Seolann an tAire Ryan feachtas agus clár cistiúcháin nua le haghaidh rannpháirtíocht an phobail maidir leis an aeráid
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, feachtas agus ciste úrnua a sheoladh inniu le haghaidh rannpháirtíocht aeráide go sonrach chun tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do dhaoine chun labhairt faoi na gníomhartha ar son na haeráide ar féidir leo feabhas a chur ar a gceantar áitiúil agus chun na gníomhartha sin a dhéanamh.
Leis an bhfeachtas, dá ngairtear Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide, díreofar ar spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta agus cumarsáide maidir leis an aeráid. Cuirfear feachtas náisiúnta raidió, meán clóite agus meán sóisialta ar siúl freisin chun cur le gníomhartha ar son na haeráide atá ag tarlú cheana féin agus atá ag spreagadh níos mó daoine chun páirt a ghlacadh ann. Cuirfear an feachtas sin i bhfeidhm sna seachtainí atá le teacht, agus díriú ar leith á leagan ar na meáin áitiúla agus ar ghníomhartha áitiúla de réir mar a théann sé ar aghaidh.
Tá an ciste deartha mar chiste uathúil beagscála solúbtha ar féidir leis cabhrú le grúpaí pobail a chur in iúl cad atá ar bun acu nó cad a d’fhéadfadh a bheith ar bun acu. Agus stór tosaigh €1 mhilliún aige atá le dáileadh i mbliana agus an bhliain seo chugainn, tá sé de rún aige tacú leis na gníomhaíochtaí ríthábhachtacha nach gcistítear go minic. Áirítear leo sin imeachtaí a eagrú, tathant a dhéanamh ar son na haeráide, na meáin shóisialta, bileoga faisnéise agus ábhair faisnéise a fhorbairt, nó dul i gcomhpháirt nó obair i gcomhar le grúpaí eile chun tabhairt faoi thionscadail níos mó, mar shampla. Is é Fondúireacht Pobail d’Éirinn a riarfaidh an ciste. Mar chuid de mhisean na Fondúireachta go mbeadh Comhionannas ag Gach Duine i bPobail atá faoi Bhláth, tá sí ag cumhachtú grúpaí áitiúla, taighdeoirí agus tathantóirí chun dul i mbun gnímh maidir leis an aeráid agus leis an dúlra ón mbliain 2000 i leith. Tá obair na fondúireachta sa réimse sin bunaithe ar an taithí atá aici ar obair i gcomhpháirt le 5,000 ceann de ghrúpaí deonacha, pobail agus carthanúla mar mhol daonchairdiúil. Is líonra é sin a bhíonn ag fás.
Tháinig an ciste as an méid a d’fhoghlaim an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide óna cuid oibre le grúpaí pobail tríd an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide le blianta beaga anuas. Faigheann a lán grúpaí agus eagraíochtaí pobail tacaíocht trí oibrithe deonacha, ar gá dóibh go minic a gcuid oícheanta agus laethanta a thabhairt suas chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta agus cumarsáide. Tá sé de rún ag an gciste roinnt tacaíochta a thabhairt don obair iontach atá ar bun cheana féin agus rannpháirtíocht nua a spreagadh. Tá an ciste ceaptha go háirithe chun tacú le grúpaí obair i gcomhar le spriocphobail nár labhair riamh faoin athrú aeráide ná faoi na gníomhartha áitiúla is féidir leo a dhéanamh. Tabharfar tosaíocht do chistiú a sholáthar do thionscadail atá nuálach – agus iad ag baint triail as smaointe nua chun spriocphobail nua a shroicheadh.
De bhreis air sin, gheobhaidh an feachtas seo tacaíocht ó chlár cuimsitheach oiliúna agus ó fhoireann uirlisí lena dtacófar le grúpaí pobail agus iad i mbun a dtionscadail a fhorbairt agus a sholáthar. Beidh siad sin ar fáil d’aon duine ar spéis leis nó léi tuilleadh eolais a bheith aige nó aici ar conas labhairt faoi ghníomhú ar son na haeráide agus aird daoine a tharraingt ar an ábhar.
