Ráiteas ón Roinn Sláinte - Dé Luain 08 Samhain 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir leis an Roinn Sláinte a dhearbhú go bhfuair an tAire Stáit le Freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Frank Feighan TD, toradh ‘braite’ ó thástáil PCR do COVID-19.
Bhí siomptóim éadroma de COVID-19 ar an Aire Feighan inné (Dé Domhnaigh). De réir comhairle sláinte poiblí, rinne an tAire Feighan féin-aonrú láithreach agus shocraigh sé tástáil a thug toradh ‘braite’ ar ais.
Leanfaidh an tAire Feighan de chomhairle sláinte poiblí a leanúint (lena n-áirítear obair ón mbaile) agus spreagann sé aon duine a thagann siomptóim de COVID-19 orthu féin-aonrú agus tástáil a dhéanamh láithreach. Is féidir leat tástáil a shocrú ar www.hse.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le do dhochtúir ginearálta.
CRÍOCH