Solúbthacht Bhreise in SCEP chun Cabhrú le Feirmeoirí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, solúbthacht bhreise inniu faoin gClár um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil (SCEP). Rinneadh é seo chun a chinntiú nach mbíonn rannpháirtithe SCEP, a bhíodh ag brath ar innéacsanna ICBF roimhe seo chun a chinntiú go raibh a n-ainmhithe ag cloí le SCEP, faoi mhíbhuntáiste ag na hathruithe innéacs ICBF le déanaí.
Faoi na socruithe nua, measfar go bhfuil tairbh, a bhí géinitíopaithe mar thairbh 4 nó 5 réalta i meastóireacht ICBF Mheán Fómhair 2023, nach meastar mar thairbh 4 nó 5 réalta a thuilleadh tar éis na n-athruithe innéacs ar an 28 Samhain 2023, incháilithe do SCEP i gcomhthéacs ghníomhaíocht 1 in SCEP (Tarbh Incháilithe). Éilíonn gníomhaíocht 1 de SCEP go nginfear 80% ar a laghad de na laonna ag tarbh 4 nó 5 réalta i mbliain 1 nó i mbliain 2 den chlár, céatadán a mhéadaíonn go 85% i mbliain 3 agus i mbliain 4 agus ansin go 90% faoi dheireadh an chláir.
Ina theannta sin, measfar go bhfuil baineannaigh, a bhí géinitíopaithe mar bhaineannaigh 4 nó 5 réalta i meastóireacht ICBF Mheán Fómhair 2023 agus a thit ina dhiaidh sin sa mheastóireacht ar an 28 Samhain 2023, incháilithe do SCEP faoi ghníomhaíocht 2 (straitéis athsholáthair baineannach). Éilítear leis sin go mbeidh 65% de líon tagartha bliantúil feirmeora géinitíopaithe mar bhaineannaigh 4 nó 5 réalta ar an innéacs athsholáthair ar an 31 Deireadh Fómhair 2025, céatadán a ardóidh go 75% ar an 31 Deireadh Fómhair 2027.
Tá sé seo sa bhreis ar athruithe a fógraíodh i mí Eanáir 2024. Rinneadh foráil leo sin go measfaí laonna baineanna a bheith “incháilithe do SCEP” dá mba rud é, i meastóireachtaí Mheán Fómhair 2023, go raibh an Mháthair de 3, 4 nó 5 réalta agus gur ghabh rátáil 4 nó 5 réalta ar an Innéacs athsholáthair leis an Athair, fiú mura mbeadh de thoradh ar mheastóireacht ina dhiaidh sin gur ghabh 4 nó 5 réalta leis an lao baineann aisti féin.
Níor tháinig aon athrú ar incháilitheacht laonna fireanna, sannfar a rátáil réalta dóibh sin bunaithe ar na hinnéacsanna i réim má dhéantar/nuair a dhéantar a ghéinitíopa a dhéanamh amach.
Agus é ag tagairt do na hathruithe, dúirt an tAire:
“Mar gheall ar an obair atá déanta ag feirmeoirí chun feabhas a chur ar fhiúntas géiniteach an tréada náisiúnta tá ár dtréad diúil chun tosaigh ar leibhéal domhanda. Táim fós tiomanta go hiomlán do thacú le feirmeoirí bó diúil agus brabúsacht agus inbhuanaitheacht a dtréad a fheabhsú le pórú níos fearr. Tuigim go bhfuil athruithe innéacs a cheadaigh bord ICBF le déanaí, lena n-áirítear na páirtithe leasmhara móra go léir, ina gcúis imní i measc roinnt feirmeoirí. D’éist mé go cúramach leis an aiseolas ó pháirtithe leasmhara. Táim sásta go dtugann an tsolúbthacht atá fógartha agam inniu, aghaidh ar ábhair imní faoi chomhlíonadh SCEP, gan an bonn a bhaint de chuspóirí na scéime.”
DEIREADH
Nótaí d’eagarthóirí
Cuireann an Clár um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil tacaíocht ar fáil d’fheirmeoirí chun inbhuanaitheacht chomhshaoil an tréada mairteola náisiúnta a fheabhsú. Tógann an clár ar na gnóthachain a soláthraíodh le blianta beaga anuas tríd an gClár Sonraí Mairteola agus Géanómaíochta, agus an Clár Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola trí fhiúntas géiniteach thréad bó diúil na hÉireann a fheabhsú.
Ciallaíonn an tsolúbthacht sin gur féidir tairbh, a bhí géinitíopaithe mar 4 nó 5 réalta i meastóireachtaí Mheán Fómhair 2023 a thit san athrú innéacs ICBF le déanaí ar na hinnéacsanna Athsholáthair agus Teirminéil araon, a úsáid fós chun an ceanglas faoi SCEP (Gníomhaíocht 1 Tarbh Incháilithe) a chomhlíonadh, is é sin nach mór do chéatadán áirithe laonna a bheirtear a bheith ginte ag tarbh 4 nó 5 réalta.
Meastar go bhfuil baineannaigh, a bhí géinitíopaithe mar 4 nó 5 réalta i meastóireacht Mheán Fómhair 2023 agus a thit ina dhiaidh sin ar an 28 Samhain 2023, incháilithe do SCEP. Tugann sé seo tuilleadh solúbthachta d’fheirmeoirí sa scéim.
I dtéarmaí praiticiúla tugann na solúbthachtaí seo deis d’fheirmeoir ainmhí incháilithe SCEP a cheannach ó thréad nach bhfuil mar chuid de SCEP agus cabhrú leo gníomhaíochtaí 1 nó 2 den scéim a chomhlíonadh, rud a chabhraíonn leis an bhfeirmeoir an scéim a chomhlíonadh agus a gcuid íocaíochtaí a chosaint.
Ba cheart d’fheirmeoirí leanúint de mhachnamh a dhéanamh ar na straitéisí pórúcháin iomchuí dá dtréad agus iad a choigeartú mar is gá agus an fhaisnéis eolaíoch is déanaí á cur san áireamh.
Le haghaidh fiosruithe maidir leis na hathruithe ar na hinnéacsanna, déan teagmháil le ICBF ar 023-8820452 nó dafmschemes@icbf.com . Le haghaidh ceisteanna maidir le SCEP, déan teagmháil le SCEP ag scep@agriculture.gov.ie .