Dhá chomhalta nua ceaptha go Fís Éireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., inniu go gceapfar dhá chomhalta nua go Bord Fís Éireann / Screen Ireland.
Is iad na ceapaithe nua ná:
• Róisín Henehan
• An Dr Ciarán O'Carroll
Agus í ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Róisín agus Ciarán as aontú a bheith ina gcomhaltaí de Bhord Fís Éireann. Déanfaidh a dtaithí agus scileanna leathana tairbhe do Fís Éireann agus a hobair leanúnach sna blianta amach romhainn. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach Comhalta Boird as a n-am agus a saineolas a chur ar fáil ar son fhorbairt na hearnála closamhairc.”
Rinneadh na ceapacháin seo i ndiaidh comórtais oscailte a bhí á fheidhmiú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Nótaí don Eagarthóir:
Is céimí de Scoil Ghnó Uí Chuinn agus comhalta d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn í Róisín Henehan. D’obair Róisín mar chomhairleoir proifisiúnta, le saineolas ar Alt 481, ar feadh níos mó ná deich mbliana agus luaitear í sna creidiúintí i níos mó ná 100 tionscadal scannánaíochta, teilifíse agus beochana.
In 2015, ceapadh í mar chomhalta boird Mná sa Scannánaíocht agus Teilifís Éireann, eagraíocht inar fheidhmigh sí mar chisteoir agus rúnaí freisin go dtí 2019.
In 2019, bhog sí go dtí an earnáil phoiblí agus ról á ghlacadh aici mar Phríomhoifigeach Airgeadais agus Rúnaí Boird na Gníomhaireachta Forbartha don Mhol Digiteach.
Tá sí anois ag tabhairt faoi ról nua mar Phríomhoifigeach Airgeadais na Gníomhaireachta Forbartha Talún.
Is saineolaí céimiúil Aeráide & Aistrithe Inbhuanaithe é an Dr. Ciarán O’Carroll a bhfuil cáil ar a chúlra fairsing sa chomhairleoireacht inbhuanaitheachta agus sa tsaol acadúil. Tá tiomantas daingean don inbhuanaitheacht léirithe aige le linn a ghairme, agus tá go leor déanta aige d’eagraíochtaí móra cosúil le L’Oreal, PwC Ireland agus Change by Degrees.
Tá go leor oibre thábhachtaigh déanta aige i leith straitéisí inbhuanaitheachta a chruthú, anailísí riosca aeráide a dhéanamh, agus tionscnaimh éagsúlachta agus ionchuimsithe a chur chun cinn.
Léiríonn a ról mar Léachtóir sa Cheannaireacht Inbhuanaitheachta in OT Bhaile Átha Cliath a thiomantas d’eolas agus scileanna a chothú i measc ceannairí inbhuanaitheachta an lae amárach.