Freagairt Idirghníomhaireachta na hÉireann ar Dhrochúsáid Ghnéasach Leanaí a Neartú
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Comhdháil idir an tAontas Eorpach-Comhairle na hEorpa ar Thacú le Cur Chun Feidhme Thionscadal Barnahus in Éirinn
Tháinig saineolaithe agus geallsealbhóirí le chéile i mBaile Átha Cliath inniu don Chomhdháil dheireanach de thionscadal Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh agus Chomhairle na hEorpa maidir le “Tacú le Cur Chun Feidhme Thionscadal Barnahus in Éirinn”.
Is cur chuige idir-rannach agus ilghníomhaireachta é Barnahus lena dtugtar na seirbhísí ábhartha go léir le chéile faoi aon díon amháin chun freagairt chomhordaithe agus éifeachtach a sholáthar dóibh siúd ar fhulaing siad drochúsáid ghnéasach leanaí.
Is é is aidhm dó seirbhísí cosanta leanaí, póilíneachta, leighis, teiripeacha agus fóiréinseacha a thabhairt le chéile trí sheirbhís chomhtháite do leanaí a fhulaingíonn droch úsáid ghnéasach agus dá ndaoine muinteartha neamhchiontacha agus chun tráma breise a sheachaint.
Labhair Ard-Rúnaí na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Kevin McCarthy faoin tábhacht a bhaineann le cur chun feidhme náisiúnta Barnahus chun freagairt idirghníomhaireachta na hÉireann ar dhrochúsáid ghnéasach leanaí a neartú, i gcomhréir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Leanaí a Chosaint ar theacht i dTír Gnéasach agus ar Mhí-Úsáid Ghnéasach (Coinbhinsiún Lanzarote).
Chuir sé béim ar thábhacht an tsaineolais agus na treorach ó Chomhairle na hEorpa chun an tionscadal 30 mí a chur chun cinn, a éascaíodh trí Chiste Ionstraime um Thacaíocht Teicniúil an Choimisiúin Eorpaigh.
Meastar ar mhúnla Barnahus na hÍoslainne mar dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus tá sé á oiriúnú do chomhthéacs Éireannach ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige in éineacht leis an Roinn Sláinte, an Roinn Dlí agus Cirt, Tusla, An Garda Síochána, an FSS agus Sláinte Leanaí Éireann.
Tá na Ranna agus na Gníomhaireachtaí geallsealbhóirí go léir ag comhordú freagairt páistelárnach ar líomhaintí droch úsáide gnéasaí agus ag forbairt creat rialachais chuí do sheirbhís ilghníomhaireachta.
Ba é Matthew McVarish, Ionadaí Brave Movement do Choinbhinsiún Lanzarote de chuid Chomhairle na hEorpa, an príomhchainteoir ag an imeacht. Is gluaiseacht dhomhanda í Brave Movement atá dírithe ar mharthanóirí agus atá ag stocaireacht ar son an chirt atá ag gach leanbh agus ógánach saol a chaitheamh le sábháilteacht agus le dínit, saor ó fhoréigean gnéasach.
Bhí sé mar aidhm ag an gcomhthionscadal aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhí le sárú le linn chur chun feidhme ionad Barnahus san Iarthar agus chun feidhmiú céimneach dhá ionad breise Barnahus sa Deisceart agus san Oirthear a éascú.
Seoladh seirbhís phíolótach do thionscadal i nGaillimh i Meán Fómhair 2019. Ó mhí Eanáir 2022 i leith, tá seirbhísí i nGaillimh ag feidhmiú go hiomlán anois in ionad sainiúil ar imeall chathair na Gaillimhe, a ligeann do ghníomhaireachtaí ábhartha seirbhísí a sholáthar do leanaí faoi aon díon amháin. I mí na Bealtaine 2024, tháinig Barnahus Theas i bhfeidhm go hiomlán i suíomh sealadach go dtí go mbeidh spás tiomnaithe curtha i gcrích. Tá an tríú láthair beartaithe san Oirthear a chuirfidh clúdach náisiúnta i gcrích. Cuireadh tús le forbairt na seirbhísí sin cheana féin.
Thug an Chomhdháil Dheireanach deis do rannpháirtithe príomhéachtaí an tionscadail a phlé, lena n-áirítear Straitéis agus Plean Gníomhaíochta chun Barnahus a mhéadú in Éirinn agus ábhair oiliúna a fhorbairt ar chúram atá bunaithe ar thráma.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
• Tá an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánphairtíochta agus Óige freagrach as múnla Barnahus a rolladh amach ar leibhéal náisiúnta agus bronnadh tacaíocht airgeadais agus theicniúil uirthi ón AE agus ó Chomhairle na hEorpa faoin gCiste Ionstraime um Thacaíocht Teicniúil, chun cabhrú le múnla Barnahus a leathnú in Éirinn.
• Tá an tionscadal seo dírithe ar thacú le leathnú mhúnla seirbhísí Barnahus, arna oiriúnú don chomhthéacs Éireannach.
• Leagadh béim ar an ngá atá le seirbhísí a fheabhsú in Éirinn do leanaí a fhulaingíonn droch-úsáid ghnéasach i roinnt príomhthuarascálacha a scrúdaíonn freagraí stáit ar dhroch-úsáid ghnéasach leanaí (DÚGL), lena n-áirítear Tuarascáil Fearna (2005), Tuarascáil Ryan (2009), agus Tuarascáil Mott McDonald (2011).
• I ndiaidh tuarascála ón ÚFCS (an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte) ar bhainistíocht Tusla – bunaíodh an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, agus an Sainghrúpa Cinnteachta (EAG) i mí Lúnasa 2018. D’fhoilsigh an EAG tuarascáil dheiridh i mí Mheán Fómhair 2019 inar sainaithníodh Barnahus mar phríomh-mholadh maidir le bainistiú líomhaintí faoi dhroch-úsáid ghnéasach leanaí i gcoinne daoine fásta ar údar imní iad.
• Seoladh múnla Barnahus na hÍoslainne den chéad uair san Eoraip in 1998 agus d’aithin Coiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Lanzarote de chuid Chomhairle na hEorpa í mar chleachtas a bhfuil gealladh fúthu in 2015. Tá Comhairle na hEorpa ag tacú lena ballstáit chun an múnla a oiriúnú agus a úsáid ó shin i leith, agus tá líonra láidir taighde, oiliúna agus treoir dea-chleachtais ar fáil do thíortha a chuireann an múnla i bhfeidhm.
• Tá an tionscadal seo cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach tríd an gCiste Ionstraime um Thacaíocht Teicniúil agus á chur i bhfeidhm ag Comhairle na hEorpa. Tá tuilleadh eolais faoin tionscadal ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail anseo - Tacaigh le chur chun feidhme Thionscadal Barnahus in Éirinn - Cearta Leanaí (coe.int)