Ag seoladh an chiste dó le linn cuairt ar Bhaile Fiáin Bhaile Dúill, a bhuaigh Gradam Speisialta na mBailte Slachtmhara um Ghníomhú ar son na hAeráide sa bhliain 2023, dúirt an tAire Ryan:
"Is eol dúinn go bhfuil aird ag Éireannaigh ar an athrú aeráide, go bhfuil imní orthu faoina éifeachtaí ar a saol agus, rud tábhachtach, go gcreideann siad go n-éiríonn le gníomhartha ar son na haeráide. An rud a bhíonn doiligh go minic is ea labhairt faoi sin agus an teachtaireacht a scaipeadh ar bhealach lena spreagfar daoine eile chun páirt a ghlacadh ann. Leis an gciste seo, tacófar le pobail agus le heagraíochtaí teacht le chéile chun a phlé conas atá an t-athrú aeráide ag déanamh difear dóibh agus cé na gníomhartha is oiriúnaí is féidir leo a dhéanamh.
"Is é atá i mBaile Fiáin Bhaile Dúill ná sampla an-spreagúil den mhéid is féidir le pobal a bhaint amach nuair a thagann daoine le chéile agus nuair a labhraíonn siad faoin athrú aeráide ina bpobal agus faoin méid is féidir leo a dhéanamh chun dul i mbun gnímh. Le linn mo chuairte inniu, chonaic mé samplaí éagsúla de na dóigheanna ar féidir le pobal teacht aníos ó thús chun athruithe móra a dhéanamh. Thug Baile Fiáin Bhaile Dúill faoi thionscadail curtha crann, faoi thionscadail bhithéagsúlachta, faoi thionscadail cáilíochta uisce agus faoi thionscadail athchúrsála, i measc tionscadail eile, chun a phobal a dhéanamh níos athléimní in aghaidh an athraithe aeráide agus chun áit níos sláintiúla agus níos glaise le cónaí ann a dhéanamh de."
Tá an ciste ag fáiltiú roimh iarratais faoi thrí shnáithe:
1. Feasacht an Phobail
2. Rannpháirtíocht an Phobail, agus
3. Gníomhachtú Pobail
Tá deontais is fiú méideanna idir €2,500 agus €10,000 ar fáil faoi na snáitheanna difriúla.
Beifear ag glacadh le hiarratais ón 2 Meán Fómhair go dtí an 4 Deireadh Fómhair. Cuirfear na hiarratasóirí uile ar an eolas faoi thoradh na n-iarratas uathu faoi dheireadh mhí na Samhna.
Tá faisnéis ar fáil ag www.gov.ie/climateactionswork.
Níl sé de rún ag an gciste 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide' gníomhartha ar son na haeráide a dhéanamh iad féin, amhail grianphainéil nó racaí rothar a shuiteáil nó crainn nó plandaí a cheannach le haghaidh gairdín pobail. Tá éagsúlacht cistiúcháin i bhfeidhm cheana féin chun tacú leis an gcineál sin gníomhaithe áitiúil ar son na haeráide, lena n-áirítear an cistiú seo a leanas:
Is príomh-chomhpháirtithe i dtionscnaimh aeráide pobail a sholáthar iad údaráis áitiúla. D’fhorbair gach údarás áitiúil Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, ina sainaithnítear na bearta áitiúla um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide atá beartaithe agus atá ar siúl agus tá Oifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Comhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide i bhfeidhm i ngach údarás áitiúil chun tionscnaimh áitiúla a éascú agus a chothú.
De bhreis air sin, trína chlár um Chomhráite faoin Aeráid, bíonn an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide ag sainaithint bacainní ar ghníomhú áitiúil ar son na haeráide agus ag forbairt uirlisí chun gníomhaíochtaí rannpháirtíochta aeráide a mheas, a thomhas agus a chothú.
CRÍOCH
Is é is Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide ann ná clár náisiúnta rannpháirtíochta ar ghníomhú ar son na haeráide. Leis an gclár, cuirtear ar chumas daoine agus pobal ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh sa chomhrá ar an athrú aeráide. Áirítear leis an tionscadal ‘Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide’:
Leis an gclár, méadaítear an clár rannpháirtíochta atá ar bun le roinnt blianta anuas mar chuid den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus tógtar air. Chomh maith leis sin, baintear úsáid sa chlár as taighde a rinneadh faoin gcomhairliúchán Comhráite faoin Aeráid chun a shainaithint cé na príomhbhacainní ar ghníomhú ar son na haeráide i bpobail ar fud na hÉireann. Leis an gcur chuige fianaisebhunaithe sin, cinntítear go dtugtar aghaidh ar an litearthacht ar an aeráid, ar an oideachas ar an aeráid agus ar an bhfeasacht ar an aeráid leis na gníomhartha a dtugtar fúthu mar chuid den chlár.
Cuimsíonn an Clár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide leithdháileadh náisiúnta €24 mhilliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, mar aon le leithdháileadh €3 mhilliún ó Chiste an rialtais um Oileán Comhroinnte chun tacú le tionscnaimh thrasteorann agus uile-oileáin um ghníomhú pobail ar son na haeráide.
