Fógraíonn an tAire Sláinte go gceannófar 15,000 vacsaín bhreise don bholgach moncaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD inniu go bhfuil an Stát, trí FSS, tar éis teacht ar mhargadh le Bavarian Nordic chun 15,000 vacsaín don bholgach moncaí a sholáthar. Cuireann an soláthar borradh suntasach faoin gclár imdhíonta atá ar siúl faoi láthair i lár ganntanas domhanda soláthar vacsaíní.
Faoi théarmaí an chomhaontaithe leis an monaróir, seachadfar 5,000 vacsaín i mbliana agus tá na 10,000 dáileog eile le seachadadh an bhliain seo chugainn.
Tá an vacsaíniú coiscthe príomhúil á sholáthar ag FSS dóibh siúd is dóchúla a bhainfidh an tairbhe is mó a bhaint as trí ionaid ainmnithe ar fud na tíre de réir mholtaí an Choiste Chomhairligh Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC). Iarrtar ar dhaoine aonair a riosca ionfhabhtaithe a aithint agus i gcás go measann siad gur cuí é, coinne vacsaíne a chur in áirithe. Tá an t-éileamh ar an vacsaín ard agus tá gach coinne vacsaíne atá ar fáil faoi láthair curtha in áirithe anois. Beifear in ann líon suntasach coinní breise a chur in áirithe an mhí seo chugainn.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is ábhar misnigh é an t-éileamh ar vacsaíní don bholgach moncaí a fheiceáil i measc an daonra is mó a rachadh siad chun tairbhe dóibh agus táim ag spreagadh dóibh siúd nach raibh an deis acu fós, coinne a chur in áirithe sna seachtainí amach romhainn nuair a bheidh siad ar fáil.
“Ligeann an socrú seo le Bavarian Nordic dúinn an clár imdhíonta a leathnú go suntasach agus an chosaint is fearr atá ar fáil i gcoinne na bolgaí moncaí a sholáthar do ghrúpaí atá i mbaol.”
D'fhéadfadh bolgach moncaí tionchar a bheith aici ar dhuine ar bith, ach faoi láthair baineann formhór na gcásanna le fir atá aerach, déghnéasach nó fir eile a mbíonn gnéas acu le fir. Meastar go bhféadfadh idir 6,000 agus 13,000 duine leas a bhaint as vacsaíniú.
Moltar na vacsaíní do dhaoine sna catagóirí seo más rud é: