Clár RTÉ Investigates – Ráiteas
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Charlie McConalogue T.D, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara:
“Cáinim go géar na cleachtais a chonaiceamar ar an gclár RTÉ Investigates anocht. Is cinnte nach léiriú iad ar an obair a dhéanann feirmeoirí chun a bhfiontair feirme a bhainistiú ar bhealach freagrach. Tugann feirmeoirí aire dá gcuid ainmhithe agus níor mhaith leo go dtabharfaí aon drochíde dóibh riamh.
Mar Aire, táim tar éis obair a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar raon beart chun leas laonna a fheabhsú, agus tá feirmeoirí agus an tionscal ag glacadh na mbeart seo chucu féin.
Is léiriú é an píosa scannánaíochta a thaispeáin RTÉ anocht ar ghníomhartha fíorbheagán daoine. An rud a chonaiceamar anocht, ní fhéadfadh aon duine glacadh leis, agus i gcásanna áirithe, bhí sé in aghaidh an dlí.
D'iarr mo Roinn ar RTÉ gach cuid den scannánaíocht atá ar fáil a chur chuici, chomh maith le haon eolas eile atá aige, le gur féidir léi tuilleadh fiosruithe a dhéanamh faoin gcás seo agus gníomhartha cuí a dhéanamh ina leith."
CRÍOCH