Baintear sprioc nua amach sa Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona agus tús á chur leis an gclár taighde
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Glacann rannpháirtithe sa Scéim Phíolótach páirt i gclár taighde trí bliana
• Scrúdaítear sa scéim stairiúil tacaíocht d’ealaíontóirí agus cleachtas cruthaitheach
• Soláthrófar sa taighde léargas ar conas a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag soláthar bunioncaim ar ghnéithe de shaol agus de chleachtas ealaíontóra
Tar éis sé mhí den Scéim, baineadh sprioc thábhachtach amach sa Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona. Tosóidh rannpháirtithe anois ar an gclár taighde ina ndéanfar measúnú, thar shaolré trí bliana na Scéime, ar an tionchar a bheidh ag íocaíocht bhunioncaim d’ealaíontóirí, d’oibrithe ealaíon cruthaitheach agus d’earnáil na n-ealaíon. Eiseofar an chéad cheann i sraith de cheistneoirí sé mhí chuig gach rannpháirtí sa Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona sna seachtainí atá romhainn.
Tabharfar léargas luachmhar i mbailiú na sonraí seo ar conas a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag soláthar bunioncaim ar ghnéithe de shaol ealaíontóra nó oibrí ealaíon cruthaitheach, lena n-áirítear:
Tríd an méid a chuireann siad leis an taighde, thar shaolré trí bliana an chláir phíolótaigh, tá na rannpháirtithe ag cur bonn luachmhar fianaise ar fáil d’fhoireann taighde na Roinne maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an gclár píolótach. Ina theannta sin, tabharfaidh scála agus saibhreas an eolais atá á cur ar fáil ag rannpháirtithe léargas nach bhfacthas riamh cheana ar earnáil ealaíon na hÉireann ina hiomláine.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Creidim go mbeidh tionchar suntasach ag an Scéim agus ag an gclár taighde ar an mbealach a thacaíonn Éire le healaíontóirí amach anseo. Tá sé nuálaíoch ar leibhéal domhanda agus tá súil agam go leanfaidh tíortha eile ceannródaíocht na hÉireann. Tá a fhios go rímhaith ag rannpháirtithe na Scéime faoin nádúr neamhbhuan agus pá íseal a bhaineann le gairm sna healaíona agus is é an sprioc atá agam ná go mbainfidh an bunioncam an neamhchinnteacht sin agus ligfidh sé dóibh díriú ar chleachtas cruthaitheach”.
Tá sé i gceist suirbhé cuimsitheach a dhéanamh gach sé mhí, a ligfidh don fhoireann taighde freagraí a scrúdú agus a rianú thar thréimhse na scéime, agus freagraí uathu siúd atá ag fáil deontais na Scéime a chur i gcomparáid le freagraí ó ealaíontóirí eile atá ag glacadh páirte sa ghrúpa rialaithe.
Inniu (30 Márta, 2023) reáchtáil an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán seisiún faisnéise do rannpháirtithe sa chlár píolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona, atá beo ó Dheireadh Fómhair 2022 i leith.
Ag cruinniú ar líne ina raibh na rannpháirtithe in ann fanacht inaithnid, chuir an tAire fáilte roimh rannpháirtithe na Scéime, in aitheasc réamhthaifeadta. Chuir foireann taighde na Roinne breis sonraí ar fáil ansin faoi chlár uaillmhianach taighde na Scéime don 230 duine a bhí i láthair. Soláthrófar sa taighde seo léargas luachmhar ar conas a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag soláthar bunioncaim ar ghnéithe de shaol ealaíontóra nó oibrí ealaíon cruthaitheach, lena n-áirítear:
• Ioncam a thuilltear ó na healaíona agus ó earnálacha eile, chomh maith le hioncam teaghlaigh;
• Caiteachas pearsanta agus caiteachas cleachtais;
• Coinníollacha maireachtála agus oibre na rannpháirtithe;
• Nádúr cleachtas ealaíne nó cruthaitheach an rannpháirtí;
• Dearcadh na rannpháirtithe maidir lena bheith ag obair in earnáil na n-ealaíon;
• An t-am a chaitheann rannpháirtithe ar ghníomhaíochtaí éagsúla, agus cibé an bhfuil siad sásta leis an méid ama a chaitear ar na gníomhaíochtaí seo, agus;
• Sláinte, folláine agus sásamh saoil.
CRÍOCH