Fógraíonn Airí Sláinte €81m i gcistiú aonuaire do sholáthraithe deonacha agus pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly; an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte; an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler, agus an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton inniu (Dé Luain an 20 Feabhra) ag fógairt leithdháileadh €81m ó 'Chiste Boilscithe' an Rialtais.
Tá an cistiú á leithdháileadh ar bhonn aonuaire ar sholáthraithe sláinte agus cúraim shóisialta pobalbhunaithe agus deonacha mar chuid de bhearta an Rialtais chun brúnna costais maireachtála a mhaolú.
Ag Buiséad 2023, d'fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cistiú chun cabhrú le hearnálacha éagsúla le costais a bhaineann le boilsciú fuinnimh, lena n-áirítear €100 milliún dírithe ar “raon comhlachtaí Sláinte-chistithe lena n- irítear tithe altranais, ospísí agus eagraíochtaí Alt 39”.
Leithdháileadh €10 milliún den chistiu seo cheana féin chun an Scéim Íocaíochta Boilscithe Shealadaigh a chistiú do thithe altranais príobháideacha agus deonacha. Faoin scéim seo, is féidir le tithe altranais suas le €5,250 a éileamh in aghaidh na míosa chun suas le 75% dá gcostais fuinnimh ó Iúil go Nollaig 2022 a chlúdach.
Chruthaigh an bhliain seo caite dúshláin dár ngeilleagar agus don tsochaí ina hiomláine. I ndiaidh COVID-19, agus mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tháinig méadú mór ar phraghsanna earraí agus seirbhísí na tíre, go háirithe ach gan a bheith teoranta do chostais fuinnimh.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá róil fhíorthábhachtacha ag eagraíochtaí deonacha maidir le seirbhísí túslíne a sholáthar do na daoine is leochailí inár sochaí: daoine faoi mhíchumas, daoine aosta, andúiligh, daoine le fadhbanna meabhairshláinte agus tinnis a chuireann srian ar a saol. Bhí brú mór ar go leor de na soláthraithe seirbhíse seo i bhfianaise boilsciú ard in 2022. Tá súil agam go gcabhróidh an cistiú aonuaire breise seo leis na costais sin a aithint."
D'oibrigh an Roinn Sláinte le FSS chun raon feidhme agus bonn a thabhairt chun críche chun an cistiú seo a dháileadh i measc eagraíochtaí soláthraithe ábhartha. Tá sé seo comhaontaithe anois, agus cuirfear tús le híocaíochtaí go luath.
Tá os cionn 1,450 eagraíocht a gheobhaidh íocaíochtaí, idir ghrúpaí pobail áitiúla agus soláthraithe seirbhíse móra náisiúnta.
Rachaidh thart ar €62 milliún chuig soláthraithe seirbhíse míchumais, €6.8 milliún do sheirbhísí do dhaoine aosta, €3.9 milliún do chuimsiú sóisialta (lena n-áirítear drugaí agus seirbhísí do dhaoine gan dídean), €3.3 milliún do chúram maolaitheach, €0.4 milliún do shláinte agus folláine agus €0.6 milliún d'eagraíochtaí eile atá ag feidhmiú sa spás cúraim phríomhúil, lena n-áirítear go leor eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhaineann go sonrach le galair.
Is íocaíocht aonuaire í seo mar aitheantas ar mhéaduithe ar chostas boilscithe a tabhaíodh le linn 2022, agus an tionchar a bheidh acu seo ar an gcostas a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthar faoi chomhaontú ábhartha gach eagraíochta leis an Roinn Sláinte.
Tá níos mó sonraí faoin gcaoi a n-oibríonn an ciste leagtha amach sa doiciméad a ghabhann leis seo.
Gheobhaidh gach eagraíocht incháilithe litir go luath ó FSS ag deimhniú an méid a gheobhaidh siad agus téarmaí an chiste.
Tá liosta iomlán de na heagraíochtaí atá laistigh de raon feidhme an chiste agus na suimeanna a gheobhaidh gach ceann díobh foilsithe taobh leis an ráiteas seo.
Cé atá i dteideal an cistiú a fháil?
Chun a bheith incháilithe don chistiú, ní mór d'eagraíochtaí sraith critéar a chomhlíonadh. Go sonrach, caithfidh siad a bheith ina n-eagraíochtaí deonacha neamhbhrabúis arna gcistiú faoi Alt 38 agus Alt 39 den Acht Sláinte, nó go díreach ag an Roinn Sláinte, ach amháin i gcás ina n-eisiatar a mhalairt ón scóp (féach thíos). Áirítear orthu seo:
Gheobhaidh soláthraithe ar lóistín a chistítear trí rialacháin Lóistín faoin Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990 íocaíochtaí freisin.
Le haghaidh tuilleadh soiléirithe, tá roinnt cineálacha soláthraithe Alt 38/39 eisiata do raon feidhme an chiste seo. Is iad seo a leanas na heagraíochtaí:
Ní bheidh feidhm ag an gciste ach oiread maidir le:
Tá liosta iomlán de na heagraíochtaí go léir laistigh de raon feidhme an chiste leagtha amach san aguisín a ghabhann leis an nóta seo, mar aon leis na méideanna a bhfuiltear ag súil go bhfaighidh gach eagraíocht.
Cén méid a gheobhaidh gach eagraíocht?
Ag tabhairt dá n-aire an líon mór eagraíochtaí laistigh den raon feidhme agus na héagsúlachtaí i gcoinníollacha oibríochta idir na heagraíochtaí seo, socraíodh ráta bunúsach a chur i bhfeidhm ar leithdháileadh bliantúil foriomlán gach eagraíochta ag 3.5% d'fhonn méid iomchuí a chinneadh chun méaduithe costais aonuaire a aithint in 2022. Beidh luach íosta €1000 ar na híocaíochtaí, rud a chiallaíonn go bhfaighidh gach eagraíocht a chomhlíonann an raon feidhme an méid seo ar a laghad mar aitheantas ar a gcostais mhéadaithe.
Conas a bhaineann an ciste le scéimeanna eile rialtais maidir le boilsciú costais in 2022?
Comhaontaíodh leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) go bhféadfaidh eagraíochtaí arna gcistiú ag an Roinn Sláinte (lena n-áirítear iad siúd arna gcistiú ag FSS faoi alt 39 den Acht Sláinte), a chomhlíonann critéir na Scéime Tacaíochta Fuinnimh Pobail agus Deonach (CVESS) go hiomlán, iarratas a dhéanamh anois faoin CVESS, suas go dtí an leibhéal atá ceadaithe d'eagraíochtaí incháilithe, glan ón ranníocaíocht ó FSS nó ón Roinn Sláinte.
Is ceist do Pobal agus DRCD í incháilitheacht faoin scéim CVESS agus dá bhrí sin níl baint aici le hincháilitheacht do chiste na Roinne Sláinte seo. Tá tuilleadh sonraí faoin CVESS ar fáil ar láithreán gréasáin Pobal: www.pobal.ie. Cé is moite de CVESS, mar atá leagtha amach thuas, níor cheart d'eagraíochtaí a fhaigheann an cistiú seo cistiú a lorg ó aon scéimeanna rialtais a chúitíonn méaduithe ar chostas boilscithe do 2022.