Cuireann an tAire Sláinte tús le Céim a hAon den Athbhreithniú ar an Acht Sláinte (FoirceannadhToirchis a Rialáil) 2018
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, tús inniu leis an Athbhreithniú ar an Acht Sláinte (FoirceannadhToirchis a Rialáil) 2018.
Foráiltear go sonrach in Acht 2018 d’athbhreithniú ar oibriú an Achta, a leagann síos ár gceithre chineál éagsúla cásanna inar féidir deireadh a chur le toircheas faoi dhlí na hÉireann. Faoin Acht, caithfear an t-athbhreithniú a thionscnamh roimh an 1 Eanáir, 2022.
Tá Téarmaí Tagartha an Athbhreithnithe, a bheidh faoi stiúir Cathaoirleach neamhspleách, mionsonraithe sna nótaí thíos.
Mar chuid den chéad chéim den athbhreithniú, d’fhógair an tAire Donnelly a chomhairliúchán poiblí maidir le hoibriú an Achta Sláinte (FoirceannadhToirchis a Rialáil) 2018. Tabharfaidh an comhairliúchán poiblí deis do bhaill an phobail, eagraíochtaí, geallsealbhóirí, grúpaí abhcóideachta atá ag obair sa réimse agus gach páirtí leasmhar eile eolas a thabhairt don athbhreithniú ar oibriú na reachtaíochta.
Cuimseoidh an t-athbhreithniú ar oibriú an Achta scrúdú mionsonraithe ar thuairimí agus ar eispéiris úsáideoirí seirbhíse agus soláthraithe seirbhíse. Tá taighde á dhéanamh ag an Dr Catherine Conlon, Ollamh Comhlach, Coláiste na Tríonóide, a bhfuil staidéar cáilíochtúil mór á dhéanamh aici chun anailís a dhéanamh ar chúram um thoircheas neamhbheartaithe agus ginmhilleadh. Ginfidh an staidéar seo, arna choimisiúnú ag Clár Sláinte Gnéis agus Toirchis Ghéarchéime FSS, tuiscint dhomhain ar eispéiris na mban a raibh rochtain acu ar sheirbhísí cúraim ginmhillte ó cuireadh tús leis an Acht.
Ar leithligh leis seo, foilsíodh iarratas ar thairiscint do Chathaoirleach taighde a dhéanamh ar thuairimí soláthraithe seirbhíse ar láithreán gréasáin eTenders inniu, an 8 Nollaig 2021.
Tar éis an phróisis soláthair seo, déanfaidh an Cathaoirleach measúnú ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Achta, agus anailís á dhéanamh ina leith sin ar thorthaí na dtrí shnáithe faisnéise, ar oibriú an Achta. Tarraingeoidh an Cathaoirleach freisin ar thorthaí taighde ábhartha eile arna athbhreithniú ag piaraí agus rachaidh sé i gcomhairle tuilleadh le páirtithe leasmhara de réir mar is gá sula soláthróidh sé conclúidí agus aon mholtaí don Aire in 2022.
Ag labhairt dó faoi sheoladh an chomhairliúcháin phoiblí, dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm go bhfuil an tAthbhreithniú tábhachtach seo ar Acht a ritheadh tar éis toradh reifrinn stairiúil á chur chun cinn againn. Táimid anois ag lorg tuairimí daoine go sonrach ar oibriú na reachtaíochta. Breithneoidh taighde cáilíochtúil domhain ar leithligh oibriú an Achta go sonrach ó pheirspictíochtaí an úsáideora seirbhíse agus ó sholáthraithe seirbhíse, ach tá fáilte mhór roimh úsáideoirí seirbhíse agus soláthraithe seirbhíse a dtuairimí a thabhairt tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí seo."
Ar deireadh dúirt an tAire Donnelly:
“Nuair a bheidh a gcuid oibre críochnaithe ag an gCathaoirleach in 2022, cuirfear tuarascáil deiridh chugam le haon mholtaí riachtanacha. Táim ag tnúth le tuairimí daoine a chloisteáil agus le toradh an phróisis athbhreithnithe seo."
CRÍOCH
Tá tuilleadh faisnéise faoin gcleachtadh comhairliúcháin phoiblí ar fáil anseo
Doiciméad Téarmaí Tagartha:
Athbhreithniú ar an Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018
Luaitear in Alt 7 den Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018:
“Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis thosach feidhme an ailt seo, athbhreithniú ar oibriú an Achta seo."
Cuireadh an clásal athbhreithnithe san áireamh san Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018 d’fhonn monatóireacht ar thionchar, oibriú agus éifeachtúlacht na reachtaíochta i gcleachtas a éascú, chomh maith le seachadadh seirbhísí sa réimse.
Tugann an Clár Rialtais - Ár dTodhchaí Chomhroinnte (2020), ar leathanach 48, ar aird:
“… an t-athbhreithniú, mar a cheanglaítear faoi Alt 7 den Acht (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018, a bheidh ar siúl in 2021.”
