D’oscail an tAire Humphreys Ionad nua Intreo in Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’oscail an tAire Coimirce Sóisialaí, an TD Heather Humphreys, Ionad Intreo nua de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí in Inis Córthaidh, Co. Loch Garman go hoifigiúil inniu.
Feidhmeoidh an tsaoráid Intreo mar ‘ionad ilfhreastail’ ina dtabharfar le chéile seirbhísí fostaíochta agus tacaíochta a bhí á gcur ar fáil i dtrí ionad éagsúla go dtí seo.
I measc na seirbhísí a bheidh ar fáil ón oifig nua beidh:
Ina ráiteas inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-lúcháir orm Ionad Intreo nua de chuid mo Roinne a oscailt go hoifigiúil anseo in Inis Córthaidh.
“Roimhe seo, bhí seirbhísí na Roinne lonnaithe i dtrí ionad éagsúla ar fud an bhaile.
“Feidhmeoidh an oifig nua seo mar ‘ionad ilfhreastail’ – a chuirfidh seirbhís níos cuimsithí ar fáil do theaghlaigh agus do shaoránaigh atá ina gcónaí sa phobal seo a bhfuil fás faoi.
Bhíothas in ann an Oifig nua Intreo a chur ar bun toisc gur cuireadh síneadh leis agus leagan amach nua ar an oifig atá ag an tSeirbhís Fostaíochta de chuid na Roinne ag Cearnóg na Mainistreach, Bridgepoint.
I Mí an Mhárta 2022, d’éirigh iarbhainisteoir Oifig an Bhrainse Leasa Shóisialaigh in Inis Córthaidh, Séamus Redmond, as an tseirbhís tar éis 44 bliain sa ról.
Le nach gcuirfí isteach ar sholáthar seirbhísí, chuir an Roinn seirbhísí ar fáil san áit a bhí an Oifig Brainse le fada go dtí go raibh an tIonad Intreo nua ag Bridgepoint réidh i Mí na Nollag 2022.
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Deirim i gcónaí gur mana simplí é an mana atá againn sa Roinn. ‘Táimid anseo chun cabhrú libh’.
“Agus tar éis an ionad ilfhreastail seo a chruthú, beimid in ann seirbhís níos fearr a chur ar fáil do dhaonra iomlán an bhaile seo.
“Léiríonn an t-aistriú seo freisin mo thiomantas, mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, ar rochtain chuí a chinntiú dár mbailte agus sráidbhailte tuaithe ar sheirbhísí ríthábhachtacha Stáit.
“Mar fhocal scoir, ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do Shéamus Redmond, an t-iarBhainisteoir Oifige Brainse in Inis Córthaidh a chuaigh ar scor anuraidh tar éis dó 44 bliain de sheirbhís dhílis a thabhairt i mbun an róil seo.
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil freisin leis an bhfoireann san oifig agus iad a mholadh as an dúthracht leanúnach a léiríonn siad i mbun seirbhísí tábhachtacha a sholáthar do theaghlaigh in Inis Córthaidh agus sna ceantair máguaird.”
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá an tIonad Intreo nua lonnaithe ag Bridgepoint, Cearnóg na Mainistreach, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman agus comhdhlúthaíonn sé seirbhísí a bhí lonnaithe roimhe seo ag na háiteanna seo a leanas:
Cuireann Ionad Intreo faisnéis agus tacaíochtaí ar fáil ar fud scéimeanna na Roinne. Tá 18 mball foirne san iomlán ag obair san Ionad Intreo nua.