Aitheasc tugtha ag an Aire Sláinte do Chomhthionól Domhanda Sláinte na hEagraíochta Sláinte Domhanda (WHO) sa Ghinéiv
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
** *Cruinniú déthaobhach á thionól ag Stephen Donnelly le hArd-Stiúrthóir an WHO**
** *Pléadh an ullmhacht roimh phaindéim, oibrithe cúraim sláinte agus an lipéadú alcóil**
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly ag tabhairt ceannaireacht do thoscaireacht na hÉireann chuig Tionól Sláinte Domhanda bliantúil na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) atá á thionól ón 21 go dtí an 30 Bealtaine 2023 sa Ghinéiv.
Inniu, bhuail an tAire Donnelly le hArd-Stiúrthóir an WHO, an Dr Tedros Adhanom Ghebreyesus, sular thug sé ráiteas náisiúnta na hÉireann don Tionól:
Dúirt an tAire Donnelly:
“Táimid in Éirinn ag leanúint linn a thacú le hobair riachtanach an WHO agus lena ról lárnach san ailtireacht dhomhanda sláinte.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don rannchuidiú as cuimse atá déanta ag ár n-oibrithe cúraim sláinte, go háirithe le linn na mblianta deacra a bhí againn le déanaí. Is ionann iad agus croílár ár seirbhísí sláinte.”
Agus é ag díriú ar an obair ríthábhachtach a dhéanann an WHO le linn éigeandálaí, d’athdhearbhaigh an tAire Donnelly an cáineadh atá déata ag Rialtas na hÉireann as an gcogadh ionsaitheach atá déanta ag an Rúis san Úcráin lena n-áirítear ionsaithe ar shaoráidí cúraim sláinte arna ndoiciméadú.
Lean an tAire Donnelly leis, ag rá:
“Iarraimid go gcuirfear deireadh le gach ionsaí ar shaoráidí cúraim sláinte agus go ndéanfaí oibrithe cúraim sláinte ar fud an domhain a chosaint.”
Chomh maith leis sin chuir an tAire Donnelly fáilte roimh an obair atá ar bun chun comhaontú idirnáisiúnta nua a fhorbairt maidir le Cosc, Ullmhacht agus Freagairt i ndáil le Paindéimí, agus chun na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta a leasú freisin.
Le linn an t-am atá á chaitheamh aige ag ceanncheathrú an WHO, tá an tAire Donnelly ag dul i dteagmháil le ceannairí sláinte sinsearacha agus le comhghleacaithe aireachta chun labhairt faoi rannpháirtíocht mhéadaithe na hÉireann leis an WHO agus chun dhúshláin sláinte phoiblí chomhchoitinn a phlé.
Is é seo an chéad idirtheagmháil idirnáisiúnta atá ag an Aire ón am ar síníodh na Rialacháin Sláinte Poiblí (Alcól) (Lipéadú), 2023 i ndlí náisiúnta na hÉireann agus na forálacha eile in Alt 12 den Acht Sláinte Poiblí (Alcól) freisin.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is í Éire an chéad tír ar domhan a thug isteach lipéadú cuimsitheach sláinte ar tháirgí alcóil agus tá fonn orm an taithí atá againn ina leith a roinnt le tíortha eile.”
Tá an tAire Donnelly ag bualadh le Stiúrthóir Réigiúnach an WHO don Eoraip, an Dr Hans Kluge, le Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chlár Éigeandálaí Sláinte an WHO, an Dr Mike Ryan, agus le hoifigigh shinsearacha eile de chuid an WHO. Tá cruinnithe déthaobhacha socruithe ag an Aire Donnelly freisin le hAire Meabhairshláinte agus Andúile Cheanada agus leis an Aire Comhlach Sláinte, an Dr Carolyn Bennett, le hAire Sláinte agus Seirbhísí Cúraim na hIorua, Ingvild Kjerkol, agus le hAire Stáit na Ríochta Aontaithe ag an Roinn Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, Will Quince.