An tAire Creed i mbun toscaireachta leis an dá chuideachta déiríochta is mó sa tSín
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu le foirne ceannaireachta feidhmiúcháin de chuid an dá chuideachta déiríochta is mó sa tSín, Yili agus Mengniu, in Hohhot, An Ion-Mhongóil.
Dúirt an tAire Creed:
"Tá clú ar an Ion-Mhongóil mar chroílár thionscadal déiríochta na Síne, bunaithe ar thraidisiún atá na mílte bliain d'aois. Trí chruinnithe an lae inniu cuireadh deis ar leith ar fáil chun teagmháil a dhéanamh leis na cuideachtaí domhanda seo ina ndúiche féin."
Ghlac an tAire Creed ceannaireacht ar thoscaireacht óna Roinn, ó Bord Bia agus ó Ambasáid na hÉireann, chomh maith le hionadaithe ó roinnt de na cuideachtaí déiríochta is tábhachtaí de chuid na hÉireann a bhfuil taithí shuntasach acu ar mhargadh na Síne - Kerry Group, Glanbia agus Dairygold:
"Léiríodh mar chuid d'imeachtaí an lae inniu sampla ar na buntáistí praiticiúla a bhaineann le Misean Trádála Aireachta. Le linn na gcainteanna a bhí ar bun againn díríodh ar an deis atá ann maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha idir ghnónna - chuaigh táirgí déiríochta na hÉireann - atá bunaithe ar na gnéithe is fearr den eolaíocht agus den dúlra, agus ina bhfuil díriú láidir ar chomhábhair agus réitigh shaincheaptha - i bhfeidhm go mór ar thionscal na Síne."
Is ionann tomhaltas táirgí déiríochta per capita sa tSín agus aon trian den mheán domhanda, agus aon leath den tomhaltas per capita san Áise ar an iomlán, ach tá sé sin ag dul i méid. Aithníodh deiseanna i réimsí éagsúla den mhargadh, ó tháirgí cáise do leanaí go dtí cothú speisialaithe do dhaoine aosta.
Dúirt Tara McCarthy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Bia:
"Tá an tSín aitheanta ag Bord Bia mar mhargadh tosaíochta i leith earnálacha déiríochta, mairteola agus bia mara na hÉireann. Agus cé go bhfuil láithreacht láidir againn sa mhargadh cheana féin, tá ríthábhacht ag baint le cruinnithe le ceannairí domhanda ar nós Yilli agus Mengniu agus muid ag féachaint le bonn custaiméirí a leathnú agus comhpháirtíocht a bhunú le roinnt de na cuideachtaí déiríochta is mó fáis ar domhan atá á lonnú féin san Áis níos mó ná mar a bhí roimhe seo."
CRÍOCH
Tá an tSín ar cheann de na trí cheann scríbe onnmhairíochta is mó atá ag Éirinn i leith táirgí déiríochta, agus b'ionann onnmhairí déiríochta chun na Síne agus breis is €540 milliún anuraidh.
Bileog Eolais DAFM maidir leis na tSín: https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/publications/2019/ChinaFactsheet150519.pdf
Grúpa Yili: www.yili.com
Mengniu: Mengniuir.com