Faoin gclár suaitheanta cistiúcháin aeráide sin, a riarann údaráis áitiúla é, soláthraítear suimeanna is fiú suas le €100,000 do thionscadail mhóra áitiúla ar feadh tréimhse 18 mí.
Faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, ní mór d’údaráis áitiúla Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide a ullmhú. Beidh na pleananna sin ag teacht leis an bplean gníomhaithe náisiúnta ar son na haeráide is déanaí agus leis an gcreat náisiúnta oiriúnaithe is déanaí.
Imríonn údaráis áitiúla ról ríthábhachtach sa bheartas aeráide a chur ar aghaidh ar an leibhéal áitiúil. Leis na pleananna gníomhaithe ar son na haeráide uathu, cabhrófar le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, le hoiriúnú don athrú aeráide agus lena chinntiú go gcuirfear an beartas náisiúnta aeráide chun feidhme go héifeachtach ar an leibhéal áitiúil.
Leis an gciste náisiúnta, tá cistiú suas le €22.1 milliún á sholáthar idir na blianta 2020 agus 2024 chun tacú le raon éagsúil tionscadal lena rannchuidítear le hinbhuanaitheacht gheilleagrach, shóisialta agus comhshaoil réigiún an Aistrithe Chóir. Tá an ciste ag teacht chun deiridh i mbliana, agus tá formhór na dtionscadal dúnta nó chóir a bheith curtha i gcrích.
Le Clár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir 2021-2027, leantar de sholáthar a dhéanamh d’infheistíochtaí ab fhiú suas le €169 milliún le haghaidh aistriú geilleagrach réigiún an Láir Tíre suas go dtí an bhliain 2027. Áirítear leis an gclár trí thosaíocht chomhlántacha infheistíochta atá ceaptha chun feabhas a chur ar an ngeilleagar réigiúnach, chun aghaidh a thabhairt ar an díothacht atá ann cheana agus ar bhánú na tuaithe, agus chun an réigiún a chur ar an mbealach i dtreo geilleagar níos éagsúla agus níos athléimní a bhaint amach atá bunaithe ar aeráidneodracht.
Tá an rialtas ag gníomhú ar son na haeráide – an dúlra a chosaint, ullmhú do thionchair an athraithe aeráide, agus ár gcórais téimh, fuinnimh agus iompair a chlaochlú.
Leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ó Éirinn treochlár gníomhartha a leagan amach arb é an toradh deiridh a bheidh orthu ná sinn a stiúradh chun a cuspóirí náisiúnta aeráide a chomhlíonadh agus chun an t-aistriú chuig geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá aeráidneodrach a shaothrú agus a bhaint amach tráth nach déanaí ná deireadh na bliana 2050. Tá sé ag teacht leis na buiséid charbóin ar fud an gheilleagair agus leis na huasteorainneacha astaíochtaí earnála, ar nithe iad atá ina gceangal dlí agus ar chomhaontaigh an Rialtas iad i mí Iúil 2022. Léigh an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide is déanaí uainn.
Leis na Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide ó Éirinn, soláthraítear gníomhartha sonracha a dhéanfaidh ranna rialtais, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí poiblí ar fud earnálacha, mar aon le hamlíne le haghaidh gach gníomh ar leith a chur i gcrích.
Ullmhaíonn Roinn an Taoisigh Tuarascálacha Dul Chun Cinn ar na Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide, agus foilsítear iad gach ráithe chun an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an rialtas a rianú.
Tá tábhacht leis sin maidir le cuntasacht idir Pleananna bliantúla comhleantacha Gníomhaithe ar son na hAeráide. Léigh Tuarascálacha Dul Chun Cinn ar na Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide.
Glacfaidh an earnáil phoiblí ról lárnach maidir le cabhrú le spriocanna aeráide na tíre a bhaint amach tar éis don Chomh-Aireacht an Sainordú Earnála Poiblí um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 a cheadú.
D’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Straitéis Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide 2023-2025 i gcomhar le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, le ranna agus le gníomhaireachtaí Stáit freisin. Is é aidhm na straitéise an earnáil phoiblí a chur ar chonair shoiléir i dtreo laghdú 51% ar a laghad in astaíochtaí gás ceaptha teasa agus méadú 50% in éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach faoin mbliain 2030.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Sainordú Earnála Poiblí um Ghníomhú ar son na hAeráide agus faoin Straitéis Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide 2023-2025, téigh chuig Gníomhú na hEarnála Poiblí ar son na hAeráide .