€150m curtha ar fáil don Chlár Caipitil agus Trealaimh Spóirt, an líon is mó riamh
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá pacáiste foriomlán €150m i ndeontais nua chaipitil fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus ag an Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., inniu (11 Feabhra) faoin mbabhta is déanaí den Chlár Caipitil & Trealaimh Spóirt (SCEP). Leithdháiltear €144 milliún ar nach mór 1,900 iarratas agus beidh €6 milliún coinnithe i gcúlchiste i gcomhair achomhairc rathúla a thugann iarratasóirí nár éirigh leo.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.:
“Tá spórt riachtanach do phobail na hÉireann. Fuarthas an líon is mó iarratas riamh ar na deontais seo agus, mar sin, bhronn an rialtas an leibhéal is mó dámhachtainí aonair riamh.
“Is iontach an lá é seo mar sin do chumainn spóirt agus do ghrúpaí pobail fud fad na tíre agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na hiarratasóirí go léir ar éirigh leo.
Tá dhá bhliain chrua curtha díobh ag go leor cumainn spóirt ach, más dada é, thug an phaindéim le fios an tábhacht a bhaineann leis an spórt dár bhfolláine i gcoiteann. Cuirfidh na deontais atá á bhfógairt inniu againn feabhas suntasach le háiseanna spóirt i ngach contae. Tá réimse ollmhór de spóirt éagsúla clúdaithe agus bhí mé sásta go mór mór gur leag an córas scórála béim níos mó ar rannpháirtíocht mná.
Tá breis is 30 spórt agus gníomhaíocht i gceist, ó spóirt iomaíocha, cluichí raoin agus faiche agus cluichí páirce chomh maith le siúl.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na hoibrithe deonacha go léir a bhfuil baint acu leis na cumainn sin as an obair chrua a chuireann siad isteach agus as a ndúthracht feabhas a chur ar na háiseanna a rachaidh chun tairbhe na mball go léir.”
Leag an tAire Stáit a bhfuil freagracht aige as Spórt, Jack Chambers T.D., béim ar líon ollmhór na ndeontaithe agus ar an réimse leathan spóirt a mhaoineofar:
“Tuigeann duine ar bith a bhíonn páirteach i spórt ag leibhéal áitiúil an tábhacht a bhaineann leis an gClár Caipitil agus Trealaimh Spóirt. Tá ríméad orm gur ionann fógra an lae inniu agus an leibhéal is airde maoinithe riamh a cuireadh ar fáil do bhabhta ar bith den Chlár.
“Chomh maith leis na príomhspóirt mhachaire, tá maoiniú á chur ar fáil do chumainn leadóige, cruicéid, dornálaíochta, cadhcála, spóirt cathaoireacha rothaí agus do chumainn ealaíon comhraic, gan ach cuid acu a lua. Is iontach an rud é na sluaite a fheiceáil ar ais ag na mórimeachtaí spóirt le cúpla seachtain anuas ach is é an bhunsprioc atá againn ná an oiread daoine agus is féidir a bheith páirteach i spórt. Thug Covid le fios dúinn go léir an tábhacht a bhaineann leis an bpobal agus táim sásta go speisialta go bhfuil maoiniú leithdháilte ar an oiread sin ionaid phobail agus eagraíochtaí pobail chun tionscadail a fhorbairt i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre. Más mian linn ár spriocanna rannpháirtíochta a bhaint amach, ní mór dúinn áiseanna d’ardchaighdeán a chur ar fáil agus is chun na críche sin atá fógra an lae inniu.
“Chomh maith le deontais chuig cumainn áitiúla, tá ríméad orm go bhfuilimid ag cur breis is €17m ar fáil do thionscadail a mheastar “tábhacht réigiúnach” a bheith ag baint leo. I measc na ndeontaithe sin tá roinnt Bord contae CLG, Comhlachtaí Náisiúnta Ceannais Spóirt agus Údarás Áitiúil.”
D’éirigh linn an leithdháileadh maoinithe ar leibhéal nach bhfacthas riamh cheana a bhaint amach le tacaíocht ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, TD, agus is léiriú é an leithdháileadh sin ar thacaíocht leanúnach an Rialtais i leith an Spóirt i rith phaindéim Covid-19 de réir mar a thagann an earnáil chuici féin i ndiaidh na ndúshlán a bhí ann le dhá bhliain anuas. Freagraíonn an leithdháileadh do na dúshláin mhaoinithe atá roimh chumainn fud fad na tíre, do líon na n-iarratas a fuarthas, líon nach bhfacthas riamh cheana agus don ról riachtanach atá ag spórt tacú le folláine pobail agus daoine aonair, ról nach raibh chomh soiléir riamh agus a bhí le linn na paindéime.
Is é an Clár Caipitil agus Trealaimh Spóirt (SCEP) an príomh-mhodh tacaíochta Rialtais maidir le háiseanna spóirt agus áineasa a fhorbairt agus maidir le trealamh spóirt neamhphearsanta a cheannach ar fud na tíre. Tá leas bainte ag breis is 13,000 tionscadal as an maoiniú caipitil ón mbliain 1998, agus is ionann leithdháiltí iomlán i gcaitheamh na tréimhse sin agus €1.1 billiún.
Faoin dáta deiridh ar glacadh le hiarratais (1 Márta 2021) faoin mbabhta is déanaí seo, bhí 3,106 iarratas ag lorg €200m i maoiniú curtha ar aghaidh. Is ionann sin agus an líon is mó iarratais a fuarthas riamh. Tugadh an córas scórála agus na nósanna imeachta maoinithe chun críche agus foilsíodh iad sular cuireadh tús le hobair mheasúnaithe agus measadh na hiarratais de réir na nósanna imeachta sin.
Ba thionscadail ‘trealamh amháin’ a bhí i dtuairim is aon mhíle de na hiarratais a cuireadh ar aghaidh. Measadh na hiarratais sin ar dtús agus fógraíodh deontais dar luach €16.6 san iomlán iad ar an 6 Lúnasa 2021.
Tá sonraí iomlána na leithdháiltí a fógraíodh inniu leagtha amach ar láithreán gréasáin na Roinne ar https://www.gov.ie/ga/bailiuchan/471ed5-sports-capital-allocations/ .
Tabharfar deis do na hiarratasóirí ar fad nár éirigh leo achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na Roinne agus eiseofar eolas ar an bpróiseas achomhairc chuig na heagraíochtaí ábhartha sna seachtainí amach romhainn. Tá €6 milliún curtha i leataobh chun achomhairc a n-éiríonn leo faoin bpróiseas seo a chlúdach.