Ceapachán chuig Bord BSL Fógartha ag an Aire Ryan
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, inniu go bhfuil an tUasal Terence O’Rourke ceaptha ina Chathaoirleach Ainmnithe nua ar Bhord BSL (Bord Soláthair an Leictreachais).
Agus é ag cur fáilte roimh an gceapachán, luaigh an tAire Ryan an taithí shuntasach ar cheannaireacht atá ag an Uasal O’Rourke agus é ag tabhairt faoin ról.
Ghabh an tAire buíochas freisin leis an gCathaoirleach ar BSL atá ag dul as oifig, Ellvena Graham, Uasal, ar tháinig deireadh lena téarma i mí Iúil. Faoi cheannaireacht Ellvena Graham bhí BSL ina cheannródaí maidir le bonneagar feithiclí leictreacha, méadair chliste, agus dícharbónú earnáil an leictreachais.
Dúirt an tAire Ryan,
“Cuireann sé an-áthas orm an tUasal O’Rourke a cheapadh ina Chathaoirleach ar BSL. Ceanglaíonn Clár an Rialtais orainn ár n astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána a laghdú de níos mó ná a leath faoi dheireadh na ndeich mbliana seo agus beidh ról tábhachtach ag BSL ó thaobh cabhrú leis an tír an sprioc sin a bhaint amach. Tá mé ag tnúth le bheith ag obair leis an Uasal O’Rourke agus BSL fós ag glacadh ról ceannaireachta ó thaobh dul i ngleic le dúshlán an dícharbónaithe agus ár spriocanna aeráide a bhaint amach.”
Mairfidh ceapachán an Uasail O'Rourke ar feadh tréimhse cúig bliana.
CRÍOCH