Plean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe ceadaithe ag an Aire Stáit Chambers
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fógartha inniu ag Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D. go bhfuil plean teanga don Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta Oirthear Chathair na Gaillimhe, ceadaithe aige faoin bpróiseas pleanála teanga. Fágfaidh sé seo go mbeidh allúntas bliantúil suas le €100,000 á chur ar fáil faoin bpróiseas chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean teanga ann. Cuirfidh sé seo ar chumas An Bruach Thoir, ceanneagraíocht Oirthear Chathair na Gaillimhe, Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun cabhrú le feidhmiú an phlean teanga don limistéar.
Agus an plean á cheadú dúirt an tAire Stáit Chambers: “De thoradh ceadú phlean teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe faoin bpróiseas pleanála teanga, cuirfear tús leis an bplean a chur i bhfeidhm gan rómhoill., Beifear in ann Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun an plean a chur i bhfeidhm sa dúiche. Is céim mhór chun cinn é seo don limistéar agus don phróiseas pleanála teanga i nGaillimh. Táim cinnte de go mbainfidh pobal an limistéir leas as an infheistíocht shuntasach bhliantúil a chuirfear ar fáil as seo go ceann seacht mbliana chun cabhrú le feidhmiú rathúil an phlean. Tréaslaím le Coiste Pleanála Teanga an Bhruaigh Thoir as gach atá déanta acu go dáta chun an pointe seo a bhaint amach agus guím gach rath orthu lena feidhmiú an phlean sa tréimhse atá rompu".
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Phróisis Pleanála Teanga faoi ghnímh 2.1 agus 2.3 sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 atá an plean teanga á cheadú.
Críoch
Nóta don Eagarthóir:
• Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta Tá 21 limistéar ceadaithe go dáta, le LPT Oirthear Chathair na Gaillimhe san áireamh, Tá 4 phlean á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair agus gan ach plean teanga amháin fágtha le bheith curtha faoi bhráid na Roinne
• Tá 22 Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe sna Limistéir (18 nOifigeach Pleanála Teanga, 4 Oifigeach Pleanála Teanga Cúnta)
• Tá dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe – An Daingean & Leitir Ceanainn. Tá Oifigeach amháin fostaithe i mBaile Seirbhíse Gaeltachta Leitir Ceanainn.
• Tá plean teanga Chathair na Gaillimhe agus An Chlocháin Liath, á scrúdú ag an Roinn faoi láthair agus tá ullmhú pleananna teanga ar bun i 5 cinn de bhailte faoi láthair - Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Corcaigh, Dún Garbháin & Trá Lí
• Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin