Scéim Deontais €21 Milliún Nua Seolta ag an Aire Ryan le Borradh a Chur faoi Bhonneagar Luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan T.D. inniu go bhfuil scéim €21m nua seolta aige d’fhonn dlús a chur le forbairt bonneagair luchtaithe ardchumhachta d’fheithiclí leictreacha (EVanna) ar fud ghréasán bóithre na hÉireann.
I gcomhréir le rialacháin ón AE, tá an scéim tosaigh seo dírithe ar an ngréasán mótarbhealaí/débhealaí agus ar linnte luchtaithe ardchumhachta a chur ar fáil gach 60 ciliméadar. Beidh aschur cumhachta 1200kW ag gach ceann de na linnte sin, agus ceithre phointe luchtaithe 150kW ar a laghad. Tá sé mar aidhm ag an deontas an earnáil phríobháideach a spreagadh chun na linnte luchtaithe nua a chur ar fáil faoi dheireadh 2025.
Tá an scéim dírithe ar áiseanna a bheidh ar fáil go poiblí nach mó ná 3km ón ngréasán mótarbhealaí/débhealaí, amhail ionaid seirbhísí, óstáin, ionaid díola.
Tá scéimeanna eile le seoladh amach sa bhliain a bheidh dírithe ar chodanna eile den ghréasán bóithre, chomh maith leis an luchtú ag an gceann scríbe agus i gcomharsanachtaí. Tacóidh siad sin tuilleadh le spriocanna Phlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide agus le glacadh le EVanna sa tír.
Ag labhairt dó faoi sheoladh na scéime, dúirt an tAire Ryan
“Cinnteoidh sé seo go mbeidh linnte luchtairí ardluais againn go rialta feadh ár ngréasáin bóithre. Fágfaidh sé go mbeidh tiománaithe EV in ann talamh slán a dhéanamh de go mbeidh fáil acu ar áiseanna inrochtana luchtaithe ardluais ar a dturais, rud a spreagfaidh tuilleadh daoine fós le dul le EV agus a gcion féin a dhéanamh lenár n-astaíochtaí a laghdú.
B’fhéidir go bhfuil Éire níos oiriúnaí do EVanna ná go leor tíortha eile toisc go bhfuil cónaí ar an-chuid daoine i dtithe, áit a bhfuil an spás acu lena gcarr a luchtú. Buntáiste ollmhór é sin dúinn, agus 110,000 EV ar an mbóthar cheana. Cuirfidh an scéim seo leis an mbuntáiste sin tuilleadh de bharr go mbeimid in ann brath ar an mbonneagar agus muid amuigh ar an mbóthar, rud atá iontach tábhachtach go háirithe dóibh siúd nach féidir leo a gcarr a luchtú sa bhaile.”
Leag Peter Walsh, Príomhfheidhmeannach TII, béim ar a thábhachtaí atá an scéim ó thaobh soláthar bonneagair bóthair de:
“Céim shuntasach chun cinn is ea an tionscnamh seo le seirbhísí a fheabhsú ar fud an ghréasáin bóithre. Caithimid dúthracht le bonneagar luchtaithe ar féidir brath air a chur ar fáil, bonneagar atá mar bhonn agus mar thaca ag fás geilleagrach agus ag nascacht inbhuanaithe ar fud bhóithre na hÉireann.”
Próiseas iomaíoch deontais a bheidh sa tionscnamh, a bheidh ag cloí le rialacha Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (GBER), agus tá sé deartha le rolladh amach an bhonneagair luchtaithe a uasmhéadú.
Féadfar an cúnamh deontais seo a úsáid faoi chomhair na gcostas caipitil a bhaineann leis an mbonneagar nua a shuiteáil, agus cuirfear méid suntasach airgid ar fáil faoi chomhair costais incháilithe eile chomh maith. Beidh raon leathan costais a bhaineann le bonneagar luchtaithe incháilithe faoin scéim seo, lena n-áirítear bonneagar luchtaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú, chomh maith le hoibreacha gaolmhara innealtóireachta sibhialta agus táillí toilithe forbartha na nÚdarás Áitiúil.
Ní mór d'iarratasóirí pleananna cuimsitheacha le haghaidh na linnte luchtaithe a chur isteach, ina sonraítear na stáisiúin luchtaithe atá beartaithe, na háiseanna, na costálacha, agus faisnéis maidir leis na háiteanna a mbeidh siad. Féadfar iarratais a chur isteach idir an 14 Feabhra agus an 10 Aibreán 2024, agus cuirfear na hiarratasóirí siúd a n-éireoidh leo ar an eolas faoi lár 2024. Maidir leis an mbonneagar nua atá le maoiniú faoin scéim seo, is é an sprioc go mbeidh sé ar líne faoi mhí na Nollag 2025.
Tá tuilleadh eolais leagtha amach i mbróisiúr na scéime, atá ar fáil ar EV Scheme. Caithfear iarratais a dhéanamh trí eTenders roimh mheán lae ar an 10 Aibreán 2024.