Fógraíonn an tAire McConalogue íocaíochtaí €10 milliún d’fheirmeoirí curaíochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirtear tús le híocaíochtaí le haghaidh barr Próitéine agus don Bheart Corpraithe Tuí
Inniu d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin Scéim Chúnaimh Phróitéine, faoin Scéim Próitéine/Arbhair Measctha agus faoin mBeart Corpraithe Tuí (BCT).
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil na híocaíochtaí tábhachtacha seo á n-íoc anois d’fheirmeoirí curaíochta. Faoin BCT, íocfar os cionn €10.6 milliún le thart ar 2,400 feirmeoir curaíochta. Is méadú é seo ar an méid a íocadh ag an am seo sa bhliain 2022 – íocadh beagnach €8 milliún le 1,800 feirmeoir curaíochta.Toisc gur éirigh chomh maith leis ó tugadh isteach é, tá sé beartaithe agam go n-áireofar an Beart Corpraithe Tuí i bPlean Straitéiseach CBT na hÉireann, agus reáchtálfar an scéim go bliantúil idir 2023-2027. Leis seo treisítear an tiomantas fadtéarmach atá agamsa agus ag an Rialtas maidir leis an earnáil curaíochta in Éirinn.”
Dúirt an tAire freisin,
“Is cúis áthais dom freisin a fhógairt go bhfuil tús curtha, faoin scéim tacaíochta Cúnamh Próitéine le híocaíochtaí, ar fiú níos mó ná €3.2 milliún iad, a thabhairt do 1,000 feirmeoir. I Márta 2022, de bharr an chogaidh san Úcráin tá íocaíocht €300 in aghaidh an heicteáir geallta agam do na barra próitéine. Ina theannta sin, tá an Scéim Próitéine/Arbhair Measctha curtha i bhfeidhm agam chun tacú le feirmeoirí atá ag saothrú barra measctha.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,
“Tá an-tóir ag feirmeoirí curaíochta ar an dá scéim sa bhliain 2022, agus ag an am céanna, cuireann siad le inmharthanacht fhadtéarmach na hearnála curaíochta. Sa bhliain 2023, tá buiséad de €10 milliún don Bheart Corpraithe Tuí curtha ar fáil agam agus mhéadaigh mé faoi dhó an buiséad bliantúil don Chúnamh Próitéine ó €3 milliún go dtí €7 milliún faoin bPlean Straitéiseach CBT.”
Beidh na híocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirneoirí sna laethanta atá le teacht.
Nóta d’Eagarthóirí
Beart Corpraithe Tuí (BCT)
• Is beart tacaíochta é an Beart Corpraithe Tuí (BCT) d’fheirmeoirí curaíochta faoi Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimhir 1305/2013 Parlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar 17 Nollaig 2013 (beart agra-chomhshaoil-aeráide), mar chuid de Chlár na hÉireann um Forbairt Tuaithe.
• Is faoin gciste Ionstraim Téarnamh don Aontas Eorpach a mhaoinítear an Beart seo.
• Is í aidhm an Bhirt ná feirmeoirí curaíochta a spreagadh leibhéil den charbón orgánach san ithir a mhéadú tríd an tuí a thagann ó bharra arbhair agus olshíl a ghearradh agus a chorprú isteach ann. Leis seo, leithliseofar carbon in ithreacha curaíochta agus laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Beidh dea-thionchar aige freisin bhitheolaíocht na hithreach agus ar an méid ar féidir a dhéanamh leis an ithir. Dá réir sin, cuirear le hinbhuanaitheacht na hearnála curaíochta.
• Gheobhaidh feirmeoirí a bhfuil glacadh acu go ngearrfaidh siad agus go hionchorpróidh siad tuí ó bharra arbhair (cruithneacht, coerce, eorna agus Seagal) €250 in aghaidh an heicteáir, agus íocfar €150 in aghaidh an heicteáir do bharra olashíl.
Tacaíochta Prótéine
• Is scéim dheonach í an Scéim Chúnaimh Próitéine atá á maoiniú ag an AE faoi Airteagal 52 de Rialachán AE 1307/2013. Tugadh isteach í sa bhliain 2015 chun tacú le barra próitéine agus chun gníomhú in aghaidh an spleáchais ar phróitéin a iomportáil agus í a úsáid i mbia d’ainmhithe.
• Áirítear na 3 rud a leanas sna tacaíochtaí do bharra próitéine:
1. An Scéim Chúnaimh Próitéine arna maoiniú ag an AE (€2.8 milliún)
2. An chuid den Scéim Chúnaimh Próitéine atá á maoiniú go náisiúnta (€284,000)
3. An Scéim Próitéine/Arbhair Measctha arna maoiniú go náisiúnta (€112,000)
• Íocadh ráta €300/heicteáir do phónairí, do phiseanna agus do lúipíní faoi Scéim an AE Cúnamh Próitéine (€270/heicteáir faoi Chúnamh Próitéine agus €30/heicteáir faoin scéime náisiúnta Cúnamh Próitéine. Íocadh €150 in aghaidh an heicteáir do bharra Próitéine/Arbhair Measctha.