Fógraíonn McConalogue go bhfuiltear chun cosc a chur ar úsáid coiléar cianrialaithe ar mhadraí agus ar chait, coiléir a thugann turraing leictreonach dóibh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., go bhfuil cinneadh déanta aige cosc a chur ar úsáid coiléar turrainge leictreonaí á n-oibriú ag cianrialtáin láimhe ar mhadraí agus ar chait.
Dúirt an tAire:
“Is comrádaithe iad madraí agus cait a bhfuil an-chion againn orthu in Éirinn, agus ní bealach deas iad na coiléir turrainge leictreonaí atá á rialú go cianda agus á n-oibriú de láimh chun caitheamh leo. Tá aird tarraingthe ag cuid mhaith eagraíochtaí agus daoine ar na fadhbanna leasa a chruthaítear leis na coiléir sin. Thug an Chomhairle Chomhairleach maidir le Leas Ainmhithe Coimhdeacha, a bhunaigh mé in 2021, comhairle dom freisin maidir leis an gceist seo agus bunaithe ar an gcomhairle sin, tabharfaidh mé Rialachán isteach faoi cheann roinnt míonna chun cosc a chur ar a n-úsáid.”
Dúirt an tAire, agus é ag tagairt don chomhairliúchán poiblí ar an tsaincheist le déanaí:
“Cé go gcreidim nár cheart na fearais seo a úsáid ar mhadraí agus ar chait ar chúiseanna leasa, d’éist mé go cúramach leo siúd a raibh imní orthu faoi chosc a thabhairt isteach. Aithním gur léirigh roinnt den líon beag úinéirí madraí, a úsáideann na coiléir thurrainge seo i láthair na huaire, imní nach mbeidh siad in ann smacht a chur ar a gcuid madraí má stopann siad á n-úsáid. Ar an gcúis sin, tá sé i gceist agam cead a thabhairt do na daoine sin a úsáideann coiléir thurrainge ar a gcuid madraí faoi láthair leanúint á dhéanamh sin, ach i gcás na madraí sin amháin. Cuirfidh mo chuid oifigeach próiseas ar bun trína mbeidh an t-úinéir in ann aitheantas an mhadra a chlárú le mo Roinn, agus lena dtabharfar díolúine don mhadra sin ó na rialacha nua. Tabharfaidh an cosc sin cosaint ansin do choileáin agus do mhadraí nár úsáideadh coiléir thurrainge orthu roimhe sin. Ar an mbealach sin, táim ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir na buntáistí dearfacha do leas ainmhithe agus an tacaíocht láidir atá sa phobal do chosc agus an imní atá ar roinnt bheag úinéirí anois a chreideann go gcaithfidh siad leanúint á n-úsáid ar a gcuid madraí.”
D’aithin an tAire freisin an imní a léirigh eagraíochtaí feirme go sonrach maidir le hionsaithe a dhéanann madraí ar chaoirigh agus dúirt:
“Táim ag iarraidh an deis seo a thapú chun a áitiú ar gach úinéir madra a gcuid madraí a choinneáil faoi smacht má bhíonn siad gar do bheostoc, go háirithe caoirigh. Tuigim an imní atá ar eagraíochtaí feirme faoi ionsuithe a dhéanann madraí ar chaoirigh agus an slad a chruthaítear dá mbarr. Sin ceann de na cúiseanna ar fhoilsigh mo Roinn bileog threorach nuashonraithe le déanaí maidir le húinéireacht fhreagrach madraí, mar chuid de chomhthionscnamh le hoifigigh an Aire Humphrey sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.”
