An tAire Creed i ndiaidh bualadh le lucht thionscal na hIascaireachta chun ábhar imní maidir le Breatimeacht "Gan Mhargadh" a phlé
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD le hionadaithe ó thionscal iascaireachta na hÉireann inniu san Ionad Náisiúnta Bia Mara i gCloich na Coillte, chun cúrsaí mar atá maidir leis an mBreatimeacht agus na tionchair thromchúiseacha a d'fhéadfadh a bheith roimh an tionscal a phlé.
Rinne an tAire cur síos ar an mbaol dáiríre atá ann d'earnáil iascaireachta na hÉireann má tharlaíonn Breatimeacht 'Gan Mhargadh'.
Dúirt an tAire Creed:
“Cuirfidh Breatimeacht ‘Gan Mhargadh’ dúshláin thromchúiseacha roimh thionscal iascaireachta na hÉireann lena n-áirítear go bhféadfaí an teacht atá ag Éire ar uiscí na Ríochta Aontaithe, uiscí ina ndéantar breis is an tríú cuid de na cuótaí atá againn a ghabháil, a chailleadh. Níl a fhios againn cén ghníomh a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe i ndáil le hiascaigh sa chás is go dtarlódh Breatimeacht "Gan Mhargadh", ach ní mór dúinn ullmhú don chás is measa, sé sin sa chás nach dtabharfadh an Ríocht Aontaithe cead do bháid iascaigh an AE a bheith ag iascach ina cuid uiscí. Táim ag obair go dlúth le páirtithe leasmhara iascaireachta ó cinneadh dul ar aghaidh leis an mBreatimeacht agus ba chuid den rannpháirtíocht leantach sin a bhí i gcruinniú an lae inniu."
Thug an tAire an t-eolas is déanaí do na páirtithe leasmhara ar an obair ullmhúcháin atá ar siúl ag an Rialtas ar fad agus ar an sainobair atá ar siúl i ndáil le hiascaigh ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an AE araon.
Dúirt an tAire Creed:
“Bhain an lá inniu lena chinntiú go mbeadh ionadaithe go hiomlán ar an eolas maidir leis an obair atá ar bun chun ullmhú don Bhreatimeacht. Sa chás nach mbeadh cead ag flít an AE in uiscí an AE, bheadh impleachtaí tromchúiseacha aige ar fhlít na hÉireann. Chun an tionchar sin a laghdú a mhéid agus is féidir ní mór freagra comhordaithe a bheith ann ag leibhéal an AE ón gCoimisiún, ó Bhallstáit ábhartha agus ó pháirtithe leasmhara iascaigh."
Thug an tAire Creed eolas cothrom le dáta ar thograí reachtacha agus an úsáid, b'fhéidir, a bhainfí as bearta sealadacha stad, as malartú cuóta leis an RA agus rochtain chómhalartach. Thug an tAire le fios freisin go mbeidh tuilleadh beart de dhíth agus chuir sé é sin go iúl go soiléir sa gcruinniú leis an gCoimisinéir Iascaigh Karmenu Vella an tseachtain seo caite. Tá Éire ag obair go dlúth agus go dian le Ballstáit eile a bhfuil imní orthu faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige seo ar chúrsaí iascaigh agus Coimisiún an AE.
Mar fhocal scoir, ghlac an tAire buíochas leis an tionscal:
“faoi a bheith leanúnach maidir leis an méid atáthar ag iarraidh a chur i gcrích agus faoi bheith rannpháirteach liomsa agus leis an Roinn agus ar fud an AE chun leasa iascaigh na hÉireann a chosaint."
I measc na n-ionadaithe tionscail a bhí i láthair bhí ionadaithe ó Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann, Eagraíocht Iascairí Dheisceart agus Iarthar na hÉireann, Eagraíocht Iascairí Dheisceart agus Oirthear na hÉireann agus cumann Táirgeoirí agus Onnmhaireoirí Éisc na hÉireann. Bhí ionadaithe ó ghníomhaireachtaí mara an Stáit - BIM, Foras na Mara agus an SFPA i láthair freisin.
CRÍOCH