Buaileann an tAire Humphreys le grúpaí míchumais agus foilsíonn sí Páipéar Uaine ar Athchóiriú na nÍocaíochtaí Míchumais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, le grúpaí míchumais inniu agus d’fhoilsigh sí Páipéar Uaine ar athchóiriú ar Íocaíochtaí Míchumais.
Beidh na dréacht-mholtaí maidir le hathchóiriú na n-íocaíochtaí míchumais faoi réir comhairliúchán poiblí a bheidh ar siúl go dtí deireadh na bliana.
Chuala páirtithe leasmhara inniu gur pointe tosaigh iad na tograí le haghaidh plé ar conas is féidir athchóirithe struchtúracha fadtéarmacha a sheachadadh a rachaidh chun tairbhe do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Déanann an Páipéar Uaine trí phríomh-mholadh:
1) Íocaíocht Tacaíochta Pearsanta Trí Leibhéal a thabhairt isteach mar a leanas:
2. Tacaíochtaí nua san áit oibre a thabhairt isteach
Cuirfear múnla íocaíochta aois oibre in ionad na gcóras neamhairde reatha. Chruthódh sé seo nasc níos mó idir íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus tuilleamh fostaíochta chun a chinntiú go mbeadh méadú ar ioncam duine nuair a ghlacann siad obair bhreise chucu féin.
3. Aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí incháilitheachta
Tá sé beartaithe sa pháipéar critéir leighis agus aoise na híocaíochta ranníocaíoch agus neamhranníocach nua a aontú. Cháileodh daoine don íocaíocht bunaithe ar ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh nó ar thástáil acmhainne.
Tá sé beartaithe an aois cháilitheach don Liúntas Míchumais a ardú go 18 chun é a thabhairt ar aon dul leis na híocaíochtaí míchumais eile. Ar aon dul leis seo, tá sé beartaithe freisin íocaíocht an Liúntais Chúraim Bhaile a leathnú go dtí 18 bliana d’aois.
Ag labhairt di ag cruinniú na bpáirtithe leasmhara inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Ó ceapadh mé mar Aire Coimirce Sóisialaí, tá iarracht déanta agam béim níos láidre a chur ar thacú le daoine faoi mhíchumas.
“Sholáthraíomar Deontas Tacaíochta Míchumais €500 i mbuiséad na bliana seo caite, thugamar isteach athruithe suntasacha ar neamhaird ioncaim, chuireamar feabhas ar an gCiste um Chóiríocht Réasúnta agus táimid ag rolladh amach Clár Cumas Oibre nua chun tacú le agus cabhrú le daoine faoi mhíchumas teacht isteach san fhórsa saothair.
“Is pointe tosaigh é foilsiú an Pháipéir Uaine seo, mar aon le seoladh an chomhairliúcháin phoiblí seo, chun athchóirithe struchtúracha níos fadtéarmaí a sholáthar ar an gcóras.
“Is dréacht-mholtaí na moltaí atá sa pháipéar thar aon rud eile, atá ceaptha chun plé, díospóireacht agus moltaí a spreagadh.
“Mairfidh an comhairliúchán go dtí an 15ú Nollaig agus táim ag spreagadh na bpáirtithe leasmhara go léir a dtuairimí a chur in iúl.”
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Tuigim nach mbeidh fostaíocht mar rogha do dhaoine áirithe atá faoi mhíchumas. I gcás na ndaoine seo b’fhéidir gurb í a n-íocaíocht leasa shóisialaigh an t-aon fhoinse ioncaim atá acu. Caithfimid iad a chosaint ón mbochtaineacht.
“Agus do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo obair a dhéanamh, teastaíonn tacaíochtaí fostaíochta níos spriocdhírithe uainn. Tá a fhios againn go bhfuil Éire faoi mheánráta fostaíochta an AE do dhaoine faoi mhíchumas agus mar sin ní mór dúinn níos mó a dhéanamh.
“Tá moltaí an Pháipéir Uaine seo bunaithe ar thaighde fairsing agus ar mholtaí ó thuarascálacha agus straitéisí roimhe seo, lena n-áirítear an tuarascáil ar Chostas Míchumais.
“Ach níl mé ceangailte leis na moltaí seo, is pointe tosaigh iad don phlé. Is í an aidhm dheiridh atá agam ná ár gcóras casta tacaíochtaí ioncaim agus fostaíochta a fheabhsú ionas go n-oibreoidh siad níos fearr do dhaoine faoi mhíchumas.
“Táim tiomanta don chomhairliúchán poiblí seo a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir do dhaoine faoi mhíchumas, dá n-eagraíochtaí ionadaíocha agus do pháirtithe leasmhara eile. Táim ag tnúth le do thuairimí a chloisteáil agus bualadh libh ag tuilleadh imeachtaí comhairliúcháin poiblí sna míonna amach romhainn.”
Tá achoimre den Pháipéar Uaine seo ar fáil i bhformáid Éasca le Léamh agus i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) ar líne agus tá sé ar fáil i mBraille ach é a iarraidh. Tá imeacht comhairliúcháin phoiblí hibrideach (go pearsanta agus ar líne) á phleanáil níos déanaí i mbliana. Ina theannta sin, féadfar imeachtaí réigiúnacha a reáchtáil i mí na Samhna, faoi réir éilimh. Féadfaidh daoine aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn, trí fhíseán nó trí imeacht comhairliúcháin. Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas comhairliúcháin ar fáil ag www.gov.ie/DisabilityPaymentsReform
Nótaí do na hEagarthóirí:
Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí tacaíochtaí ioncaim agus fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas i bhfoirm íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh agus árachais shóisialaigh. Déantar tástáil acmhainne ar íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh, arna maoiniú ag an Státchiste. Bunaítear íocaíochtaí árachais shóisialaigh ar thaifead ranníocaíochta duine agus maoiníonn an Ciste Árachais Shóisialaigh iad. Is éard atá sa chóras tacaíochtaí reatha:
- Liúntas Míchumais (cúnamh sóisialta);
- Pinsean Easláine (árachas sóisialta);
- Sochar Cumais Pháirtigh (árachas sóisialta).
Chomh maith leis sin, molann an páipéar síneadh a chur leis an scéim Liúntas Cúraim Bhaile. Íoctar é seo le tuismitheoir nó caomhnóir linbh a bhfuil cúram agus aire leanúnach de dhíth air atá go mór sa bhreis ar an gcúram agus ar an aire a theastaíonn de ghnáth ó leanbh den aois chéanna.
Tabhair cuairt ar www.gov.ie/DisabilityPaymentsReform, le do thoil, chun an páipéar iomlán a léamh agus chun níos mó sonraí a fháil ar conas freastal ar imeacht comhairliúcháin nó aighneacht a dhéanamh.