“Seo ceann de na gníomhartha a mhol an Mheitheal Oibre um Rialú Madraí, a bhunaigh mé go luath in 2023 ar iarraidh ón Taoiseach ag an am mar fhreagra ar imní a bhí ag dul i méid faoi ionsuithe a bhí á ndéanamh ag madraí ar dhaoine agus ar bheostoc. Ní mór d’úinéirí madraí a bheith freagrach amuigh faoin tuath agus níor cheart dóibh a gcuid madraí a thabhairt amach ag siúl ar thalamh feirme mura bhfuil cead soiléir acu ón bhfeirmeoir. Is ceanglas dlíthiúil é go mbeadh úinéir in éineacht le madra agus go gcoinneofaí faoi smacht iad. I gcás madraí atá ar an liosta de phórtha rialaithe (nó crosphóraithe díobh), ní mór iad sin a choimeád ar iall ghearr agus béalóg a bheith orthu in áiteanna poiblí.”
Lean an tAire McConalogue ar aghaidh;
“Níor cheart d’úinéir madra ar bith caoirigh a chur i mbaol riamh trí bheith mífhreagrach nó trína madra a thabhairt ag siúl gan iall a bheith orthu agus ar bhealach a chuireann brú agus eagla ar ainmhí eile, fiú mura ndéantar ionsaí fisiciúil ar na caoirigh deirim le húinéirí madraí: bíodh bhur gcuid madraí ar iall agaibh i gcónaí má bhíonn caoirigh in aice láimhe.”
“Níos túisce an mhí seo, sheol mé féin, in éineacht le mo chomhghleacaí, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys T.D, feachtas mór feasachta náisiúnta chun a gcuid freagrachtaí a mheabhrú d’úinéirí madraí. Is é ‘Níl an locht ar do mhadra, tá an locht ortsa’ is teideal don fheachtas i nGaeilge, agus é dírithe ar fheasacht a mhéadú maidir leis an dochar atá madraí nach bhfuil faoi smacht in ann a dhéanamh do dhaoine agus do bheostoc. Is é an sprioc iompar daoine a athrú agus a mheabhrú d’úinéirí nach mór dóibh a madra a bheith faoi smacht acu i gcónaí.”
Agus béim aige ar an tábhacht atá le leas ainmhithe, dúirt an tAire:
“Is tosaíocht é leas ainmhithe domsa agus don Rialtas. Sheol mé clár deontas leasa ainmhithe bliantúil mo Roinne an tseachtain seo caite, trína sholáthair mé €6 mhilliún do 101 carthanas ainmhithe i mí na Nollag 2023. I mí Mheán Fómhair seo caite, thug mé dlíthe nua, neartaithe isteach chun deireadh a chur leis an gcleachtas cruálach ina mbearrtar cluasa madra. Táim ag iarraidh a chur i dtábhacht arís an tábhacht atá le húinéireacht fhreagrach peataí agus aithním na hiarrachtaí atá ar bun acu siúd go léir a oibríonn chun leas ainmhithe a chosaint ar fud na hÉireann.”
Ní bhaineann an togra seo ach amháin le húsáid coiléar turrainge leictreonaí arna n-oibriú ag cianrialtáin láimhe. Ní bhaineann sé le coiléir a stopann an madra ag tafann nó le coiléir a cheanglaítear le ballaí teorann nó le fálú cianda chun ainmhithe eile a smachtú.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Leis an Rialachán atá beartaithe cuirfear cosc ar úsáid coiléar turrainge leictreonaí arna n-oibriú ag cianrialtán láimhe ar mhadraí agus ar chait. Beidh foráil sa Rialachán maidir leo siúd atá ag úsáid na gcoiléar turrainge seo faoi láthair ar a gcuid madraí chun clárú leis an Roinn, chun ID micrishlise a madra agus uimhir cheadúnais a madra a thabhairt, agus leanúint ag úsáid na gcoiléar fad is a mhairfidh an madra sin. Cuirfear an próiseas clárúcháin sin i gcrích taobh istigh de thrí mhí ón dáta a thabharfar an Rialachán isteach. Beidh foráil sa Rialachán freisin le haghaidh díolúintí ina gceadófar na fearais sin a úsáid ar mhadraí atá bodhar. Tugtar aghaidh leo sin ar phointí a ardaíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí.