An Taoiseach chun labhairt le Príómh-Aire na Liobáine Mikati
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Labhróidh an Taoiseach, Simon Harris, T.D. inniú ar an bhfón le Príomh-Aire na Liobáine, an tUasal Najib Mikati:
"I ndiaidh an chuairt a thug sé ar Bhaile Átha Cliath ar an 25ú Deireadh Fómhair, táim ag súil le a bheith ag labhairt arís leis an bhPríomh-Aire, Mikati. Is deis é chun fáilte a chur roimh an sos cogaidh a bhfuil tar éis dul i bhfeidhm idir Hezbollah agus an Iosrael agus chun iarraidh ar gach taobh é a chur i bheidhm go hiomlán.
"Déanfaidh mé comhbhrón leis an bhPríomh-Aire Mikati agus le muintir na Liobáine mar gheall ar na sibhialtaigh a bhfuil caillte. Cuirfidh mé dlúthphairtíocht muintir na Éireann le munitir na Liobáine in iúl dó agus inseoidh mé dó go leanfaidh Éire ag tacú leis an Liobáin chun an tír a atógáil. Tá sé tábhachtach anois go ligfear do na daoine díláithrithe filleadh abhaile go sábháilte agus go mbeidh rochtain gan bhac acu ar an gcabhair dhaonnúil a bhfuil ag teastáil go géar uathu.
"Tá Éire réidh chun cabhair a thabhairt do rialtas na Liobáine ar aon slí agus ar féidir, ag obair leis an Aontas Eorpach nó ag na Náisiúin Aontaithe chun chinntiú go gcuirfí an sos cogaidh i bhfeidhm de réir Rúin 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe. Cuirfidh mé in iúl don Phríomh-Aire Mikati an tiomantas leanúnach a bhfuil ag Éire do UNIFIL agus an obair riachtanach a bhfuil á dhéanamh ag ár gcoimeádaithe síochána an síocháin a chaomhnú."
CRÍOCH