua an bhoird agus Ard Stiúrthóir RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, leis an gCathaoirleach nua ar Bhord RTÉ, Terence O’Rourke, agus Ard Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, inniu.
Dúirt an tAire Martin:
“Cruinniú an-dearfach a bhí ann, agus phléigh muid an tábhacht a bhí le leanacht leis an gclár leasaithe do RTÉ, agus go raibh sé mar thosaíocht go mbeadh múnla maoinithe seasmhach ann do RTÉ agus do na meáin seirbhís phoiblí in Éirinn.”
D’aontaigh siad go raibh sé riachtanach go n-oibreoidís le chéile maidir leis na moltaí a d’fhoilsigh Coiste na gCuntas Poiblí an tseachtain seo, agus aon mholtaí a thiocfadh ón dá sainthuarascáil neamhspleách atá coimisiúnaithe ag an Aire Martin.
Dúirt an tAire:
“Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an gCathaoirleach agus leis an mbord chun an clár leasaithe atá ar bun san eagraíocht a chur chun cinn.”