Comhairliúchán Poiblí ar Roghanna Éiritheacha maidir le Scéim Fhaoisimh Tuile Bhéal Átha na Sluaighe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tosóidh an dara Tréimhse Chomhairliúcháin Phoiblí maidir le Scéim Fhaoisimh Tuile Bhéal Átha na Sluaighe ar an gCéadaoin 9 Feabhra, go dtí an Chéadaoin 23 Feabhra 2022. Beidh an fhaisnéis tionscadail ar fáil le feiceáil ag an bpobal ins na hOifigí Cathartha agus sa Leabharlann Phoiblí ag Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe le linn an ama seo. Leanann an comhairliúchán poiblí seo ón ócáid roimhe seo ar 5 Márta 2020. Beidh an fhaisnéis tionscadail ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin an tionscadail: floodinfo.ie/ballinasloefrs .
In 2018, ag oibriú i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae na Gaillimhe, choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí an Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí na Sionainne (MBPTA). Chuimsigh Limistéar Staidéir MBPTA na Sionainne Béal Átha na Sluaighe mar Limistéar um Measúnú Breise (LMB) agus cinneadh go mbeadh scéim fhaoisimh tuile inmharthana agus éifeachtach don phobal. Ina dhiaidh sin cheap OPW Comhairleoirí Dearaidh Arup agus Comhairleoirí Comhshaoil Ryan Hanley chun Scéim Fhaoisimh Tuile (SFT) inmharthana a cheapadh le haghaidh Bhéal Átha na Sluaighe.
Is aidhm don chomhairliúchán seo an pobal agus príomhpháirtithe leasmhara a uasdhátú maidir leis na roghanna dóchúla éiritheacha don scéim atá molta. Beidh ceistneoir ar fáil chomh maith le tairseach ar líne chun deis a sholáthar aiseolas a thabhairt, tráchta a dhéanamh agus ceisteanna a chur isteach. Beidh lucht Foirne Tionscadail ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt trí líne teileafóin ar leith le linn na tréimhse chomhairliúcháin.
Tá bileoga eolais á seachadadh chuig gnóthais agus tithe cónaithe i mBéal Átha na Sluaighe. Molann OPW agus Comhairle Contae na Gaillimhe do chách gníomhú leis an dtréimhse chomhairliúcháin seo. Pléifear le gach aiseolas agus faisnéis a fhaightear de réir rialacháin RGCS.
Tá breis eolais agus sonraí teagmhála ar fáil trí shuíomh gréasáin an tionscadail ag: floodinfo.ie/ballinasloefrs .
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works