Faomhadh do DART+ an Chósta Thuaidh Faighte ag an Aire Ryan
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá comhaontú ón gComhaireacht faighte ag an Aire Iompair, Eamon Ryan, inniu, an 21 Bealtaine 2024, go gcuirfear tionscadal iarnróid DART+ an Chósta Thuaidh isteach sa chóras pleanála.
Leis an mórthionscadal iompair phoiblí seo, cuirfear síneadh 37km leis na sreanga leictreacha lastuas ar an gcóras DART, ó Mhullach Íde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath go Droichead Átha i gCo. Lú. Fágann sé sin go mbeidh traenacha DART tapa, ardmhinicíochta agus lán-leictrithe in ann oibriú idir cathair Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha. Cuirfidh sé sin uasghrádú ar an tseirbhís iarnróid chun freastal ar na pobail feadh an bhealaigh a bhfuil fás ag teacht orthu, lena n-áirítear Cluain Ghrífín, Domhnach Bat, Baile Brigín agus na Sceirí.
Tar éis don Rialtas faomhadh a thabhairt inniu, cuirfear Ordú Iarnróid (iarratas pleanála) do thionscadal DART+ an Chósta Thuaidh faoi bhráid an Bhoird Pleanála faoi mhí Iúil. Faoi réir ag cead pleanála agus socruithe maoinithe, d’fhéadfaí tús a chur le hoibreacha tógála ar an mbealach níos déanaí sna deich mbliana atá amach romhainn, agus bheadh tuairim agus trí bliana i gceist chun iad a thabhairt chun críche.
Idir an dá linn, cuirfear borradh suntasach faoi sheirbhísí iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Droichead Átha faoi 2026, nuair a chuirfear 65 charráiste nua DART ceallra-leictreacha i bhfeidhm. Cuirfear na traenacha nua DART ceallra-leictreacha sin in ionad na seirbhísí díosail atá ann cheana féin agus cuirfidh siad traenacha nua-aimseartha inbhuanaithe ar fáil do phobail ar feadh an bhealaigh. Is céim í an fhorbairt seo i dtreo thionscadal an Chósta Thuaidh, a bhfuil leictriú lastuas i gceist leis agus feabhsuithe eile maidir leis an líon áiteanna do phaisinéirí ar an mbealach. Mar shampla, nuair a chríochnófar DART+ an Chósta Thuaidh, ardófar an líon áiteanna do phaisinéirí idir Mullach Íde agus Droichead Átha ó thart ar 4,800 paisinéir ag taisteal sa treo is gnóthaí ag buaicuaireanta, go dtí 8,800 paisinéir. Is ardú 83% é sin.
Tá DART+ an Chósta Thuaidh á bhainistiú ag Iarnród Éireann (IÉ) agus á mhaoiniú ag an Roinn Iompair tríd an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA). Tá an tionscadal mar chuid den Chlár DART+ ar fiú na billiúin euro é agus a fhágfaidh an líonra iarnróid DART beagnach trí oiread níos faide ná mar atá sé inniu, is é sin síneadh ó 53km go 150km. Is éard atá i gceist leis an gClár DART+ ná an DART a leathnú ó thuaidh chomh fada le Droichead Átha, siar chomh fada le Maigh Nuad agus Bealach na Páirce M3, agus siar ó dheas chomh fada le Collchoill agus Cill Droichid. Spreagfaidh an Clár níos mó daoine chun taisteal go háisiúil agus go hinbhuanaithe ar iompar poiblí, agus méadú beagnach faoi dhó le teacht ar an líon daoine a chónaíonn laistigh de 1km ó stáisiún DART, ó thart ar 250,000 duine faoi láthair go dtí 600,000 duine amach anseo.
Dúirt an tAire Ryan:
“Le faomhadh an Rialtais do DART+an Chósta Thuaidh inniu, tá garsprioc eile bainte amach againn mar chuid dár nGealltanas chun bonneagar iompair phoiblí inbhuanaithe a fhorbairt do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre. Faoin gClár DART+, cuirfear leathnú mór ar sheirbhísí DART ar fud an réigiúin thoir, go háirithe sna taobhanna ó thuaidh, thiar agus thiar theas de Bhaile Átha Cliath. Faoi scéim an Chósta Thuaidh, feabhsófar naisc iarnróid le bailte agus pobail atá faoi bhláth agus ag méadú, cuir i gcás Baile Brigín, Baile Mhic Gormáin agus An Inse, ar an mbealach go Droichead Átha, baile bríomhar eile atá ag fás. Baineann sé seo le níos mó roghanna iompair a thabhairt do níos mó daoine, ionas gur féidir leo roghnú an carr a fhágáil sa bhaile níos minice. Beidh athruithe le feiceáil ag daoine go tapa, agus traenacha nua DART ceallra-leictreacha idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha le bheith i bhfeidhm faoi 2026, roimh an uasghrádú breise atá beartaithe trí bhíthin thionscadal an Chósta Thuaidh. Is mian linn Éire a chur ar an mbóthar ceart le haghaidh ré nua iarnróid. Cabhróidh DART+ linn é sin a bhaint amach.”
