Cuireann an tAire Humphreys an Fóram Réamhbhuiséid ar siúl
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, Fóram Réamhbhuiséid bliantúil na Roinne Coimirce Sóisialaí ar siúl inniu i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Bhí Joe O’Brien, TD, an tAire Stáit le Freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, agus Damien English, TD, an tAire Stáit le Freagracht as Seirbhísí Fostóra, i dteannta léi.
D’fhreastail ionadaithe ó réimse fairsing eagraíochtaí agus grúpaí pobail ar an bhFóram, ar a ndearna an t-iriseoir Ingrid Miley modhnú.
Agus í ag labhair leis an bhFóram, dúirt an tAire Humphreys:
“Príomhghealltanas i gClár an Rialtais is ea conradh sóisialta nua idir an Stát agus ár saoránaigh a fhorbairt.
“Cuid ríthábhachtach é an córas Coimirce Sóisialaí den chonradh sóisialta seo agus aghaidh á tabhairt ag próiseas an Bhuiséid bhliantúil ar athrú dearfach a bhaint, agus é ina chuspóir difear a dhéanamh do shaol daoine ar fud an Stáit.”
Labhair an tAire Humphreys ar an tionchar a d’imir paindéim Covid-19 ar shaol daoine agus conas a thaispeáin sé, thar aon ní eile, an tábhacht a bhaineann leis an gcóras coimirce sóisialaí chun líontán láidir sábhála a sholáthar dár saoránaigh.
Bhain caiteachas na Roinne breis agus €30 billiún amach in 2020, a bhí beagnach 50% ní b’airde ná an caiteachas measta roimh Covid agus meastar go mbeidh caiteachas na bliana seo breis agus €29 billiún.
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Dhírigh mo Roinn le bliain go leith anuas go mór ar thacaíochtaí ioncaim éigeandála a sholáthar dóibh siúd ar imir an phaindéim drochthionchar orthu, anuas orthu siúd a chosaint is mó atá i mbaol bochtaineachta.
“A bhuíochas le tabhairt isteach rathúil leanúnach an chláir vacsaínithe, is féidir linn tosú anois le súil a chaitheamh chun cinn agus tar éis na paindéime, de réir mar a leanaimid lenár sochaí agus geilleagar a athoscailt.
“De réir mar a bhogaimid ar aghaidh ón bhfreagairt do theacht as an bpaindéim, tá orainn ár n-iarrachtaí a athdhíriú - ní hamháin maidir le tacaíochtaí ioncaim a sholáthar - ach ar chabhrú le daoine filleadh ar an obair. Leagfaidh an Rialtas a chuid pleananna amach an tseachtain seo chun tacú leis na mílte duine an fhostaíocht a bhaint amach trínár straitéis fostaíochta nua Náisiúnta, Bealaí chun Oibre.
“Tuigim freisin go bhfuil go leor daoine ann a bhraitheann ar íocaíochtaí leasa seachtainiúla eile, mar shampla, daoine faoi mhíchumas, daoine breacaosta agus cúramóirí. Is mian liom a chinntiú go gcloistear a ndearcthaí fad a dhéanann an Rialtas breithniú ar chomhdhéanamh Bhuiséad 2022.”
Dúirt an tAire freisin:
“Táim tiomanta, i mBuiséad 2022, do leanúint leis an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas a dhéanamh chun na daoine is leochailí a bhaint den bhochtaineacht.
“Léiríonn taighde forleathan go soiléir go gcuireann aistrithe sóisialta go mór le rátaí bochtaineachta a laghdú.
“Imríonn aistrithe sóisialta in Éirinn éifeacht laghdaithe bochtaineachta 70%, ceann de na héifeachtaí is airde san Eoraip.
“Is é an dúshlán a chuirfear roimh an mBuiséad seo ná conas ár n-acmhainní a dhíriú i dtreo na ndaoine siúd is mó a dteastaíonn siad uathu.”
Dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas freisin agus é a labhairt inniu:
”Tá freagracht orm laistigh den Roinn Coimirce Sóisialaí as ionchuimsiú sóisialta agus an Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta a chur i bhfeidhm. Is é príomhchuspóir an Treochláir an ráta náisiúnta bochtaineachta comhsheasmhaí a laghdú anuas go dtí 2% nó níos lú faoin mbliain 2025.
“Baineann ríthábhacht leis an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí a laghdú chun neamhionannas a laghdú agus a chinntiú go mbraitheann na daoine is leochailí go bhfuil siad á gcur san áireamh sa tsochaí.
“Is eol dúinn gur gá athrú teacht ar chúrsaí chun bochtaineacht a laghdú in Éirinn. Tá na cinntí a dhéanaimid i rith an phróisis bhuiséid bhliantúil mar chuid den athrú seo mar gheall go ndéanaimid breithniú ar conas díriú ar mhéaduithe leasa lena chinntiú go bhfaigheann iad siúd is leochailí an tacaíocht a theastaíonn uathu.”
Dúirt an tAire English, agus é ag freastal ar a chéad Fhóram Réamhbhuiséid de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí, gur fháiltigh sé roimh an deis casadh le hionadaithe páirtithe leasmhara agus a dtosaíochtaí a chloisteáil don Bhuiséad a bheidh ag teacht aníos.
Dúirt an tAire freisin:
“Ní foláir go n-aistreofar díriú an Rialtais ag tráth éigin ó fhreagairt don phaindéim agus go dtí féachaint chun cinn.
“Is tábhachtach, ar mhaithe le cothroime agus inbhuanaitheacht, agus mar a chéile leis an gcur chuige atá á ghlacadh i dtíortha eile, go ndéanaimid iarracht leibhéil níos gnáiche de thacaíochtaí fostóra agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh a chur ar fáil arís.
“Caithfear seo a bhainistiú ar bhealach cúramach agus céimnithe le titim mhór thobann ar ioncam a íoslaghdú agus a chinntiú, ina theannta sin, go bhfuil seirbhísí agus oiliúint fostaíochta ar fáil d’oibrithe a ndearnadh difear dóibh.
Luaigh an tAire English príomhghnéithe na straitéise Bealaí chun Oibre Straitéis, agus dúirt sé:
“Tosófar, i gcaitheamh na n-athruithe seo, le tacaíocht seirbhíse fostaíochta a chur ar tairiscint dóibh siúd is mó atá i mbaol dífhostaíocht fhadtéarmach chun gur féidir leo tús a chur lena n-aistear ar ais go dtí an obair nó an oiliúint agus an t-oideachas. Príomhghné den straitéis Bealaí chun Oibre 2021-2025 é seo chun cabhrú leo siúd atá dífhostaithe chun filleadh ar an obair trí uasoiliúint agus athoiliúint trí thionscnaimh oideachais agus oiliúna.
“Is léir go bhfuil go leor den mhéid seo an-chosúil leis na freagrachtaí Aire atá orm féin, agus táim ag tnúth le hoibriú leis an Aire Humphreys leis na torthaí is fearr a sholáthar dóibh siúd a chaill fostaíocht agus a dteastaíonn tacaíochtaí breise uathu le fostaíocht a fháil arís.”
Labhair an tUasal Séamus Coffey, léachtóir sa Roinn Eacnamaíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh freisin ag an bhFóram Réamhbhuiséid, agus thug sé a dhearcadh féin de réir mar a thosaíonn Éire ag teacht as an bpaindéim agus i leith an chur chuige ba cheart a ghlacadh i gcomhthéacs Bhuiséad 2022.
CRÍOCH