Seoladh an Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht (AIM) i Meitheamh 2016 chun go mbeadh leanaí faoi mhíchumas cuimsithe go hiomlán sa chlár Cúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) agus go mbeadh páirt fhiúntach á glacadh acu. Tá sé mar aidhm ag AIM a chur ar chumas soláthraithe seirbhíse taithí chuimsitheach réamhscoile a chur ar fáil, agus a chinntiú go mbeadh gach leanbh cáilithe in ann páirt iomlán a ghlacadh sa chlár ECCE agus leas iomlán a bhaint as oideachas agus cúram luathbhlianta ar ardchaighdeán. Múnla leanbhlárnach tacaíochtaí is ea AIM, a bhfuil seacht leibhéal tacaíochta forchéimnithí ag baint leis, ó thacaíocht uilíoch go dtí tacaíocht dhírithe, atá bunaithe ar riachtanais agus láidreachtaí an linbh agus an tsoláthraí sheirbhíse.