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Fearaim fáilte roimh fhaomhadh an Rialtais inniu don Chás Gnó Tosaigh do thionscadal DART+ an Chósta Thuaidh. Leis sin, beifear in ann leathnú suntasach a chur ar líonra iarnróid leictrithe an DART, agus seirbhís iompair phoiblí níos minice agus níos comhtháite a sholáthar do chomaitéirí agus do na húsáideoirí iarnróid uile i sráidbhailte, bailte agus pobail i mBaile Átha Cliath thuaidh, i gcontae na Mí, i gcontae Lú agus sna ceantair máguaird. Cuireann fógra an lae inniu leis an obair atá ar siúl cheana féin mar chuid de Chlár foriomlán níos leithne DART+ lena n-áirítear DART+ Thiar, lena gcuirfear feabhas mór ar sheirbhísí iarnróid agus ar mhinicíocht na dtraenacha idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus Maigh Nuad. Cuirfidh an infheistíocht shuntasach seo feabhas ar chaighdeán na beatha do theaghlaigh agus do líonta tí ar fud na bpobal sna criosanna comaitéireachta, tacóidh sí le gnólachtaí agus feabhsóidh sí nascacht.”
Seo an méid a dúirt Anne Graham, POF ar an Údarás Náisiúnta Iompair:
“Tá an tionscadal DART+ an Chósta Thuaidh ina bhunsprioc inghnóthaithe i Straitéis Iompair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus cuirfidh sé feabhas mór ar sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha. Rachaidh an tionscadal seo chun tairbhe do chomaitéirí a bhfuil cónaí orthu i gceantair atá ag fás, cuir i gcás Cluain Ghrífín agus Domhnach Bat agus beidh níos mó seirbhísí agus seirbhísí níos fearr acu dá bharr.”
Dúirt Jim Meade, POF Iarnród Éireann:
“Fearaimid fáilte roimh an gcinneadh seo ón Rialtas a léiríonn dul chun cinn soiléir maidir le cur i bhfeidhm an Chláir uaillmhianach DART+. Beidh tionchar tairbheach suntasach ag DART+ an Chósta Thuaidh ar chaighdeán na seirbhíse is féidir linn a sholáthar ar an mbealach, agus cuirfear méadú ar mhinicíocht, iontaofacht agus compord dár bpaisinéirí.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Clár DART+:
- Faoin gClár DART+, déanfar an líonra iarnróid DART leictrithe atá ann cheana féin beagnach trí oiread níos faide ná mar atá sé inniu, is é sin síneadh ó 53km go 150km agus cuirfear méadú faoi dhó ar an líon áiteanna do phaisinéirí chuig cathair Bhaile Átha Cliath agus uaithi, ó thart ar 26,000 paisinéir go 50,000 paisinéir gach bealach in aghaidh na huaire. Déanfaidh an clár soláthar d’athrú ó bhonn ar an líon daoine ar féidir leo leas a bhaint as iompar poiblí minic, ard-acmhainne agus inbhuanaithe i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus i réigiún an Oirthir, agus cuirfear méadú ar an líon daoine a chónaíonn laistigh de 1km ó stáisiún DART, ó thart ar 250,000 duine faoi láthair go dtí 600,000 duine amach anseo.
Tá cúig thionscadal idirghaolmhara sa Chlár DART+:
DART+ an Chósta Thuaidh:
- Is éard atá i gceist le tionscadal DART+ an Chósta Thuaidh ná síneadh a chur leis na sreanga leictreacha lastuas atá ar an líne iarnróid Thuaidh go Droichead Átha i gCo. Lú, mar aon le huasghráduithe eile ar an mbealach Thuaidh idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus Binn Éadair, Mullach Íde agus Droichead Átha. Freastalaíonn an bealach ar roinnt mhaith bailte agus pobal, a bhfuil fás mór ag teacht ar go leor díobh, lena n-áirítear Cluain Ghrífín, Domhnach Bat, Na Sceirí, Baile Brigín, An Inse agus Droichead Átha. Taispeántar bealach iomlán DART+ an Chósta Thuaidh thíos.
Is iad seo a leanas na príomhghnéithe bonneagair de thionscadal DART+ an Chósta Thuaidh:
- Déanfar soláthar leis an tionscadal do thraenacha DART leictrithe idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha agus d’fheabhsú ar na seirbhísí DART atá ann cheana féin idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus Binn Éadair/Mullach Íde. Leis an tionscadal, cuirfear ardú suntasach ar an líon áiteanna do phaisinéirí in aghaidh na huaire ag buaic-amanna agus ar an minicíocht ar an mbealach Thuaidh idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus Mullach Íde, Binn Éadair agus Droichead Átha. Ar an tionscadal a thabhairt chun críche, cuirfear ardú ar an líon áiteanna do phaisinéirí sa chuid den bhealach idir Mullach Íde agus Droichead Átha (mar chuid den tseirbhís idir cathair Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha) ó thart ar 4,800 paisinéir go dtí 8,800 paisinéir ag buaic-amanna/treo.
- Faoi na Treoirlínte maidir leis an mBonneagar, tá faomhadh an Rialtais ag teastáil le haghaidh tograí infheistíochta státchiste a bhfuil costas measta os cionn €200m orthu. Le cinneadh an lae inniu, tá faomhadh Geata Faofa 1 tugtha ag an Rialtas do thionscadal DART+ an Chósta Thuaidh de réir na dTreoirlínte. Ciallaíonn an faomhadh seo go gcuirfear an tionscadal ar aghaidh chuig céim na pleanála sa Bhord Pleanála, trí bhíthin iarratas ar Ordú Iarnróid faoi mhí Iúil.