Osclaíonn an tAire O’Brien iarratais ar Thionscnamh Maoinithe chun Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta a chur chun cinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’oscail an tAire Stáit Joe O’Brien T.D., le freagracht as Cuimsiú Sóisialta sa Roinn Coimirce Sóisialaí, an próiseas iarratais ar dheontas do thionscnaimh chun feasacht ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta a chur chun cinn.
Is é an 17ú Deireadh Fómhair 2022 Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta agus tá fócas idirnáisiúnta air ó ghlac na Náisiúin Aontaithe go foirmiúil leis i 1992. In Éirinn, tá an lá á chur chun cinn ag Coiste an 17ú Deireadh Fómhair agus Uile le Chéile le Dínit (ATD) Éireann.
Tá maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí chun tacú le grúpaí frithbhochtaineachta gníomhaíochtaí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta a eagrú chun feasacht ar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta a chur chun cinn.
Dúirt an tAire O’Brien:
“Is deis é Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta do ghrúpaí pobail áitiúla agus do thionscadail maoiniú breise a dhaingniú chun cabhrú lena gcuid oibre ag dul i ngleic le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta. Is bealach úsáideach é freisin le meabhrú dúinn féin nach bhfuil aon leibhéal bochtaineachta inghlactha nó dosheachtanta go háirithe i dtír fhorbartha mar Éire.”
Tá an maoiniú oscailte d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí frithbhochtaineachta a oibríonn le daoine atá thíos leis an mbochtaineacht ag leibhéal náisiúnta nó áitiúil i bPoblacht na hÉireann. Tá maoiniú suas le €3,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail.
Is é téama na hÉireann do Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta ná: Meas ar Dhínit na Daonnachta Uile: Cuir Deireadh le Bochtaineacht Seasmhach
Dúirt an tAire O’Brien chomh maith:
“Tá sé ríthábachtach go n-aithnímid go bhfuil an bhochtaineacht fós ina chuid mhór den saol in Éirinn ach ag an am céanna tá sé ríthábhachtach go n-aithnímid nach féidir glacadh leis seo.
“Tá sé mar aidhm ag an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta leibhéal na bochtaineachta seasta a laghdú go 2% nó níos lú faoi 2025 agus cé go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta againn i dreo na sprice sin ceapaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go ndíreoidh an sochaí, agus go háirithe an rialtas, a uirlisí beartais go léir chun deireadh a chur le bochtaineacht.
“Measaim gur chóir go gcabhródh an tionscnamh seo le meon a dhíriú ar ár sprioc sa rialtas a bhaint amach maidir le bochtaineacht chomhsheasmhach agus dlúthpháirtíocht phoiblí a chothú agus ár n-acmhainní a dhíriú orthu siúd is mó a bhfuil gá acu leis.”
Gníomhaíochtaí is féidir a mhaoiniú
Tionscnaimh aonuaire le fócas náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó fócas áitiúil a bhfuil sé mar aidhm acu:
Déanfar raon leathan gníomhaíochtaí, nó meascán de ghníomhaíochtaí, a mheas le haghaidh maoinithe.
Is é an 19ú Lúnasa 2022 an dáta deiridh le haghaidh iarratas.
Tá sonraí iomlána ar an tionscnamh maoinithe agus an próiseas iarratais ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo