Comhaontaithe ag an Rialtas éileamh ar theifigh atá ag taisteal go hÉirinn ó thíortha sábháilte Eorpacha víosaí a bheith acu ar bhonn sealadach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá comhthogra ón Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, T.D., agus ón Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D., comhaontaithe ag an Rialtas inniu, go ndéanfaidh Éire an rogha a thapú chun feidhmiú Chomhaontú Chomhairle na hEorpa maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe (Comhairle na hEorpa) a chur ar fionraí ar bhonn sealadach ar feadh 12 mhí.
Eisíonn tíortha sínithe chuig an gcomhaontú seo Doiciméid Taistil Coinbhinsiúin chuig teifigh, lena mbíonn na daoine a bhfuil doiciméid den sórt sin acu in ann taisteal chuig tíortha sínithe eile gan víosa nó gan cead a fháil roimh ré más é an t-aon chuspóir amháin atá leis an aistear cuairt a thabhairt ar feadh trí mhí ar a mhéad.
Baineann an díolúine ó víosa le daoine a bhfuil Doiciméad Taistil Coinbhinsiúin acu arna eisiúint ag na tíortha seo a leanas: an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ungáir, an Íoslainn, an Iodáil, Lichtinstéin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, Poblacht na Slóvaice, an Spáinn, an tSualainn, nó an Eilvéis.
Le hAlt 7 den Chomhaontú ceadaítear feidhmiú an Chomhaontaithe a chur ar fionraí. Tiocfaidh an fhionraíocht i bhfeidhm ó mheán lae amárach, Dé Máirt an 19 Iúil 2022.
Ní dhéanfaidh an cinneadh seo aon difear do shocruithe taistil saor ó víosaí do náisiúnaigh na hÚcráine a tugadh isteach an 25 Feabhra mar fhreagra ar an gcogadh san Úcráin. Beidh teifigh a bhfuil Doiciméid Taistil Coinbhinsiúin acu in ann taisteal go hÉirinn fós ach beidh orthu iarratas a dhéanamh ar víosa faoi shocruithe caighdeánacha.
Chomhaontaigh an Rialtas an fhionraíocht shealadach chun sláine córas inimirce agus Cosanta Idirnáisiúnta a chosaint. Tá iarratais á bhfáil ag an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ó roinnt daoine ar bhronn stáit eile stádas teifigh orthu cheana féin.
Déanann an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta gach iarratasóir atá os cionn 14 d’aois i mbunachar sonraí Eurodac a sheiceáil – ar bunachar sonraí AE é a stórálann méarloirg iarratasóirí ar chosaint Idirnáisiúnta nó méarloirg daoine a tháinig trasna teorann go neamhdhleathach. Úsáideann tíortha an AE chomh maith leis an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Eilvéis an bunachar sonraí sin.
Cuireann Eurodac Éire ar an eolas má tugadh Cosaint Idirnáisiúnta cheana don duine i mBallstát AE eile. Ó mhí Eanáir 2021 go dtí mí Eanáir 2022, fuair an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta 760 fógra ar an mbonn gur tairbhí cosanta idirnáisiúnta an duine sin i Stát eile.
Ar na 760 fógra sin, tháinig 479 nó 63% ó Bhallstáit AE a bhfuil a dtairbhithe cosanta idirnáisiúnta díolmhaithe ó víosaí. Baineann na 479 fógra sin le 7% de na 6494 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa tréimhse sin.
Le linn di a bheith ag caint i ndiaidh na Comh-aireachta, dúirt an tAire McEntee:
“Ní go réidh a rinne an Rialtas an cinneadh seo. Táimid tiomanta do sheasamh leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta agus AE atá orainn i dtaobh iarrthóirí tearmainn (iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta) agus teifeach. Mar sin féin, sa chás go bhfuil cruthúnas ann go bhféadfadh mí-úsáid a bheith á baint as córas den chineál sin, ní mór don Rialtas gníomhú go tapa chun na rioscaí a mhaolú chun sláine na gcóras inimirce agus cosanta idirnáisiúnta a chothabháil agus chun seasamh le muinín an phobail sna córais sin.
“Chonaiceamar le míonna beaga anuas go bhfuiltear ag déanamh dúshaothrú ar an díolúine ó víosa dá bhforáiltear i gComhaontú Chomhairle na hEorpa, lena n-áirítear roinnt daoine a thagann isteach chuig an Stát agus a éilíonn cosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh sin, in ainneoin gur thug stát Eorpach eile cosaint den sórt sin dóibh.
“Tá an fhionraíocht ar fheidhmiú an Chomhaontaithe sealadach agus déanfar athbhreithniú uirthi i gceann bliana. Idir an dá linn, is féidir le daoine a bhfuil doiciméad taistil coinbhinsiúin acu atá ag iarraidh taisteal go hÉirinn iarratas a dhéanamh faoi na socruithe do víosaí caighdeánacha.”
Dúirt an tAire Coveney:
“Tá tiomantas na hÉireann do dhaoine a dteastaíonn an tacaíocht uathu a chosaint agus cúnamh a thabhairt dóibh, go háirithe do na daoine sin atá ag teitheadh ón gcogadh éagórach agus neamhdhleathach atá ar siúl idir an Rúis agus an Úcráin diongbháilte fós.
“Leis an gcinneadh a glacadh inniu, cuideofar le muintir na hÚcráine a chosaint, agus le daoine as tíortha eile, atá ag teitheadh coimhlinte a chosaint, mar ní bheidh an oiread céanna mí-úsáide á baint as an gcóras seo. Bhíomar ag súil leis an gcéim seo: ghlac ballstáit eile Chomhairle na hEorpa an gníomh céanna roimhe seo.
“Coinneoimid an cinneadh sealadach seo faoi athbhreithniú, agus tiocfaimid ar ais chuige i gceann dhá mhí dhéag”.
Le hAlt 7 den Chomhaontú Eorpach, déantar foráil do pháirtithe chuig an gcomhaontú é a chur ar fionraí ar mhaithe le hord poiblí, le slándáil phoiblí nó le sláinte phoiblí. Chuir an Fhrainc feidhmiú an Chomhaontaithe a bhí ar bun aici in 1986 ar fionraí agus rinneadh an rud céanna sa Ríocht Aontaithe in 2003 ar chúiseanna gaolmhara.
Cuirfear Comhairle na hEorpa ar an eolas maidir le fionraíocht shealadach na hÉireann ar an gComhaontú agus déanfaidh an tAire McEntee ordú chun Ordú 2014 ar an Acht Inimirce (Víosaí) 2004 a leasú.