Fógraíonn an tAire McConalogue Scéim chun cabhrú le feirmeoirí a chaill farae mar gheall ar thuilte eisceachtúla i gCalaí na Sionainne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., scéim inniu chun cabhrú le feirmeoirí a chaill farae mar gheall ar thuilte eisceachtúla i gCalaí na Sionainne.
Dúirt an tAire:
“Bhí tuilte eisceachtúla i gCalaí na Sionainne ag deireadh an tsamhraidh, rud a chuir bac ar fheirmeoirí dóthain féir / sadhlas a chaomhnú do mhíonna an gheimhridh amach romhainn. D'fhág sé seo feirmeoirí i gcruachás agus b'éigean dóibh farae breise a cheannach chun sláinte agus folláine ainmhithe a choinneáil i rith an gheimhridh.
Cabhróidh an scéim seo le feirmeoirí i gcruachás.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“I mbliana bhí báisteach thar a bheith trom sna míonna déanacha samhraidh sin atá ríthábhachtach chun sadhlas/féar a bhaint go rathúil sa limistéar íogair comhshaoil seo.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá maoiniú os cionn €800,000 á chur ar fáil agam d'fheirmeoirí atá buailte ag caillteanas farae mar gheall ar thuilte sa cheantar. Beidh mo Roinn i dteagmháil le feirmeoirí atá thíos leis go luath”.
Beidh an íocaíocht ag ráta €325 in aghaidh an heicteáir d'fheirmeoirí atá thíos le caillteanas farae agus íocfar ar a laghad heicteár amháin agus 15 heicteár ar a mhéad.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Déanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara teagmháil dhíreach le feirmeoirí atá buailte ag an tuile seo sna seachtainí amach romhainn chun iarratais ar chúnamh a fháil. Iarrfar ar fheirmeoirí a dheimhniú go bhfuil farae caillte acu mar thoradh ar na tuilte ollmhóra chun íocaíocht a fháil.