Is é príomhchuspóir Acht 2018 an dlí a rialaíonn rochtain ar fhoirceannadh toirchis in Éirinn a leagan amach. Ceadaíonn sé foirceannadh toirchis a dhéanamh i gcás ina bhfuil baol do shaol nó dochair thromchúiseach do shláinte na mná torracha, lena n-áirítear i gcás éigeandála; ina bhfuil baol den sórt sin i láthair ar dóigh dó a bheith ann bás an fhéatas a bheith mar thoradh air roimh 28 lá breithe nó laistigh de, agus gan srian suas le 12 sheachtain an toirchis.
Is mian leis an Roinn anois athbhreithniú a choimisiúnú ar oibriú Acht 2018.
In Acht 2018, leagtar amach ceithre chineál éagsúla cásanna inar féidir deireadh a chur le toircheas go dleathach.
Déanfaidh an Cathaoirleach neamhspleách:
- soláthar seirbhíse sa suíomh pobail
-soláthar seirbhíse i suíomh na n-ospidéal géarmhíochaine;
Príomhshruthanna faisnéise
Beidh trí phríomhshruth faisnéise mar bhonn eolais don Athbhreithniú:
Úsáideoirí seirbhíse
Le go mbeidh an t-athbhreithniú éifeachtach, agus taithí na mban á iniúchadh aige, beidh sé ríthábhachtach tuairimí úsáideoirí seirbhíse a bhailiú, le fáil amach an soláthraíonn an reachtaíocht rochtain ar sheirbhísí foirceanta toirchis go praiticiúil dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint astu. Maidir leis seo, beidh sé riachtanach taighde neamhspleách a dhéanfaidh iniúchadh ar eispéiris na mban maidir le seirbhísí foirceanta toirchis agus a dtuairimí a bhailiú ar an gcaoi a d’oibrigh an córas ón 1 Eanáir 2019.
Maidir leis seo, tarraingeoidh an t-athbhreithniú ar thorthaí staidéar taighde cáilíochtúil ar mhórscála an Chláir Sláinte Gnéis agus Toirchis Ghéarchéime FSS ar eispéiris na mban maidir le ginmhilleadh agus seirbhísí tacaíochta toirchis neamhbheartaithe ó cuireadh an tAcht Sláinte (FoirceannadhToirchis a Rialáil) 2018 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019.
Is féidir taithí na mban ar rochtain a fháil ar an tseirbhís a ghabháil freisin tríd an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí (pointe 3 thíos).
Soláthar Seirbhíse
Soláthróidh faisnéis ó sholáthraithe seirbhíse an dara príomhshnáithe faisnéise don athbhreithniú. D’fhonn a mheas an bhfuil an tAcht ag feidhmiú go héifeachtach i gcleachtas, beidh sé riachtanach tuairimí na ndaoine a bhfuil baint acu le seirbhísí foirceanta a sholáthar i suíomhanna pobail agus géarmhíochaine in Éirinn a bhailiú.
Chun na críche sin, déanfar taighde cáilíochtúil neamhspleách ar oibriú na reachtaíochta ó thaobh soláthar seirbhíse a choimisiúnú trí phróiseas soláthair an Rialtais eTenders. Baileoidh an taighde ionchur ó ospidéil, clinicí sláinte ban agus lialanna dochtúirí teaghlaigh, altraí, cnáimhseacha agus comhairleoirí toirchis, ag soláthar seirbhísí foirceanta toirchis, ó Choláistí Leighis, agus ó FSS, chomh maith le haon pháirtí leasmhara um sholáthar seirbhíse ábhartha eile a d’fhéadfaí a aithint.
Poiblí
Chun a chinntiú go dtugtar deis do gach duine ar mian leo déanamh amhlaidh a dtuairimí a roinnt ar an reachtaíocht agus ar a hoibriú, beidh sé tábhachtach deis a chur san áireamh do bhaill an phobail, grúpaí sainspéise nó aon pháirtí leasmhara eile a gcuid tuairimí a chur isteach le breithniú san Athbhreithniú.
Dá bhrí sin, tabharfar faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí chun deis a sholáthar do gach duine ar mian leo déanamh amhlaidh a dtuairimí ar an reachtaíocht agus ar a hoibriú a roinnt. Déanfar anailís ar na freagraí a gheofar agus cuirfear na tuairimí agus na moltaí ann san áireamh agus an Tuarascáil Athbhreithnithe deiridh á táirgeadh ag an gCathaoirleach.
Modheolaíocht
Féadfaidh an Cathaoirleach de réir mar is gá, -
Cuirfear tuarascáil deiridh ar thorthaí an athbhreithnithe neamhspleách faoi bhráid an Aire Sláinte lena breithniú.
Tá na téarmaí tagartha atá leagtha amach thuas faoi réir a leasaithe tar éis plé leis an gCathaoirleach.