Seolann an tAire Humphreys Imeachtaí Oibre agus Scileanna INTREO
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seolann an tAire Humphreys
Imeachtaí Oibre agus Scileanna INTREO
Tá eachtraí Oibre agus Scileanna INTREO, a bheidh ag tarlú idir an 6 agus an 19 Deireadh Fómhair ar fud na tíre, seolta inniu ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD.
Tá breis agus 35 eachtra ag tarlú ar fud na tíre, le han-rogha deiseanna ar fáil.
Tá na himeachtaí ar bun le deis a thabhairt do chuardaitheoirí poist dul i dteagmháil le fostóirí agus lena fháil amach faoi roghanna oiliúna chun cabhrú leo an chéad chéim eile a ghlacadh ina ngairm.
Agus í ag caint mar gheall ar na himeachtaí, dúirt an tAire Heather Humphreys:
“Tá na himeachtaí Oibre agus Scileanna mar chrann taca tábhachtach le fostóirí a thabhairt le chéile leo siúd atá ag cuardach deiseanna oibre go gníomhach, agus le béim a chur ar an rogha deiseanna oiliúna atá le fáil faoi láthair.
“Beidh deis acu siúd a thugann cuairt ar cheann de na himeachtaí casadh go díreach le fostóirí agus tuilleadh eolais a fháil maidir leis na róil atá ar fáil i neart earnálacha.
“Beidh na Boird Oideachais agus Oiliúna ar fáil le heolas a chur ar fáil maidir le printíseachtaí agus le rogha leathan cúrsaí dóibh siúd a bhfuil spéis acu deiseanna breisoiliúna agus breis forbartha a thapú.”
Tosaíonn na himeachtaí bliantúla Dé hAoine an 6 Deireadh Fómhair ag Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir. Beidh Timpeall 40 taispeántóir ag an eachtra i mBaile Bhlainséir, lena n-áirítear Hibernia Home Care, First Stop, Mc Donald’s agus ionadaithe ó BOO Chathair Bhaile Átha Cliath.
35 eachtra atá ag tarlú san iomlán, i bpearsa agus ar líne araon, le réimse leathan deiseanna ar fáil.
Spreag an tAire dóibh siúd nach bhfuil in ann freastal ar na himeachtaí i bpearsa an fhéidearthacht freastal orthu ar líne a mheas.
Tá eolas maidir leis an réimse iomlán eachtraí le fáil ag www.Gov.ie/WorkandSkills
Nótaí don Eagarthóir:
Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí, SOLAS, agus Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann tacaíocht do na himeachtaí Oibre agus Scileanna.
Is éard atá i gceist leis an gComhpháirtíocht Trasteorann do Sheirbhísí Fostaíochta ná comhpháirtíocht le cúnamh a thabhairt do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí i mbun earcaíochta ar an dá thaobh den teorainn le folúntais a líonadh. Sa chomhpháirtíocht seo, áirítear comhaltaí de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí, na Roinne Pobail, Tuaisceart Éireann, ionadaithe gnó agus na gceardchumann.
Go sonrach, soláthraíonn sé conairí don eolas atá riachtanach do dhaoine atá ag bogadh thar an teorainn, mar shampla, cuardaitheoirí poist a bhfuil eolas ag teastáil uathu maidir le deiseanna fostaíochta agus oiliúna ar an dá thaobh den teorann, maidir le cánachas agus leis na córais shlándáil shóisialach.
Liosta na n-eachtraí
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir | An 6 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Óstán Strand, Luimneach | an 6 Deireadh Fómhair |
Gaillimh – Seisiún Eolais | Bálseomra Emerald, Béal Átha na Sluaighe | An 9 Deireadh Fómhair |
Seisiún Eolais | Ionad Intreo na Gaillimhe | An 9 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann | Ionad Intreo Inse | An 9 Deireadh Fómhair |
Seisiún Eolais | Ionad Intreo Bhaile Locha Riach | An 10 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann | Ionad Intreo, Gaillimh | An 10 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Óstán Glenroyal, Maigh Nuad | An 10 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Leabharlann Bhaile Formaid, Baile Átha Cliath 10 | An 10 Deireadh Fómhair |
Lá Eorpach na bPost ar líne – Gairmeacha san fháilteachas agus i gcúram leanaí | Ar líne (ar an láthair i Malaga, an Spáinn) | An 10 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann | Ionad Intreo Dhún Dealgan | An 10 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Ionad Intreo Dhurlais | An 11 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Óstán an Túir, Port Láirge | An 11 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Óstán Chuan an Inbhir Mhóir | An 11 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Óstán Ardboyne An Uaimh, Co. na Mí | An 11 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta Óglaigh na hÉireann | Óstán Mór an Tuaiscirt, Bun Dobhráin | An 11 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta An Post | Oifig Intreo Bhaile Átha Luain | An 12 Deireadh Fómhair |
Seisiún Eolais | Ionad Oideachais agus Oiliúna an Ghoirt, Gaillimh | An 12 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta An Post | Oifig Intreo, Cluain Dolcáin | An 12 Deireadh Fómhair |
Clinic CV d'Úcránaigh | LDCO, Liatroim | An 12 Deireadh Fómhair |
Imeacht Eolais - Obair agus Scileanna (cuireadh amháin) | Ionad Oiliúna, Baile Átha Í, Co. Chill Dara | An 12 Deireadh Fómhair |
Eachtra Earcaíochta Óglaigh na hÉireann | Ionad Oiliúna Bhaile Átha Luain, Garraí an Chaistil, Co. na hIarmhí | An 13 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Óstán Talbot, Loch Garman | An 17 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Ionad Intreo, Tamhlacht | An 17 Deireadh Fómhair |
Cur i láthair do Chuardaitheoirí Poist | Ionad Íontas, Baile na Lorgan, Co Mhuineacháin | An 17 Deireadh Fómhair |
Aonach Tógála, Earcaíochta agus Oiliúna | Ionad Oiliúna BOOÁCDL, Baile Dúill, Baile Átha Cliath 13 | An 17 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Óstán Metropole, Cathair Chorcaí | An 18 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta Orpea | Óstán Glenroyal, Maigh Nuad, Co. Chill Dara | An 18 Deireadh Fómhair |
Aonach Trasteorann na bPost Fíorúil | Ar líne | An 18 Deireadh Fómhair |
Aonach Printíseachta agus Oiliúna | Óstán na Páirce, an Muileann gCearr | An 19 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Leabharlann na Cúlóige | An 19 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Ionad Pobail Bhaile Uí Dhálaigh, Bré | An 19 Deireadh Fómhair |
Eachtra Líonraithe an Chabháin d'Fhiontraithe Ban | Óstán na Cille Móire, an Cabhán | An 19 Deireadh Fómhair |
Aonach Earcaíochta agus Oiliúna | Ionad na nGasóg, Caisleán an Bharraigh, Maigh Eo | An 19 Deireadh Fómhair |