Bunaíonn an tAire Donnelly Grúpa Stiúrtha chun Polasaí Cúraim Mhaolaithigh nua do Dhaoine Fásta a fhorbairt.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá grúpa stiúrtha bunaithe ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, chun Polasaí cúraim Mhaolaithigh nua do Dhaoine Fásta a fhorbairt. Is í an tOllamh Karen Ryan a bheidh ina cathaoirleach air. Is Comhairleach cúraim mhaolaithigh í in Ospidéal an Mater agus in Ospís Phroinsias, agus tá sí ina hOllamh Cliniciúil .sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Tá 16 ball sa Ghrúpa Stiúrtha (chomh maith leis an gcathaoirleach) ina bhfuil gairmithe sláinte, ionadaithe othar, ionadaithe ó eagraíochtaí deonacha, lucht ardbhainistíochta ó FSS agus oifigigh shinsearacha ón roinn. Lena chois sin, beidh an Dr Bridget Johnson, ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath ag cuidiú chun an polasaí a dhréachtú agus taighde a dhéanamh air.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Ar go leor bealaí, ba pholasaí réabhlóideach é an polasaí 2001, ina raibh fís go mbeadh rochtain ag cách ar an gcúram maolitheach agus go mbeadh spiorad comhoibrithe idir seirbhísí reachtúla agus deonacha maidir le seirbhísí a sholáthar. Mar sin féin, tá réimsí ann fós nach mór iad a fheabhsú agus ní mór na hathruithe atá tarlaithe le 20 bliain anuas sa tsochaí Éireannach agus sa chúram sláinte a léiriú sa pholasaí nua.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Cathaoirleach an Ghrúpa Stiúrtha, an tOllamh Karen Ryan, agus le gach ball den ghrúpa stiúrtha a bhí sásta páirt a ghlacadh i bpíosa oibre chomh tábhachtach sin. Tá eolas suntasach agus saineolas ag an Ollamh Ryan ar an gcúram maolitheach a fheidhmeoidh mar threoir thar a bheith luachmhar don ghrúpa stiúrtha.”
Reáchtáladh an chéad chruinniú den ghrúpa stiúrtha ar Déardaoin 26 Bealtinae 2022 sa Roinn Sláinte. Cuirfidh an polasaí nua san áireamh an fhorbairt shuntasach agus an taighde ábhartha a rinneadh ó forbraíodh an polasaí deireanach, is é sin an tuarascáil ón mbliain 2001 a chuir an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Chúram Maolitheach le chéile. Táthar ag súil go bhfoilseofar an polasaí nua go luath sa bhliain 2023.
DEIREADH
Seo a leanas baill an Ghrúpa Stiúrtha:
Seo a leanas na téarmaí tagartha don ghrúpa stiúrtha: