Próiseas earcaíochta chuig an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge seolta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, seoladh an phróisis earcaíochta chun comhaltaí a cheapadh chuig an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge inniu.
Tagann sé sin sna sála ar achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ag deireadh na bliana anuraidh agus an bhforáil go mbunófar an Choiste Chomhairleach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis a achtaithe. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh san Acht, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Tá ullmhú an Phlean Náisiúnta ag teacht le cuspóir foriomlán an Achta a bhaint amach, sé sin, gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20 faoin gcéad de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030. Beirt comhalta a cheapfar chuig an gCoiste Comhairleach ón gcomórtas atá fógartha inniu - ionadaí amháin do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus ionadaí amháin do limistéir den Stát nach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.
Ag labhairt dóibh inniu, dúirt an tAire Martin agus an tAire Stáit Chambers go raibh an-áthas orthu a fhógairt inniu go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas earcaíochta chuig an gCoiste seo de bharr gur a thábhachtaí is a bheidh obair an Choiste sna blianta amach romhainn agus an tAcht á chur i bhfeidhm.
Is é an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ná 15:00 ar an 5 Aibreán 2022.
Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021: https://www.oireachtas.ie/ga/bills/bill/2002/24/
Beidh an bheirt comhalta a cheapfar chuig an gCoiste tar éis an chomórtais seo inniúil i nGaeilge labhartha. Ní mór d’iarrthóirí a thaispeáint ina n-iarratas gur ghnóthaigh siad roinnt nó gach ceann de na scileanna agus na cineálacha taithí atá leagtha amach thíos ar leibhéal sinsearach cuí:
Inmhianaithe
Is é an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ná 15:00 ar an 5 Aibreán 2022. Tá tuilleadh eolais in a leith ar fáil anseo